Déan iarratas/athnuachan ar do Cheadúnas Páirceála Foirne nó Mac Léinn

Chun do Cheadúnas Páirceála Foirne nó Mac Léinn a cheannach/a athnuachan, léigh go cúramach na treoracha atá sa treoir seo a leanas Iarratais ar Cheadúnas Ollscoil na Gaillimhe ansin téigh chuig an gCóras Íocaíochta ar Líne chun do cheadúnas a chur in áirithe


Trasrianta daite

Chun an tSeachtain Bhróid a cheiliúradh, d’eagraigh Foirgnimh agus Eastáit na trasrianta daite seo chun fáilte a chur roimh gach duine atá ag taisteal tríd an gcampas.


Córas dátheangach bainistíochta ceadúnais ar líne / Bilingual online permit management system

Tá curtha de chúram ag an Ollscoil ar APCOA, ár soláthraí seirbhísí bainistíochta páirceála, córas dátheangach bainistíochta ceadúnais ar líne a chur ar fáil chun deis a thabhairt do mhic léinn, don fhoireann, do chonraitheoirí agus do chuairteoirí araon iarratas a dhéanamh ar a gceadúnais pháirceála, iad a athnuachan agus a bhainistiú i nGaeilge. Níl an rogha seo ar fáil d’aon chustaiméir APCOA in Éirinn faoi láthair. Más mian leat go gcuirfí ar an eolas thú nuair a bheidh sé ar fáil déan teagmháil le gerry.nolan@universityofgalway.ie.

Tá curtha de chúram ag an Ollscoil ar APCOA, ár soláthraí seirbhísí bainistíochta páirceála, córas dátheangach bainistíochta ceadúnais ar líne a chur ar fáil chun deis a thabhairt do mhic léinn, don fhoireann, do chonraitheoirí agus do chuairteoirí araon iarratas a dhéanamh ar a gceadúnais pháirceála, iad a athnuachan agus a bhainistiú i nGaeilge. Níl an rogha seo ar fáil d’aon chustaiméir APCOA in Éirinn faoi láthair. Más mian leat go gcuirfí ar an eolas thú nuair a bheidh sé ar fáil déan teagmháil le gerry.nolan@universityofgalway.ie agus a bheidh sé ar fáil.


Is é APCOA Ireland a fheidhmíonn an pháirceáil in Ollscoil na Gaillimhe.  

Má tá ceist ar bith agat féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le:  ireland.permits@apcoa.ie

Nó glaoch a chur ar: 0818 462899


 

Eolas Páirceála

Ceadúnais & Eolas Páirceála

Tabhair faoi deara gur talamh príobháideach é campas na hOllscoile agus nach bhfuil páirceáil ar fáil ach dóibh siúd ar ghnó na hOllscoile amháin.

Tá Ollscoil na Gaillimhe suite gar go leor do Chathair na Gaillimhe, rud a chiallaíonn go bhfuil gá le srianta páirceála. Thángthas ar aontú le comhaltaí foirne agus le Comhaltas na Mac Léinn maidir le háiteanna páirceála a bhainistiú mar seo a leanas:

  • Tá cineálacha éagsúla spásanna ar an gcampas, lena n-áirítear spásanna do chomhaltaí foirne amháin a bhfuil ceadúnas acu, spásanna do mhic léinn amháin a bhfuil ceadúnas acu, spásanna roinnte (sealbhóirí le ceadúnais do chomhaltaí foirne agus do mhic léinn), ceadúnas do chuairteoirí/spásanna íoc agus taispeáin (Í&T)/Íoc ar an nGuthán dóibh siúd nach bhfuil ceadúnas acu.
  • Teastóidh ceadúnas uait le páirceáil in Ollscoil na Gaillimhe, nó féadfaidh tú ticéad a cheannach ó na meaisíní Íoc & Taispeáin nó Íoc ar an nGuthán. Ní cheadaíonn na ticéid Í&T duit ach páirceáil i spásanna atá marcáilte gorm cóngarach do na méadair; ní cheadaíonn na ticéid seo duit páirceáil áit ar bith eile. Féadfaidh an té a bhfuil ceadúnas aige/aici spás Í&T a úsáid ach ticéad a cheannach chuige sin.
  • Le ticéad Í&T féadfaidh tú páirceáil in áiteanna áirithe agus caithfidh tú eolas a chur ar gach zón agus fáil amach cén ceadúnas a theastaíonn i gcarrchlós ar leith.
  • Tá áiteanna ‘in áirithe’ agus cuais lódála ann chomh maith - ná páirceáil iontu seo.
  • Níl cead agat na spásanna páirceála atá inrochtaine ag cách a úsáid ach amháin má tá ‘suaitheantas gorm’ ó Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann ar taispeáint agat.
  • Tá ceadúnais pháirceála do mhic léinn ar fáil trí chóras ar líne do mhic léinn chláraithe.  

