Tá Foirgnimh & Eastáit freagrach as pleanáil agus forbairt Eastát na hOllscoile. Is iad Foireann Tionscadail Fhoirgneamh & Eastát a dhéanann oibreacha ar an Eastát nó laistigh den Eastát a phleanáil agus a bhainistiú agus a chuireann raon tionscadal ar fáil chun an campas agus caighdeán na seirbhíse dár bpobal a fheabhsú go ar bhonn rialta. 

Déanann Coiste Clár Caipitil na hOllscoile maoirsiú ar Thionscadail Chaipitil agus tugann Foirgnimh & Eastáit tacaíocht don Choiste. Déantar Tionscadail Chaipitil na hOllscoile a bhainistiú trí Struchtúr Rialaithe na hOllscoile. Is é an chéad chéim i saolré na dTionscadal Caipitil go gceadóidh Foireann Bainistíochta na hOllscoile (UMT) an tionscadal. Beidh ar ionadaí cuí de chuid an UMT togra tionscadail a chur faoi bhráid an UMT. Nuair a bheidh sé ceadaithe ag an UMT, is féidir le hionadaí an UMT dul ar aghaidh agus an Tionscadal a chur faoi bhráid Choiste na gClár Caipitil (CPC). Is fochoiste de Choiste Acmhainní Airgeadais na hOllscoile é CPC a thuairiscíonn d’Údarás na hOllscoile. Nuair a bheidh an Tionscadal ceadaithe, sannfar cód tionscadail dó agus déanfaidh Foirgnimh agus Eastáit sceidealú ar chur i gcrích an tionscadail.


Conas Tionscadal a Thosú

Más mian leat tionscadal a mholadh, comhlánaigh an fhoirm seo, agus tabhair an oiread sonraí agus is féidir sna boscaí téacs a bhaineann le Réasúnaíocht agus Scóip an Tionscadail. Déanfar measúnú ar do thionscadal ag ár gcruinniú Tionscadal gach dara mí agus déanfaimid ár ndícheall aiseolas a thabhairt duit ar d’iarratas laistigh de 20 lá oibre.  

Tabhair faoi deara go gcaithfidh Foirgnimh & Eastáit athruithe spáis a cheadú sula ndéanfaidh tú iarratas ar thionscadal, mar sin má tá athrú ar an spás i gceist le do thionscadal cuir na sonraí chuig officemanagerbuildingsandestates@universityofgalway.ie sula gcuireann tú d’fhoirm thionscadail isteach.

Má cheadaítear do thionscadal, ceapfar Bainisteoir Tionscadail ónár bhfoireann agus beidh sé/sí i dteagmháil leat chun an tionscadal a phlé go mion.

Pleanáil

Tá Foirgnimh & Eastáit freagrach as pleanáil agus forbairt eastáit na hOllscoile.

Máistirphleanáil

Freagrach as athbhreithniú leanúnach agus ullmhú Mháistirphlean Eastáit na hOllscoile i gcomhairle leis na grúpaí faofa ábhartha agus le comhphobal na hOllscoile. Cuimsíonn máistirphleanáil plean tírdhreacha a ullmhú, straitéis limistéir taitneamhachta seachtracha, polasaí rialaithe forbartha agus ráitis faoi phrionsabail forbartha agus dearaidh bunúsacha.

Pleanáil Tionscadail 

Ciallaíonn sé seo treoracha a ullmhú nó a sholáthar, staidéir féidearthachta agus réamh-mheastacháin luathchostais chun cinntí a éascú san Ollscoil. Nuair a bhíonn an Ollscoil compordach dul ar aghaidh le plean, le tionscadal nó le forbairt, tugann an fhoireann an tacaíocht riachtanach chun a chinntiú go gcuirtear an plean i bhfeidhm go tapa.

Bainistíocht Tionscadail
  • Foireann Dearthóireachta a Cheapadh:
    Freagrach as foirne a bhaineann le dearadh tionscadail a earcú san Ollscoil. Leis an gclár forbartha reatha d’fhéadfaí go gceapfaí seirbhísí cosúil le hailtirí, innealtóirí, comhairleoirí costais agus speisialtóirí eile chun tionscadal nó forbairt a sheachadadh.

