Réitigh & Seirbhísí Faisnéise

Cuireann Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise réimse cuimsitheach seirbhísí IT ar fáil do mhic léinn agus do chomhaltaí foirne Ollscoil na Gaillimhe.  Athraíonn an roinn a struchtúr agus a próisis chun freastal ar riachtanais na hOllscoile i gcónaí.

Tá cur chuige na roinne maidir le forbairt agus soláthar seirbhíse bunaithe ar dhea-chleachtas thionscal an IT (ITIL do bainistíocht seirbhíse agus PRINCE2 do bhainistíocht tionscadail). Tá an fhoireann ar fad sa roinn ag forbairt a gcuid scileanna go leanúnach chun feabhas a chur ar ár gcumas freastal ar riachtanais ár gcustaiméirí.

Cuireann an láithreán gréasáin eolas ar fáil maidir leis na seirbhísí seo a rochtain/a úsáid. Tá súil againn go mbeidh custaiméirí in ann an láithreán gréasáin a úsáid mar bhealach sciobtha, éasca chun freagra a fháil ar cheisteanna. Mura bhfuil an ní atá uait le fáil ar an láithreán gréasáin, téigh chuig Deasc Freastail na Leabharlainne agus IT nó seol ríomhphost chuig an Deasc Freastail. Tá fáilte roimh aiseolas ó mhic léinn/ó chomhaltaí foirne ar aon ghné de na seirbhísí a chuirimid ar fáil. Is féidir aiseolas a thabhairt tríd an Deasc Freastail.

Tá Deasc Freastail na Leabharlainne agus IT suite i bhforhalla Leabharlann Shéamais Uí Argadáin agus is pointe teagmhála é do mhic léinn agus do chomhaltaí foirne maidir le seirbhísí Leabharlainne agus IT.  Oibríonn ISS leis an Deasc Freastail chun fadhbanna na mac léinn/na gcomhaltaí foirne a réiteach.

Tá sé tábhachtach na Rialacháin ICT a léamh agus a chinntiú go dtuigeann tú do chuid freagrachtaí agus tú ag úsáid acmhainní IT na hOllscoile.