Bí cinnte neart ama a thabhairt duit féin nuair a thiomáineann tú chomh fada leis an Ollscoil den chéad uair.

Is d’fheithiclí oifigiúla na hOllscoile amháin (i.e. faoi úinéireacht agus faoi árachas Ollscoil na Gaillimhe go díreach) iad na spásanna marcáilte "IN ÁIRITHE", trí shocrú roimh ré le Foirgnimh & Eastáit. Féadfaidh aon duine ar ghnó na hOllscoile na spásanna a bhfuil "LÓDÁIL" marcáilte orthu a úsáid, ach iad a bheith ag lódáil nó ag dílódáil ábhar as feithicil chuig foirgneamh in aice láimhe. Tugtar tréimhse bheag duit chun é seo a dhéanamh agus ní mór duit a bheith i mbun lódála/dílódála chun na spásanna seo a úsáid.

Athrú ar Shonraí na Feithicle do Pháirceáil le Ceadúnas

Féadfaidh tú roinnt feithiclí a chur ar do cheadúnas ach ní fhéadfaidh ach feithicil amháin a bheith cosanta air ag aon am amháin.
Chun carr eile a thabhairt isteach ar an gcampas, logáil isteach ar an gCóras Íocaíochtaí ar Líne le d’ainm úsáideora agus pasfhocal APCOA. Ní mór gurb í an fheithicil atá socraithe ar an gcóras agat an fheithicil atá agat ar an gcampas.

Déan Iarratas ar Cheadúnas

Chun do Cheadúnas Páirceála Foirne nó Mac Léinn a cheannach/athnuachan bain úsáid as an nasc agus lean na treoracha ar Iarratais ar Cheadúnas Ollscoil na Gaillimhe 2022-2023.

Déan Ceadúnas a Athnuachan

Nuair atá do cheadúnas reatha íoctha agat ní bheidh ort aon cheo eile a dhéanamh go Meán Fómhair na bliana dár gcionn.

Foireann Gníomhaireachta

Chun do cheadúnas páirceála míosúil a cheannach/athnuachan bain úsáid as an nasc agus lean na treoracha ar Iarratais ar Cheadúnas Ollscoil na Gaillimhe 2022-2023 agus roghnaigh “Visitor Permit”.
Má cheadaítear an t-iarratas, cuirfear é sin in iúl duit ar ríomhphost agus is féidir leat dul ar aghaidh chuig céim na híocaíochta. D’fhonn bailíocht an iarratais a sheiceáil, líon an ceistneoir ar leathanach na n-iarratas ag tabhairt do chuid sonraí teagmhála Ollscoile. 

Carrchlós in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh

Chun páirceáil i gcarrchlós Ollscoil na Gaillimhe in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh caithfidh ceadúnas páirceála reatha do chomhaltaí foirne Ollscoil na Gaillimhe a bheith íoctha agat agus a bheith bailí ar an gcóras Bainistíochta Páirceála.

Conraitheoirí

Caithfear íoc as páirceáil an t-am ar fad ar an gcampas. Chun páirceáil ar an gcampas ní mór duit a chur in iúl do do theagmhálaí Ollscoil na Gaillimhe go mbeidh tú ag teacht ar an gcampas agus fad do chuairte a shonrú. Bain úsáid as an nasc agus lean na treoracha ar Iarratais ar Cheadúnas Ollscoil na Gaillimhe 2022-2023 

Ceadúnais i gcás Comhdhála

Téigh i dteagmháil le heagraí na comhdhála chun ceadúnas a fháil.

Achomharc ar Chlampáil

Nós imeachta nua chun Achomharc a dhéanamh ar Chlampáil:

Táille Chlampála a Achomharc

Chun d’achomharc a sheoladh chugainn:

1.    Téigh chuig https://apcoa.zatappeal.com/
2.    Cuir isteach d’Uimhir Dhoghluaisteachta agus Cláruimhir Feithicle
3.    Comhlánaigh an fhoirm ar líne
4.    Uaslódáil aon cheangaltáin mar thaca le d’achomharc

Uaslódáil aon cheangaltáin mar thaca le d’achomharc. Tar éis duit d’achomharc a chur isteach tríd an bhfoirm ar líne, déanfaimid ár ndícheall freagra a thabhairt ort laistigh de 21 lá nuair a bheidh athbhreithniú iomlán ar do chás críochnaithe, agus cinneadh déanta.

