OLLSCOIL NA GAILLIMHE

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh áirithe ar cheann den 2% is airde rangú i measc ollscoileanna an domhain. Táimid ann le beagnach dhá chéad bliain agus gaiscí go leor déanta againn san achar sin. Táimid in áit dhraíochtúil anseo in iarthar na hÉireann agus dreach tíre agus cultúr faoi leith ar leic an dorais againn.  Tá ceangal againn le comhpháirtithe thart timpeall na cruinne de thoradh an ghréasáin dhomhanda atá cruthaithe againn. Tá an todhchaí á múnlú ag ár lucht taighde. Tá a bhfuil i ndán dóibh féin á múnlú ag ár mic léinn.

TAIGHDE

Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní i saol an lae inniu. Táimid ann le freastal ar riachtanais an gheilleagair, na sochaí agus an chultúir, anois agus amach anseo. Léigh leat.