Fáilte

Céim mhór í an Ollscoil agus cé go bhfuil tairbhe léi, bíonn dúshláin léi chomh maith. Bíonn comhairleoireacht úsáideach do gach cineál deacrachta, deacrachtaí acadúla agus pearsanta araon. D'fhéadfadh deacracht a bheith agat le rud éigin an-tromchúiseach leis na blianta fada nó d'fhéadfadh rud éigin fánach a bheith tarlaithe le gairid. B'fhéidir nach bhfuil a fhios agat cén fhadhb atá agat, ach go bhfuil deacracht agat mar sin féin.