Gheobhaidh tú ríomhphost maidir le toradh d’achomhairc. Cinntigh go gcuireann tú seoladh bailí ríomhphoist ar fáil mar is chuige seo a chuirfear ár bhfreagra.

TABHAIR FAOI DEARA: ní ghlacaimid le hachomhairc chlampála a thuilleadh ar ríomhphost ná ar an bpost.

Cuir cóipeanna d’aon cháipéis a bhaineann le d’achomharc ar fáil (e.g. grianghraif, ticéad Íoc & Taispeáin, etc.). Má bhaineann do ghearán le ticéad páirceála nó le doghluaiseacht d’fheithicle, bíodh uimhir an ticéid agus do shonraí clárúcháin san áireamh i do chomhfhreagras.

Ceadúnais Pháirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas

Maidir le tiománaithe a bhíonn ag iarraidh úsáid a bhaint as áiteanna páirceála atá inrochtaine ag cách, ní féidir leo é sin a dhéanamh ach amháin má bhíonn “suaitheantas gorm” bailí, cláraithe agus eisithe ag an IWA ar taispeáint ar an bhfeithicil acu. Le suaitheantas gorm, féadfaidh tiománaithe aon áit pháirceála atá inrochtaine ag cách ar fud na hOllscoile a úsáid, fiú mura bhfuil ceadúnas acu.

Nós Imeachta do Chomhaltaí Foirne atá ag lorg Ceadúnas Míchumais go Sealadach

Bíonn Ceadúnas Páirceála Sealadach do Dhaoine faoi Mhíchumas ar fáil má dhéanann comhalta foirne iarratas ar cheann agus nach bhfuil siad i dteideal Cárta Páirceála do Dhuine faoi Mhíchumas ach a bhfuil míchumas fisiciúil gearrthréimhseach orthu atá deimhnithe ag Dochtúir Sláinte Saothair na hOllscoile tríd an oifig Acmhainní Daonna.

Caithfidh comhaltaí foirne ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an gceadúnas seo teagmháil a dhéanamh leis an oifig Acmhainní Daonna. D’fhéadfaí teagmháil a dhéanamh leis an iarratasóir chun comhairle leighis a fháil ón Dochtúir Sláinte Saothair agus tabharfar ceadúnas do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Molfaidh an Dochtúir an t-achar ar cheart don cheadúnas maireachtáil freisin.

Nós Imeachta do Mhic Léinn atá ag lorg Ceadúnas Míchumais go Sealadach

Bíonn Ceadúnas Páirceála Sealadach do Dhaoine faoi Mhíchumas ar fáil má dhéanann mac léinn iarratas ar cheann agus nach bhfuil sé/sí i dteideal Cárta Páirceála do Dhuine faoi Mhíchumas ach a bhfuil míchumas fisiciúil gearrthréimhseach air/uirthi atá deimhnithe ag dochtúir in Aonad Sláinte na Mac Léinn.

Caithfidh mic léinn ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an gceadúnas seo coinne a dhéanamh le Dochtúir san Aonad, agus an chúis atá leis an gcoinne a chur in iúl. Féadfaidh dochtúir Aonad Sláinte na Mac Léinn foirm chomhlánaithe a thabhairt do mhic léinn incháilithe a léiríonn fad oiriúnach don cheadúnas. Ní mór d’iarratasóirí a bhfoirm shínithe a sheoladh chuig parking@universityofgalway.ie nó sa phost chuig an Oifig Páirceála & Taistil, Foirgnimh & Eastáit, Ollscoil na Gaillimhe.

Ní féidir ach le dochtúir Aonad Sláinte na Mac Léinn a mholadh go bhfuil sé cuí ceadúnas a eisiúint. 

Páirceáil & Taisteal (Amchlár san áireamh)

Tá an carrchlós Páirceála agus Taistil sa Daingean (siar ó thuaidh ó Bhaile na Coiribe). Is féidir dul isteach ann an bealach céanna le Baile na Coiribe, ó Bhóthar an Chaisleáin Nua Thuaidh. Is iad na huaireanta oscailte 0600 go 2300 i rith na seachtaine amháin. Is do chomhaltaí foirne agus do mhic léinn amháin na spásanna páirceála sa charrchlós Páirceála agus Taistil/Íoc ar an nGuthán ach tá na spásanna Íoc agus Taispeáin ar fáil do chuairteoirí má cheannaíonn siad ticéad ón meaisín in aice láimhe nó ar líne ar an aip (apcoaconnect). Chun an carrchlós a fhágáil, tiomáin chomh fada leis an mbacainn agus ardóidh sí léi féin. 