  • Tionscadal a chur i gcrích:
    Freagrach as conraitheoir tógála a cheapadh agus na conraitheoirí cuí a bhaineann leis na hoibreacha a chur i gcrích, i gcomhairle leis na foirne dearaidh.

  • Críochnú agus Athbhreithniú ar Obair: 
    Nuair a bheidh tionscadal críochnaithe, déanann an fhoireann meastóireacht ar na hoibreacha agus tomhaistear sástacht úsáideoirí agus luach ar airgead.

Tionscadail atá Críochnaithe

An Bhialann

Athchóiriú ar an mBialann agus Uasghrádú ar Phóidiam Leabharlann Uí Argadáin.

Rinne an tionscadal seo athchóiriú ar an mbialann agus a suíocháin, ionaid freastail, síleálacha, clós agus seirbhísí inmheánacha, le spás nua-aimseartha agus níos fearr le níos mó suíochán. Chomh maith leis sin, bhí soilse ag leibhéal an phóidiam le cruthú agus cuid mhór den phóidiam atá ag teipeadh le huiscedhíonadh arís. Críochnaíodh an obair i samhradh na bliana 2010.

Dearthóir: Reddy Architecture agus Urbanism
Conraitheoir: JJ Rhatigan & Co

Áras Cairnes

Síneadh a cuireadh as foirgneamh Naomh Antaine ar an gcampas thuaidh, san fhoirgneamh 5,000 méadar cearnach seo tá Scoil Iarchéime J. E. Cairnes don Ghnó & don Bheartas Poiblí i measc scoileanna eile.

Dearthóir: RKD Architects
Conraitheoir: McNamara Construction

Áras Mhaighe Seola

Suite ar an gcampas thuaidh ar shuíomh in aice le seanfhoirgneamh Naomh Antaine, is san fhoirgneamh 7,500 méadar cearnach seo atá na disciplíní seo a leanas: Altranas, Cnáimhseachas, Teiripí agus Eolaíocht Pholaitiúil agus Socheolaíocht.

Dearthóir: Kelly Todd Architects
Conraitheoir: Brian McCarthy Contractors Ltd

Leathnú Áras Dán na Mílaoise

Sa síneadh a cuireadh le hÁras Dán na Mílaoise tá Scoil na Síceolaíochta lonnaithe anois in aon fhoirgneamh amháin. Tá achar urláir 2,600 méadar cearnach san fhoirgneamh ina bhfuil saoráidí taighde den scoth cosúil le saotharlanna faraidé agus neamh-mhacallacha.

Dearthóir: Moloney O'Beirne Architects
Conraitheoir: JJ Rhatigan & Co

Clós Rothar

Tá an clós an-lárnach ar an gcampas agus tá áit ghlais ann do chomhaltaí foirne agus do mhic léinn atá in ann suas le 300 rothar a choinneáil. Tagann sé seo le polasaí na hOllscoile rothaíocht a chur chun cinn agus an úsáid a bhaintear as carranna a laghdú, agus tá rialú rochtana slándála, soilsiú agus clúdach CCTV ann. Osclaíodh an clós in 2014.

Dearthóir: O'Donnellan & Co Architects
Conraitheoir: Glenman Corporation Ltd

‌‌

Eolaíochtaí Bithleighis

Cuireann Áras Taighde na nEolaíochtaí Bithleighis áiseanna taighde den scoth ar fáil don taighde eolaíochta bithleighis. Cóiríonn sé agus tacaíonn sé le 280 taighdeoir lánaimseartha bithleighis agus 35 Príomh-Imscrúdaitheoir i dteannta le háiseanna lárnacha, le foireann theicniúil agus tacaíochta. Críochnaíodh an foirgneamh 8,100 méadar cearnach seo in 2013.

In 2016, bronnadh an duais dearaidh náisiúnta cáiliúil don Inmharthanacht sna Stáit Aontaithe ar an bhfoirgneamh seo. Ba é Institiúid Ailtirí Mheiriceá a bhronn an duais COTE (Coiste Comhshaoil).

