-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
- Foghlaim agus Forbairt Ghairmiúil d’Aosaigh
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Teagasc & Foghlaim
Straitéisí agus Polasaithe
Gabhann fealsúnacht agus cur chuige na hOllscoile maidir le dearadh cúrsaí, teagasc agus tacaíocht foghlama le Straitéis Foghlama, Teagaisc & Measúnaithe na hinstitiúide. Tá an Straitéis seo faofa ag an gComhairle Acadúil agus ba cheart go gcomhlíonfadh gach cúrsa agus cleachtais a gcuid riachtanas.
Dearadh & Bainistiú Cúrsaí & Modúil
Soláthraíonn an Straitéis Foghlama, Teagaisc & Measúnaithe an creat uileghabhálach maidir le cúrsaí agus modúil a dhearadh agus a fheidhmiú (treisithe ag rialacháin na hOllscoile maidir le struchtúir céime, scrúduithe, etc.). Tá roinnt cáipéisí agus tacaíochtaí breise ar fáil anseo freisin a sholáthraíonn faisnéis agus treoir níos mionsonraithe.
- Próiseas Bologna
- Torthaí Foghlama
- Measúnú
- Ardchaighdeán Acadúil
- Inrochtaineacht/Cleachtais Teagaisc Chuimhsitheacha
- Riachtanais Freastail
Tugtar tacaíocht don fhoireann acadúil i scileanna dearaidh agus teagaisc curaclaim trínár gceardlanna, na cáilíochtaí foirmiúla atá mar chuid den Chreat Forbartha Gairmiúla don Chleachtas Acadúil agus freisin trí rochtain a fháil ar roinnt acmhainní ar líne don fhéinstaidéar (ar fáil faoin 'Teaching & Learning Forum' ar Blackboard).
Ag Teagasc le Teicneolaíocht
Is é Blackboard Learn an timpeallacht fhíorúil foghlama (nó 'córas bainistíochta foghlama') atá ag OÉ Gaillimh. Soláthraíonn sé réimse leathan uirlisí chun tacú le cumarsáid, le hábhair teagaisc agus foghlama a roinnt agus measúnú agus aiseolas a bhainistiú.
- Logáil Isteach
- Tacaíocht Blackboard
Ina theannta sin, úsáidtear go leor teicneolaíochtaí eile, sa seomra ranga agus ar líne agus bíonn an fhoireann acadúil in OÉ Gaillimh i mbun nuálaíochta agus forbartha de shíor de réir mar a thagann gach teicneolaíocht nua chun cinn, ag díriú ar chur chuige a mbíonn taithí foghlama agus portfóilió níos fearr de chúrsaí agus de chláir á mbainistiú acu. Déantar cur síos ar roinnt samplaí reatha de na huirlisí eile seo sna naisc thíos.
- Clicirí agus Córais Freagartha Ranga
- Físchomhdháil
- Teicneolaíochtaí Eile Foghlama
Measúnú Teagaisc agus do Chleachtas Teagaisc a Fhorbairt
Is gné thábhachtach de chur chuige gairmiúil maidir leis an teagasc aiseolas a fháil agus a mheas agus in OÉ Gaillimh baineann an fhoireann acadúil úsáid as roinnt cur chuige lena n-áirítear piarbhreathnóireacht, suirbhéanna mac léinn, agus cur chuige i stíl grúpa fócais. Ina theannta sin, tá sé ag éirí níos coitianta 'Portfóilió Teagaisc' a chur le chéile agus a choinneáil, rud a choinníonn taifead ar thaithí, ar mhachnamh agus ar fheidhmíocht. Tá a leithéid sin úsáideach don léachtóir féin chun machnamh a dhéanamh ar a fhorbairt ghairmiúil féin agus is bealach éifeachtach é freisin le hiarratais a dhéanamh ar ardú céime nó ar ghradaim teagaisc.
- Cur chuige i leith measúnú teagaisc
- Portfóiló teagaisc a fhorbairt
- Tuilleadh eolais faoinár gcúrsaí i bhforbairt ghairmiúil
Cuirimid oiliúint ar fáil dóibh siúd a d'fhéadfadh a bheith ag feidhmiú i ról tacaíochta foghlama nó teagaisc, mar shampla Cúntóirí Teagaisc Iarchéime agus teagascóirí páirtaimseartha. Déantar é seo den chuid is mó trí mhodúl 5 ECTS ar líne (ar fáil ar bhonn 'aonair' nó mar chuid de na cláir PhD Struchtúrtha a thairgtear ar fud na hOllscoile): GS506 Teagasc & Foghlaim. Dóibh siúd a bhíonn ag teagasc ar chúrsaí ar líne nó cúrsaí foghlama cumaisc, tá roinnt modúil ábhartha againn agus tacaíochtaí a chuirtear ar fáil i gcomhpháirtíocht leis an Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh.
Comhairle & Comhairliúchán
Tá foireann CELT ar fáil chun ceisteanna ar bith a bhaineann le dearadh curaclaim, forbairt ghairmiúil, an teagasc agus an teicneolaíocht a phlé ar bhonn aonair neamhfhoirmiúil nó trí shocrú níos foirmiúla le ceardlanna nó tionscadail chomhcheangailte le disciplíní, Scoileanna agus Coláistí.
Bí i dteagmháil linn ag: celt@nuigalway.ie