Park and Ride Timetable/Amchlár na Seirbhíse Páirceála agus Taistil

Táillí Páirceála

A. Ceadúnas páirceála do chomhaltaí foirne agus táille bainistíochta gluaiseachta: €55.00
B. Ceadúnas páirceála do mhic léinn agus táille bainistíochta gluaiseachta: €50.00
C. Is é €60 an táille chun clampa APCOA a bhaint
D. Ceadúnais do Chonraitheoirí & Soláthróirí: €25.00 an ceann in aghaidh na míosa (ní mór é a cheadú sula ndéantar é a bhailíochtú) [1 cheadúnas in aghaidh na míosa, in aghaidh an chonraitheora, in aghaidh an chonartha]
E. Foireann Ghníomhaireachta - roghnaigh “Ceadúnas Cuairteora”: €5.00 in aghaidh na míosa
F. Ceadúnais Shealadacha Mhíchumais le fáil tríd an gcóras aontaithe €saor in aisce
G. Rátaí Cuairteoirí/Íoc agus Taispeáin/Íoc ar an nGuthán, faoi réir athbhreithniú:

Rátaí Méadair:
€1.50 - 1 uair an chloig (seachas méadar Páirceála & Taistil agus Insight/Páirc Ghnó IDA a chosnaíonn €1.00 san uair)
€10 - Lá Iomlán (seachas méadar Páirceála & Taistil agus Insight/Páirc Ghnó IDA a chosnaíonn €6.00 in aghaidh an lae)
Íoc ar an nGuthán - Cóid agus Rátaí Campais:
0149 an Campas Theas:
1.50 san uair nó iolraithe de, le ráta uasteorannaithe €10.00 in aghaidh an lae gan táille riaracháin i leith seirbhíse san áireamh
0192 an Campas Thuaidh:
€1.00 in aghaidh na huaire nó iolraithe de, le ráta uasteorannaithe €6.00 in aghaidh an lae gan táille riaracháin i leith seirbhíse san áireamh
0537 Áras Mhaighe Seola:
1.50 san uair ach ní féidir páirceáil ann ach ar feadh uair an chloig ar a mhéad, gan táille riaracháin i leith seirbhíse san áireamh
2412 Kingfisher:
€1.50 san uair ach ní féidir páirceáil ann ar feadh 2 uair an chloig ar a mhéad, gan táille riaracháin i leith seirbhíse san áireamh

Má úsáideann tú Íoc agus Taispeáin agus má cheannaíonn tú ticéad ag an meaisín caithfidh tú an ticéad a thaispeáint. Má úsáideann tú Íoc ar an nGuthán, tá sé fíorúil.

Amanna don Íoc agus Taispeáin: 0830 - 1730, Luan go Aoine. Tá sé de cheart ag an nGrúpa Achomharc Bainistíochta Páirceála na huaireanta agus na táillí seo a athbhreithniú agus a leasú.

Tabhair faoi deara: Airgead tirim, seic, cárta creidmheasa/léasair/muirir amháin chun íoc as an táille le clampa a bhain. Ní thugtar aon sóinseáil. Gnáthuaireanta clampála: 0830 - 1730 Luan go Aoine. Níl aon seirbhís chun clampa a bhaint i ndiaidh 2300.

 

Íoc & Taispeáin nó Íoc ar an nGuthán

Caithfidh cuairteoirí agus aíonna páirceáil sna spásanna Íoc & Taispeáin (Í&T), atá timpeall an champais.  Féach ar Léarscáileanna chun teacht ar an Léarscáil Pháirceála.

Má pháirceálann tú i spás Í&T, ní mór ticéad Í&T bailí a thaispeáint, is cuma cén ceadúnas páirceála atá agat. Tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil línte agus téacs gorm (“P&D/Í&T”) marcáilte ar na spásanna Í&T. Má pháirceálann tú i spás ar bith eile, agus gan agat ach ticéad Í&T, d’fhéadfaí do charr a chlampáil. Ní bhaineann ticéid Í&T ach leis na spásanna a bhfuil línte gorma orthu.

Tá bealach eile do chuairteoirí chun íoc as páirceáil trí Íoc ar an nGuthán. Is féidir, leis seo, íocaíocht a dhéanamh ar an láthair tríd an aip (apcoaconnect) a íoslódáil nó taobh amuigh den champas trí láithreán gréasáin.  Tá comharthaíocht ann a mhíneoidh an próiseas duit mar aon leis na táillí in gach áit de réir cóid. Nuair a bheas tú cláraithe ní chaithfidh tú dul tríd an bpróiseas seo arís.