Dearthóir: Reddy Architecture agus Urbanism i gcomhar le Payette Architects
Conraitheoir: JJ Rhatigan & Co

Biosciences

Athchóiriú ar Institiúid na hEolaíochta Cliniciúla

Críochnaíodh an t-athchóiriú i samhradh na bliana 2015. Tar éis Áis nua Taighde Aistrithigh a chríochnú, agus na saotharlanna as an Institiúid Eolaíochta Cliniciúla a aistriú, chuir an obair seo cóiríocht ar fáil do sheomra ranga nua agus oifigí nua do Scoil an Leighis thar thrí urlár an fhoirgnimh.

Dearthóir: Taylor Architects
Conraitheoir: Carey Construction Ltd

Naíolann

Tógadh Naíolann na hOllscoile in 2007 agus cuireadh síneadh leis in 2009. Bíonn suas le 60 gasúr ann ar Bhóthar an Chaisleáin Nua Thuaidh.

Dearthóir: Simon J Kelly Architects
Conraitheoir: Glenbank Construction Co

Síneadh leis an tSlí Dála

Cuireann an síneadh seo leis an tSlí Dála a dearadh sna 1970idí áit ar fáil do bhrainse an champais de chuid Bhanc na hÉireann. Le hachar 600 méadar cearnach, críochnaíodh é in 2010.

Dearthóir: Scott Tallon Walker
Conraitheoir: McNamara Construction

An tÁras Innealtóireachta

Tugann an tÁras Innealtóireachta 5 dhisciplín acadúil agus taighde le chéile as 13 ionad ar leith faoi dhíon amháin. Le hachar 14,250 méadar cearnach, cuirtear áiseanna teagaisc agus taighde ar fáil don Choláiste Innealtóireachta agus Ionformaitice san Áras agus is féidir freastal ar os cionn 110 comhalta foirne agus 1,100 mac léinn. Bhuaigh an foirgneamh 5 ghradam, lena n-áirítear Rogha na nDaoine ó Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann in 2012.  

De bhrí go bhfuil go leor tionscnamh agus feistí 'glasa' san fhoirgneamh ní úsáidtear ach méid an-íseal fuinnimh. Feidhmíonn an foirgneamh mar phíosa gairis taighde agus teagaisc, rud a chuireann ar chumas na dtaighdeoirí sonraí 'beo' a bhailiú ó bhraitheoirí agus ó mhéadair a cuireadh isteach san fhoirgneamh. 

Dearthóir: RMJM Architecture agus Taylor Architects
Conraitheoir: BAM Building

Baile an Chíorbhuí

Is éard a bhí i gceist leis an tionscadal seo áiteanna cónaithe a thógáil ar champas thuaidh na hOllscoile ina mbeadh 429 spás leapa mac léinn ar fud 76 árasán. In gach árasán tá 4, 5 nó 6 seomra leapa en-suite le háiseanna maireachtála agus cistine roinnte. Tá an foirgneamh leagtha amach i gceithre bhloc ar leithligh ó 3 go 5 stór le clós oscailte ag scaradh na mbloc agus tá achar urláir iomlán 12,600 méadar cearnach ann. Tá spásanna áineasa éighníomhacha sa chlós. Tá spásanna agus áiseanna comhroinnte ann i bhfoirm seomra caidrimh ag an bhfáiltiú, seomra níocháin agus stóráil rothar faoi dhíon.  

Téann an fhorbairt go maith leis an lóistín 760 leaba atá ann cheana féin do mhic léinn ag Baile na Coiribe.

Dearthóir: Coady Architects / Fielden Clegg Bradley Studios

Student Accommodation

Áras Taighde Uí Argadáin

Tá Áras Taighde Uí Argadáin i bhfostú do Leabharlann Uí Argadáin agus soláthraíonn sé saoráidí taighde den scoth do níos mó ná 400 mac léinn taighde iarchéime sna dána, sna daonnachtaí agus sna heolaíochtaí sóisialta. Áirítear sa chóiríocht spás oscailte taighde, seomraí cruinnithe, oifigí agus seomraí seimineáir. Críochnaíodh an foirgneamh 5,500 méadar cearnach seo in 2013.

