-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
- Foghlaim agus Forbairt Ghairmiúil d’Aosaigh
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Eolas Fúinn
I 1845 A CUIREADH TÚS LEIS AR FAD...
B'in an bhliain ar bunaíodh Coláiste na Banríona, Gaillimh. Nuair a bhí foirgneamh breá na Cearnóige tógtha ceithre bliana ina dhiaidh sin, osclaíodh an Ollscoil agus chuir an chéad ghrúpa mac léinn – 63 acu – tús lena gcuid léinn anseo.
Má bhí sí beag go leor ag an tús, tá méadú aisteach tagtha ar OÉ Gaillimh ó thaobh méide agus cáile de le 170 bliain anuas. Áirítear anois muid ar an 2% de na hollscoileanna is fearr ar domhan agus muid aitheanta mar cheann de na hollscoileanna is fearr ar fad ó thaobh dearcadh idirnáisiúnta de.
Cén chaoi ar Ollscoil faoi leith muid?
Labhair le haon duine a bhí ina m(h)ac léinn in OÉ Gaillimh – níl amhras ach gur áit faoi leith í. Áit chroíúil fháilteach é an campas atá againn cois abhann, ach é thar a bheith uaillmhianach freisin. Is ann atá comhluadar ilchineálach beoga comhaltaí foirne agus mac léinn – iad fuinniúil, cruthaitheach agus thar a bheith spreagtha.
Cé go bhfuilimid fréamhaithe go daingean in iarthar na hÉireann, gona thaobh tíre agus a chultúr faoi leith, táimid freisin ag dul i gcion ar an domhan mór lenár ngréasán domhanda tionscadal agus comhpháirtíochtaí.
Is ollscoil muid atá dár dtreorú ag taighde, agus is ar an gcaoi a dtéimid i gcion ar an domhan mór thart orainn a thomhaisimid an rath atá orainn san obair sin. Téann ár gcuid taighde i ngleic le cuid de na ceisteanna is tábhachtaí dá bhfuil ann faoi láthair, mar shampla cearta an duine, feistí leighis, agus a lán eile nach iad.
Fáilte go Gaillimh
Níl slí níos fearr le heolas a chur ar an Ollscoil speisialta seo ná cuairt a thabhairt ar an gcampas. Feicfidh tú féin ansin an áit a mbíonn ár bhfoireann agus ár mic léinn ag obair, ag staidéar, ag ithe, ag maireachtáil agus ag baint scléip as an saol. Tuige nach ndéanfá dreas siúlóide feadh bhruach na habhann, nó cuairt a thabhairt ar chuid de na taispeántais chultúir ar an gcampas? Mar shampla, tá trí mhúsaem againn ar an gcampas, agus saorchead isteach iontu go léir.
Gaillimh ó thaobh figiúirí agus uimhreacha de
Tá os cionn 17,000 mac léinn san Ollscoil seo agus thart faoi 2,500 duine atá ar an bhfoireann oibre. Déantar an teagasc i 60 disciplín léinn, agus iad sin eagraithe i 16 Scoil; tá siad sin iad féin eagraithe i gcúig cinn de Choláistí.
Tagann níos mó ná €50 milliún chun na hOllscoile chuile bhliain in ioncam díreach taighde. Tá ionaid agus institiúidí taighde san Ollscoil a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud an domhain as feabhas a gcuid taighde. Chuile bhliain, nochtann an Ollscoil go bhfuil de bhreis ar 40 aireagán nua cruthaithe aici.