Na Buntáistí le hÍoc ar an nGuthán

  • Faigheann sé réidh leis an bhfadhb a bhíonn le ticéid a théann ar iarraidh nó a bhíonn fuadaithe ag an ngaoth
  • Ní theastaíonn aon sóinseáil
  • Is féidir cur leis an tréimhse pháirceála gan dul chomh fada leis an gcarr
  • Fógra roghnach ar téacs nuair atá an t-am caite
  • Is féidir íoc as daoine eile gan bheith ag an gcarr leo
  • Íocaíocht ar an láithreán gréasáin, trí théacs, aip nó ar an nguthán

See Parking Charges section for Pay by Phone and Meter rates

Léarscáil Pháirceála

Féach ar Léarscáileanna chun teacht ar an Léarscáil Pháirceála.

Carrchlós in áirithe

Ba chóir iarratais ar úsáid an charrchlóis do chuairteoirí a sheoladh chuig parking@universityofgalway.ie.  Tá teorann ar líon na n-áiteanna atá ar fáil agus ní gá go mbeadh spásanna in áirithe ar fáil nuair a iarrtar iad. Tá breis eolais le fáil ar QA161 Nós Imeachta maidir le Carrchlós in áirithe do Chuairteoirí.

Comhaltaí Foirne ar Scor

Is féidir le comhalta foirne ar scor eolas a fháil faoi pháirceáil ach teagmháil a dhéanamh le hOifig an Phríomhoifigigh Oibriúcháin, (091) 493632.

Ceisteanna Coitianta

Chun eolas breise a fháil faoi pháirceáil, téigh chuig an leathanach Ceisteanna Coitianta.

Rothaíocht chuig an gCampas

Tá an clós daingean rothar (féach Léarscáil na nÁiseanna Rothaíochta) ar an taobh thiar d’Fhoirgneamh na nDán/na hEolaíochta. Féadfaidh duine ar bith ag a bhfuil cárta aitheantais do chomhalta foirne/mac léinn na hOllscoile dul isteach sa chlós. Caithfidh tú svaidhpeáil amach freisin. Chun áiseanna rothaíochta níos fearr a chur ar fáil tá racaí breise rothar curtha ar fáil ar fud an champais.

Tá seomraí cithfholcadáin curtha ar fáil do rothaithe i bhfoirgnimh éagsúla (féach Léarscáil na nÁiseanna Rothaíochta). Ní féidir dul isteach sna seomraí cithfholcadáin ná sna seomraí feistis gan cárta rochtana. Ní féidir dul isteach sna leithris i ndiaidh 1800 ach le cárta rochtana. Chun svaidhpchárta a fháil, teastaíonn cárta aitheantais reatha (cártaí foirne ar fáil ó Acmhainní Daonna; cártaí do mhic léinn ar fáil ón Oifig Iontrála).

Chun do chárta a úsáid sna háiseanna seo seol ríomhphost chuig security@universityofgalway.ie leis an eolas seo a leanas:

  • d'ainm
  • uimhir an chárta
  • dáta éaga an chárta

Ag siúl chuig agus timpeall an Champais

Taispeánann an Léarscáil le hAmanna Siúlóide an méid ama a ghlacann sé i nóiméid ó phointí áirithe timpeall na cathrach.

Tá Ollscoil na Gaillimhe ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh aon chonstaic ar dhaoine faoi mhíchumas. Mar sin féin, bíonn deacracht ag seanchampais slí saor ó chéimeanna, fánaí agus gnéithe fisiciúla eile a chur ar fáil.  

Tionscnamh de chuid Oifig an Leas-Uachtaráin d’Eispéireas na Mac Léinn a bhí sa tSlí Ghorm. Tá an tslí ghorm ann chun cuidiú leat do bhealach a dhéanamh trí fhormhór an champais i líne lárnach ón taobh thuaidh go dtí an taobh theas ar bhealach chomh hinrochtana agus is féidir.  Tá eolas faoin tSlí Ghorm ar Léarscáil an Champais ar leathanach na Léarscáileanna.

Iompar Poiblí na Gaillimhe

Tá eolas faoi iompar poiblí le fáil ar galwaytransport.info

Tuarascáil Taistil

Cuir eolas ar Thuarascáil Taistil Inbhuanaithe Ollscoil na Gaillimhe.