Cuireann Foirgnimh & Eastáit seirbhís bainistíochta dramhaíola ar fáil i dtaca le dramhaíl ghinearálta, athchúrsáil, gloine, dramhaíl rúnda agus dramhaíl WEEE. Tá rún daingean againn cuidiú le tionchar na hOllscoile ar an timpeallacht a laghdú, i gcomhréir le Straitéis na hOllscoile 2020-2025 agus ár Straitéis Inbhuanaitheachta 2021-25. 

 

Éacht de réir Ranguithe Tionchair an Times Higher Education 

Aithníodh ár n-iarrachtaí inbhuanaitheachta i Ranguithe Tionchair an Times Higher Education is déanaí a chuireann sa 5ú háit muid ar domhan agus sa chéad áit in Éirinn maidir le SDG12 a dhéileálann le Tomhaltas & Táirgeadh Freagrach. Bhaineamar scór 100/100 amach do Bhearta Oibriúcháin agus 98/100 d’Athchúrsáil.  

Léigh leat anseo

Plean agus Polasaithe Bainistíochta Dramhaíola 

Le blianta beaga anuas, tá dul chun cinn mór déanta againn maidir le dramhaíl a laghdú, a athúsáid agus a athchúrsáil ar an gcampas. Tugann an Plean Bainistíochta Dramhaíola seo a leanas léargas ar na héachtaí seo, leagann sé amach ár bpróisis reatha maidir le déileáil le sruthanna dramhaíola éagsúla agus leagann sé amach roinnt spriocanna uaillmhianacha don todhchaí:  

Plean Bainistíochta Dramhaíola 2023

‌Tá treoirlínte soiléire ag an Ollscoil maidir le laghdú, athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola ar an gcampas. Baineann sé seo le gach comhalta foirne agus mac léinn chomh maith le soláthraithe seachfhoinsithe agus is féidir teacht ar na treoirlínte anseo:  

Treoirlínte maidir le Dramhaíl a Laghdú, a Athúsáid agus a Athchúrsáil

Próiseas Múirínithe Dramhaíola Orgánaí / Glaise – Cur Chuige Ciorclach 

Tá sruth nua Dramhaíola Orgánaí/Glaise bunaithe ag Ollscoil na Gaillimhe le déanaí atá dírithe ar Chur Chuige Ciorclach a chur i bhfeidhm maidir le bainistiú dramhaíola. Bailítear dramhaíl ghlas cosúil le féar, gearrthacha fálta agus duilleoga ó thailte go leor ar ár gcampas agus tugtar í chuig saoráid mhúirínithe ár gconraitheoirí dramhaíola. Anseo déantar í a mheascadh le dramhaíl bhia ónár mbialanna ar an gcampas chun leasachán orgánach ar mhórán cothaitheach a chruthú. Tugtar ar ais chuig an gcampas é agus úsáidtear é ar an talamh.

Chomhoibríomar le déanaí le mac léinn MSc i gCeannaireacht Chomhshaoil a chruthaigh páipéar taighde ar an bpróiseas agus físeán gairid ar féidir leat féachaint air thíos.

 

Oifigí gan Boscaí Bruscair

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi Oifigí gan Boscaí Bruscair‌ atá i bhfeidhm anois i ngach foirgneamh ar an gcampas.

Dramhaíl Ghuaiseach a Dhiúscairt

Ní dhéanann Foirgnimh & Eastáit socrú chun fáil réidh le Dramhaíl Ghuaiseach. Tá saineolas ag na haonaid ar fad maidir le substaintí a úsáidtear ina saotharlanna nó ina n-oifigí a dhiúscairt go sábháilte agus mar sin ní mór do gach aonad socruithe a chur i bhfeidhm chun an cineál seo dramhaíola a dhiúscairt le cuideachta atá ceadúnaithe go cuí.

Bailiú Bruscair

Déantar bruscar a bhailiú go laethúil ar fud an champais. Déantar boscaí bruscair seachtracha a sheiceáil go laethúil agus a fholmhú mar is cuí. Sa Tuarascáil is déanaí in aghaidh an Bhruscair de chuid an Taisce, bronnadh Grád A ar Ollscoil na Gaillimhe, mar aon leis an tráchtaireacht seo a leanas: 

‘An-aire tugtha do thailte iontacha agus coinnithe i gcaoi mhaith Bhí an féar, an phlandáil ildaite, an chomharthaíocht, na suíocháin, an phábháil, na boscaí bruscair etc. i riocht an-mhaith. Bhí an áit ar fad an-ghlan.'

Dramhaíl Rúnda a Athchúrsáil

Chun an praghas is fearr is féidir a bhaint amach agus chun an t-ualach riaracháin ar Scoileanna agus ar Aonaid a laghdú, déanann Foirgnimh & Eastáit conradh lárnach a chomhordú do chonsóil bheaga dramhaíola rúnda. Bronnadh an conradh seo ar DGD Shredding in 2021.

Tá consóil ar féidir glas a chur orthu ag an Ollscoil don fhoireann chun ábhar rúnda páipéir a dhiúscairt ó lá go lá.