Dearthóir: Reddy Architecture agus Urbanism
Conraitheoir: JJ Rhatigan & Co

Hardiman Research Building

An tÁras Bitheolaíochta Daonna

Cuirfidh an foirgneamh cúig stór seo áit ar fáil do dhisciplíní na hAnatamaíochta, na Cógaseolaíochta agus na Teiripeolaíochta agus na Fiseolaíochta. Soláthróidh sé seo foirgneamh amháin do na trí dhisciplín atá lonnaithe faoi láthair i láithreacha éagsúla timpeall an champais.  

Beidh meascán spásanna ann lena n-áirítear saotharlanna teagaisc, léachtlanna agus seomraí ranga le haghaidh teagasc fochéime agus iarchéime araon, oifigí agus spásanna tacaíochta speisialta. Is foirgneamh ceithre stór é os cionn íoslach le himfhálú gléasra ar bharr an dín. Tá achar urláir iomlán 8,200 méadar cearnach ann, tá sé á thógáil faoi láthair agus le críochnú in 2017.

Dearthóir: Scott Tallon Walker
Conraitheoir: BAM Building

Human Biology Building

Institiúid Lambe 

Tá Institiúid Lambe (Foirgneamh Taighde Cliniciúil agus Aistrithigh) suite ar champas Ospidéal na hOllscoile Gaillimh (UHG) agus tá achar urláir iomlán 5,400 méadar cearnach ann. Tá 2,700 méadar cearnach ag OÉ Gaillimh sa dá urlár uachtarach, spás stíl saotharlainne ar a dtugtar an tSaoráid Taighde Aistrithigh. Ar an gcéad dá urlár tá saoráid trialacha cliniciúla gearrchónaithe / ospidéal taighde ar a dtugtar an tSaoráid Taighde Chliniciúil agus ritheann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) é. Osclaíodh an foirgneamh ceithre stór seo in 2015.

Taighde leighis ceannródaíoch, taobh le taobh le cúram na n-othar san ospidéal a chur chun cinn an aidhm atá le hInstitiúid Lambe. Tá an foirgneamh ceangailte go díreach leis an Ospidéal agus leis an Institiúid Eolaíochtaí Cliniciúla.

Dearthóir: Reddy Architecture agus Urbanism
Conraitheoir: BAM Building

Lambe Institute

Cúrsa Saoil 

3,600 méadar cearnach atá i bhfoirgneamh na hInstitiúide Cúrsa Saoil ina bhfuil oifigí agus spás teagaisc. Is ann atá Ionad Sheaneolaíocht Shóisialta na hÉireann, an tIonad Míchumais & Dlí agus an tIonad Taighde Leanaí & Teaghlaigh. Críochnaíodh é in 2014, tá aitriam/spás mór taispeántais san fhoirgneamh mar aon le halla ina bhfuil 240 suíochán atá oiriúnach do chomhdhálacha agus d'imeachtaí. 

Dearthóir: Simon J Kelly Architects
Conraitheoir: JJ Rhatigan & Co

Lifecourse Institute

Acadaimh Leighis

Trí acadamh nua leighis a bhí le tógáil sna hospidéil teagaisc in éineacht le grúpaí Ospidéil Saolta (HSE) an Iarthair agus an Iarthuaiscirt. Soláthraíonn na háiseanna seo léachtlanna, scileanna cliniciúla, spásanna staidéir, cruinnithe agus oifige mar thacaíocht do mhic léinn leighis le linn a socrúchán oibre cliniciúla in ospidéil.   

Acadamh Leighis Dhún na nGall, Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn
Mar chuid den tionscadal seo cuireadh síneadh 3 stór leis an ospidéal agus tá urlár na talún agus an chéad urlár ag an Acadamh. Le hachar iomlán 640 méadar cearnach tá seomraí ranga, saotharlanna scileanna cliniciúla, seomraí cruinnithe agus oifigí san fhoirgneamh nua.
Dearthóir: Rhatigan Architects
Conraitheoir: Boyle Construction

