I gcás éigeandáil leighis, dóiteáin nó Gardaí
tabhair tús áite don ghlaoch chuig na Seirbhísí Éigeandála ar 999/112.


I gcás éigeandála a bhaineann le foirgneamh (e.g. sceitheadh, leictreachas, pluiméireacht) is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Slándála nó Deasc Chabhrach Foirgneamh & Eastát ar na huimhreacha seo a leanas:

  • Oifig Slándála na hOllscoile, teileafón (091) 493333, ar fáil 24/7
  • Foirgneamh & Eastát Deasc Chabhrach, teileafón (091) 492134 (ar fáil le linn uaireanta oifige, 0900 - 1700)

Do gach fiosrúchán ginearálta (lena n-áirítear cothabháil, seirbhísí foirgníochta, saoráidí, bogadh oifige) is féidir rphost a sheoladh chuig an Deasc Chabhrach ag buildingsandestates@universityofgalway.ie nó glaoch a chur ar (091) 492134 (le linn uaireanta oifige, 0900 - 1700). 

Tá eolas a bhaineann le seirbhísí eile le fáil thíos:


Bagairt Bhuama 

Sa chás go bhfaighidh tú féin nó comhghleacaí bagairt bhuama, déan iarracht fanacht ar do shuaimhneas agus an oiread eolais agus is féidir a bhailiú. Faightear formhór na mbagairtí buama ar an nguthán, ach uaireanta is féidir iad a fháil go pearsanta, ar ríomhphost nó i bhfoirm litreach. Tá treoir iomlán maidir le conas déileáil le bagairt dá leithéid faoi gach cás le fáil sa cháipéis thíos. Má tá imeacht á eagrú agat tá sé tábhachtach go mbeadh tú eolach ar an gcáipéis seo sula gcuirtear tús leis an imeacht.

Treoir maidir le Bagairt Bhuama (Bomb Threat Guidance)‌