Ná cuir tiomántáin chrua, dlúthdhioscaí, DVDanna, caiséid ná fístéipeanna sna consóil, is féidir córas ar leith a eagrú do na cineálacha meáin seo. Ina dhiaidh sin, aistrítear an t-ábhar rúnda chuig gléasra stiallta áit a ndéanfar é a stialladh arís agus ansin a athchúrsáil.

Ní fheidhmíonn Foirgnimh & Eastáit seirbhís dramhaíola rúnda taobh amuigh de na consóil dramhaíola rúnda. Tá gach Aonad/Scoil/Disciplín freagrach as aon scriosadh dramhaíola rúnda breise lasmuigh de na consóil.

Má theastaíonn málaí dramhaíola rúnda breise e.g. comhalta foirne ag bogadh oifige, oifig á glanadh amach, seol rphost chuig DGD go díreach ag ops@dgdshredding.ie leis an eolas seo a leanas:

  • Ainm
  • Uimhir theagmhála
  • Aonad
  • Uimhir an tseomra agus ainm an fhoirgnimh as a mbaileofar na málaí
  • Líon iomlán na málaí dramhaíola atá le bailiú

Ba cheart duit freisin praghas/meastachán a iarraidh maidir le seachadadh agus bailiú na málaí agus Ordú Ceannaigh a shocrú. Beidh ort Uimhir an Ordaithe Ceannaigh a chur ar fáil do DGD Shredding. 

Míreanna Leictreacha a Athchúrsáil – Dramhaíl WEEE (Trealamh Dramhaíola Leictreach & Leictreonach)

Tá diúscairt WEEE ceadúnaithe de réir na Rialachán um Bainistiú Dramhaíola (Trealamh Dramhaíola Leictreach agus Leictreonach), 2005 agus Leasú 2008 ina dhiaidh sin. Ba cheart iarratais ar WEEE a dhiúscairt a chur ar an gcéad dul síos chuig buildingsandestates@universityofgalway.ie   

Má tá trealamh ríomhaireachta á dhiúscairt agat, cinntigh go bhfuil sé glanta ar dtús, tuilleadh eolais ó ISS.

Ná fág WEEE ar phasáistí, i spásanna poiblí eile ná ar thailte an champais.

Gloine agus alúmanam a athchúrsáil

Tá bainc athchúrsála buidéal gloine agus saoráid athchúrsála alúmanaim suite ar an gCampas Theas amach ar aghaidh Áras Oirbsean agus ar an gCampas Thuaidh in aice leis an mbealach isteach chuig Baile na Coiribe.

Cadhnraí a athchúrsáil

Tá gach aonad freagrach as a gcuid ceallraí féin a bhailiú/a fholmhú. Chun é seo a shocrú déan teagmháil le WEEE Ireland

Plaisteach a athchúrsáil

Cé na cineálacha plaisteacha is féidir a athchúrsáil?

Déantar gach ceann díobh seo a leanas a leithscaradh agus a athchúrsáil le linn an ghnáthphróisis a dhéanann ár gconraitheoirí bainistíochta dramhaíola tar éis dóibh dramhaíl uile na hOllscoile a bhailiú:

  1. PETE nó PET (Teireataláit Phoileitiléine)
  2. HDPE (Poileitiléin Ard-dlúis)
  3. V nó PVC (Clóiríd Pholaivinile)
  4. LDPE (Poileitiléin Ísealdlúis)
  5. PP (Polapróipiléin)

Is iad na heisceachtaí atá ann: PS (Polaistiréin) agus Plaisteacha Ilghnéitheacha: Cód SPI 7

Cartúis printéara úsáidte a athchúrsáil

Tá gach aonad freagrach as a gcuid cartús printéara féin a réiteach le bailiú/a fholmhú.
Chun é seo a shocrú déan teagmháil le do sholáthraí. Más iad Banner do sholáthraithe déan teagmháil le richard.adams@bannerireland.com (tagairt chonartha CON210)

Sonraí ó Thuarascálacha Dramhaíola 2023

Tuarascáil Dramhaíola Ollscoil na Gaillimhe 2022

Sonraí Dramhaíola Ollscoil na Gaillimhe 2016 - 2022 

Tábla Sraithe Dramhaíola Ollscoil na Gaillimhe 2022

Díothú Dramhaíola chuig Líonadh Talún

I mí na Bealtaine 2019 bronnadh teastas “Díothú Dramhaíola chuig Líonadh Talún” ar Ollscoil na Gaillimhe. Is próiseas é Díothú Dramhaíola chuig Líonadh Talún ina bpróiseáiltear dramhaíl a ghintear ar champas Ollscoil na Gaillimhe chun aisghabháil ábhar in-athchúrsáilte a uasmhéadú agus chun aon dramhaíl iarmharach nach féidir a athchúrsáil a phróiseáil mar bhreosla díorthaithe bruscair le haghaidh loiscthe. Úsáidtear an fuinneamh a ghintear chun leictreachas a ghiniúint ag stáisiúin dramhaíola go fuinneamh. Ní chuirtear aon chuid den dramhaíl chuig Líonadh Talún.

Naisc úsáideacha

Téigh chuig https://www.mywaste.ie/ chun eolas a fháil ar cad is féidir a athchúrsáil.

Téigh chuig https://www.mywaste.ie/what-to-do-with-my-recycling/ chun teacht ar fhíseáin eolais faoi athchúrsáil.

Láithreán gréasáin WEEE Ireland