Donegal Medical Academy

Acadamh Leighis Mhaigh Eo, Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo
Osclaíodh an t-iar-Shéipéal Caitliceach Rómhánach, a dhear an tUasal Edward Keville Dixon, in 1902 agus díchoisriceadh é in 2010.  De bhrí go raibh stádas struchtúr atá faoi chosaint ag an bhfoirgneamh bhí dúshláin ar leith ag baint leis an dearadh agus leis an tógáil. Sa spás nua 620 méadar cearnach tá áit teagaisc, staidéir agus riaracháin thar dhá urlár.
Ainmníodh é mar Thionscadal Caomhnaithe na Bliana ag Gradaim Thionscal Tógála na hÉireann 2016.
Dearthóir: Taylor Architects
Conraitheoir: MVS Construction

Mayo Medical Academy 

Acadamh Leighis Shligigh, Ospidéal Réigiúnach Shligigh
Is éard a bhí sa tionscadal seo 2 stór eile a chur le bloc 6 stór san ospidéal. Le hachar iomlán 746 méadar cearnach tá seomraí ranga, saotharlanna scileanna cliniciúla, seomraí cruinnithe agus oifigí san fhoirgneamh nua.
Dearthóir: Rhatigan Architects
Conraitheoir: JJ Rhatigan & Co

Sligo Medical Academy

Tá an leabharlann trí stór agus an áis teagaisc seo nasctha le foirgneamh Leabharlann Shéamais Uí Argadáin trí dhroichead ar an gcéad urlár agus soláthraíonn sé 600 méadar cearnach do Scoil an Altranais.

Leabharlann Staidéir Altranais

Dearthóir: Scott Tallon Walker
Conraitheoir: McNamara Construction 

Ionad Uí Dhonnchadha

Struchtúr atá faoi chosaint atá san fhoirgneamh agus tá sé suite in aice le hAmharclann Bhanc na hÉireann agus Halla Bailey Allen. Ar dtús, ba thrádstóras faoi bhanna a bhí ann ach bhí sé ina mhonarcha muinisean agus mar mhonarcha pramanna chomh maith. Ba é an úsáid is déanaí a bhain an Ollscoil as ná mar shaotharlanna innealtóireachta sular tógadh an foirgneamh nua innealtóireachta. Bhí athchóiriú iomlán le déanamh ar an bhfoirgneamh agus is ann anois atá an Staidéar Drámaíochta, Amharclannaíochta agus Taibhléirithe suite. Tá amharclann 120 suíochán, seomraí cleachtaidh, seomraí ranga agus limistéir riaracháin ann.  

Dearthóir: Taylor Architects
Conraitheoir: Purcell Construction Ltd

Áras Oirbsean

San fhoirgneamh thart ar 6,000 méadar cearnach i méid, ar thaobh na habhann ó phríomhchampas OÉ Gaillimh, tá an tIonad Náisiúnta Eolaíochta Innealtóireachta Bithleighis, an Institiúid d’Athrú Comhshaoil, REMEDI (Institiúid an Leighis Athghiniúnaigh) agus bialann lonnaithe ann. 

Dearthóir: Kelly Todd Architects
Conraitheoir: McNamara Construction

Droichead Uí Sheachnasaigh

Tá an droichead coisithe seo ag gabháil thar Canáil Eglinton agus tá sé mar chuid den Bhealach Glas a théann ón gcathair agus ó thuaidh tríd an gcampas. Is gné thábhachtach é de na bealaí cumarsáide do choisithe agus don rothaíocht timpeall an champais. Is droichead piolóin teanntaithe ag slata é agus tá sé ainmnithe i ndiaidh Mhichíl Uí Sheachnasaigh, a bhí ina chéimí de chuid na hOllscoile seo agus ina Innealtóir Cathrach in San Francisco ina dhiaidh sin.

Dearthóir: Ryan Hanley Consulting Engineers
Conraitheoir: L&M Keating Ltd

An Carrchlós Páirceála agus Taistil

Lonnaithe sa chuid thuaidh den champas i gceantar Bhaile na Coiribe, cuireann an carrchlós páirceála agus taistil 500 spás páirceála ar fáil mar aon le limistéar tuirlingthe bus, foirgneamh beag do leas na dtiománaithe bus, spásanna íoc agus taispeáin, córas nua-aimseartha pábhála tréscaoilte, bóithre isteach, soilsiú agus tírdhreachú. Críochnaíodh in 2009 é.

