‌‌

Fiosruithe tríd an Deasc Chabhrach:


Fabht a Thuairisciú / Iarratais ar Sheirbhísí

Baineann Foirgnimh agus Eastáit úsáid as córas bainistíochta iarratas ar líne (Pemac Assets) chun fabht a thuairisciú / iarratais chothabhála a bhainistiú. Déan teagmháil le do Theagmhálaí Foirgneamh & Eastát chun iarratais a dhéanamh ar líne.

Céard iad na cineálacha iarratas ar cheart dom a dhéanamh ar Pemac?
  • Siúinéireacht
  • Obair leictreach
  • Cosc Dóiteáin
  • Seirbhísí feistithe
  • Teas, Aeráil, Aerchóiriú (HVAC)
  • Tírdhreach agus Cothabháil Tailte
  • Obair dheisiúcháin ar ardaitheoir
  • Péinteáil
  • Srianadh Lotnaidí
  • Pluiméireacht
  • Slándáil (eochracha agus rochtain)
  • Comharthaíocht

    For operational reasons cleaning, attendant services or transportation requests are not logged on Pemac Assets. Send an email with details of your request to buildingsandestates@universityofgalway.ie

Foirgnimh Sheachfhoinsithe

Déantar seirbhísí i roinnt foirgneamh a chur amach ar conradh chuig conraitheoirí, déan teagmháil lena ndeasc chabhrach mar seo a leanas:

Apleona

Eolaíochtaí Bithleighis – Saoráidí & Seirbhísí
seol rphost chuig service.irl@apleona.com agus cóip chuig noel.rodgers@universityofgalway.ie

Institiúid Lambe
seol rphost chuig service.irl@apleona.com agus cóip chuig noel.rodgers@universityofgalway.ie

Cúrsa Saoil – Saoráidí & Seirbhísí
seol rphost chuig service.irl@apleona.com agus cóip chuig noel.rodgers@universityofgalway.ie 

Bitheolaíocht Daonna – Saoráidí & Seirbhísí
seol rphost chuig service.irl@apleona.com agus cóip chuig noel.rodgers@universityofgalway.ie


Ról atá ag Teagmhálaí Fhoirgneamh & Eastát

Is comhalta foirne é/í Teagmhálaí Fhoirgneamh & Eastát (agus ionadaí de ghnáth) laistigh d’oifig/aonad/disciplín a fheidhmíonn mar theagmhálaí le Foirgnimh & Eastáit maidir leis na nithe seo a leanas:

  1. 1. Iarratais Chothabhála: iarratais chothabhála a logáil agus iad a fhiosrú, lena n-áirítear iarratais a bhaineann le sceitheadh uisce, briseadh cumhachta, siúinéireacht etc.
  2. 2. Pointe teagmhála chun eolas ó Fhoirgnimh & Eastáit a scaipeadh ar fhoireann na hOllscoile, go háirithe i gcás éigeandála nó dúnadh síos etc.
  3. 3. Sonraí bainistíochta spáis: cabhrú le Foirgnimh & Eastáit ár sonraí spáis a choinneáil cothrom le dáta, i.e. tuarascálacha áitíochta nuashonraithe a sholáthar dúinn nuair a iarrtar iad, agus fógra a thabhairt d’Fhoirgnimh agus Eastáit faoi aon athruithe ar áitíocht etc.
  4. 4. A chinntiú go gcoimeádtar eolas teagmhála theagmhálaithe Fhoirgneamh & Eastát cothrom le dáta, ionas gur féidir le Foirgnimh & Eastáit teachtaireachtaí cumarsáide a sheoladh chuig na daoine cearta i gcás éigeandála, nó faoi oibreacha atá le déanamh.

    Féach ar liosta d'Theagmhálaithe Fhoirgneamh & Eastát.