Fáilte chuig Disciplín na Seandálaíochta

Is éard atá i gceist le seandálaíocht staidéar ar an gcaoi a bhfuil daoine goite in oiriúint do gach cineál timpeallachta agus cúinse cúltúrtha is féidir a shamhlú, mar a ndeachaigh daoine éagsúla i ngleic le dúshláin chomh bunúsach le maireachtáil agus chomh teibí le mistéirí an chosmais – baineann an tseandálaíocht le tuiscint a fháil ar na fórsaí a raibh tionchar acu ar shibhialtacht dhaonna ar fud an domhain, agus conas mar atá an scéal seo ábhartha sa lá atá inniu ann.

Tá Seandálaíocht in Ollscoil na Gaillimhe meáite ar ardchaighdeán oideachais a chur ar fáil i dtimpeallacht atá dírithe ar mhic léinn; oideachas atá bunaithe ar thaighde nuálach agus a bhfuil bunús láidir eiticiúil faoi.  Oibrímid le leasa pobail áitiúil sa tseandálaíocht agus táimid go mór ar son chosaint na hoidhreachta. Tá taighde na foirne agus na gcéimithe nuálaíoch agus ceannródaíoch, agus tá an ráta is airde againn maidir le scoláireachtaí na Comhairle um Thaighde in Éirinn a bhaint amach. Táimid ar thús cadhnaíochta i seandálaíocht na hÉireann, bíonn ár gcéimithe ar ardchaighdeán agus éiríonn go maith leo i réimse iomlán na gairme oidhreachta in Éirinn agus thar lear.

Cuireann muid cláir BA, Dioplóma, MA, MLitt agus PhD ar fáil, agus seasann an disciplín amach mar gheall ar an gcur chuige dírithe ar mhic léinn a ghlactar i leith teagaisc agus meantóireachta sa seomra ranga, sa tsaotharlann agus allamuigh. 


QS Ranking Logo

Déan staidéar i roinn den chéad scoth, rangaithe sna 200 roinn Seandálaíochta is fearr ar domhan 

Ceisteanna coitianta na mac léinn

‌Eolas teagmhála

Disciplín na Seandálaíochta 

Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus an Léinn Éireannaigh,
Ollscoil na Gaillimhe,
Bóthar na hOllscoile,
Gaillimh,
Éire,
H91 TK33.

Teileafón: +353 (0)91 492167; Facs: +353 (0)91 525700
Ríomhphost: fiona.mcinerney@nuigalway.ie

Archaeology - NUI Galway campus map