Dearthóir: Arup Engineering
Conraitheoir: Glenman Corporation Ltd

Síneadh Cosliachta

Tógadh é seo anuas ar dhíon Áras Mhaighe Seola, soláthraíonn sé 600 méadar cearnach do sheomra ranga agus oifigí don Chosliacht. Críochnaíodh in 2010 é.  

Dearthóir: Simon J Kelly Architects
Conraitheoir: JJ Rhatigan & Co

Fortheach Institiúid Uí Riain

Suite in aice le hÁras Mháirtín Uí Riain, críochnaíodh Fortheach Institiúid Uí Riain in 2006.

Dearthóir: Scott Tallon Walker Architects
Conraitheoir: McNamara Construction

 

Institiúid Uí Riain, Carna

Tá réimse iomlán urláir 650 méadar cearnach ag an bhfoirgneamh seo a críochnaíodh in 2006. Saotharlanna fliucha le haghaidh taighde eolaíochta mara den chuid is mó atá ann.

Dearthóir: Scott Tallon Walker
Conraitheoir: Glenman Corporation Ltd

 

An tIonad Spóirt

Ag 6,500 méadar cearnach, tá linn snámha 25m san fhoirgneamh chomh maith le príomh-halla ar mhéid 3 chúirt chispheile, giomnáisiam 200 píosa treallaimh, 3 stiúideo, cúirteanna scuaise agus liathróid raicéid, balla dreapadóireachta DR, limistéir oiliúna spóirt éilíte agus spásanna tacaíochta do Chlubanna Spóirt agus do Chumainn. Bhí bua ag an Ionad ina chatagóir sna gradaim Bliantúla Náisiúnta Zurich LAMA don Áis Spóirt is Fearr in 2010. Tá an foirgneamh an-fheiceálach ón N6 agus Droichead na gCúig Chéad lena dhíon alúmanam cuartha ar leith i dtrí chuid.

Dearthóir: Faulkner Brown Architects | Holohan Architects
Conraitheoir: Glenman Corporation Ltd

An Straitéis Comharthaíochta

Tá an straitéis chomharthaíochta á cur i bhfeidhm ar fud an champais ó Mheán Fómhair 2018. Roinneann sí an campas i gceithre zón:

  • An Campas Spóirt
  • An Campas Thuaidh
  • An Campas Láir
  • An Campas Theas

Rinneadh gach zón campais a leagan amach de réir a bhealaigh isteach d'fheithiclí agus de réir na bpríomhbhóithre go dtí an Ollscoil. Sainmhíníodh na línte teorann do gach zón trí úsáid a bhaint as na líonraí bóithre náisiúnta agus réigiúnacha, as gnéithe suntasacha tíreolaíocha agus trí chur chuige agus réasúnaíocht deartha a chur i bhfeidhm. Cuirfidh na zóin agus an chomharthaíocht nua le heispéireas tiománaithe agus coisithe agus déanfaidh siad éascaíocht do chuairteoirí, mic léinn, toscairí comhdhála, cúiréirí etc. a mbealach a dhéanamh ar an gcampas.

  • An Campas Spóirt:
    Teorainn - Páirceáil & Taisteal go dtí an tIonad Spóirt
    Bealach isteach d'fheithiclí - an Daingean
  • An Campas Thuaidh:
    Teorainn - Baile na Coiribe go dtí Páirceáil & Taisteal
    Bealach isteach d’fheithiclí - an Caisleán Nua Uachtarach (ag Foirgneamh na hInstitiúide Cúrsa Saoil)
  • An Campas Láir:
    Teorainn - Ó thuaidh d'íosbhealach Dhroichead na gCúig Chéad go dtí Baile na Coiribe
    Bealach isteach d'fheithiclí - an Caisleán Nua Uachtarach (ag Áras Cairnes)
  • An Campas Theas:
    Teorainn - Bóthar na hOllscoile go dtí íosbhealach Dhroichead na gCúig Chéad
    Bealach isteach d'fheithiclí - Bóthar na hOllscoile agus an Caisleán Nua Íochtarach (ag an Spórtlann)