Taighde in OÉ Gaillimh

Tá an taighde beo beathach san Ollscoil seo. Tagann taighdeoirí, acadóirí, fiontraithe agus mic léinn den chéad scoth chuig an Ollscoil toisc go bhfuil pobal taighde chomh fuinniúil sin anseo.

An Leigheas a Chur Chun Cinn le Fionnachtana

Eolaíocht agus Innealtóireacht Bhithleighis

Samplaí den taighde sa réimse seo is ea forbairt bithábhar chun fíochán croí a bhfuil dochar déanta dó a leigheas, agus trialacha cliniciúla ina mbaintear úsáid as gaschealla chun faoiseamh a thabhairt ó shiomptóim an oisté-airtrítis. Tá an todhchaí á múnlú ag ár lucht taighde.

Tá na taighdeoirí ag díriú ar chuid de na dúshláin mhóra leighis atá romhainn inniu, ar a n-áirítear an galar cardashoithíoch, ailse, neamhoird ortaipéideacha, agus galair néaraimheathlúcháin. 

Is ceannródaithe domhanda iad ár ngrúpaí eolaíochta bithí agus oibríonn siad ar leigheas athghiniúnach agus taighde ar ghaschealla, bitheolaíocht ailse, apaptóis, bitheolaíocht chrómasómach, bithmheicnic agus bithábhair.

Cuir bior ar d’aigne...

 

Léigh leat anseo

Téamaí Taighde

Tá cúig cinn de théamaí taighde thrasdisciplíneacha ag an Ollscoil, agus iad ag tógáil ar a bhfuil bainte amach againn go hidirnáisiúnta. Tá institiúid taighde den chéad scoth ag gabháil do gach aon cheann de na réimsí taighde sin. Dírímid ar thaighde a fhreastalaíonn ar riachtanais an gheilleagair, na sochaí agus an chultúir, anois agus amach anseo.

Forbairt na chéad ghlúine eile den teicneolaíocht

Ionformaitic, Anailísíocht Sonraí, Eolaíochtaí Fisiciúla agus Ríomhaireachtúla

Samplaí den taighde sa réimse seo is ea an úsáid atá á baint as Olltiomsú Sonraí chun cúrsaí gnó a chur chun cinn agus chun leas na sochaí trí chéile a dhéanamh, agus an feabhas atá á chur ar íomháú leighis ar mhaithe le hothair. Tá an todhchaí á múnlú ag ár lucht taighde.

Baineann ár gcuid taighdeoirí leas as an ngréasán domhanda comhpháirtithe atá acu le páirt a ghlacadh in iarrachtaí le caighdeánú a thabhairt i gcrích ar bhonn domhanda, mar aon le feabhas a chur ar an gcaoi a ndéanann daoine agus gnólachtaí cumarsáid agus idirghníomhaíocht lena chéile. Téimid i ngleic freisin leis na fadhbanna a bhaineann le tacair ollmhóra sonraí a thagann ó ghníomhaíochtaí íomháúcháin, agus an ríomhchumhacht mhór a bhíonn de dhíth leis an ábhar sin a laghdú, a anailísiú agus a amharcíomháú.

Léigh Leat Anseo

Réimsí Taighde

Aithnítear OÉ Gaillimh mar cheannródaí sna cúig réimse taighde atá againn.

Tá institiúidí taighde a bhfuil dea-cháil orthu lonnaithe laistigh de na réimsí taighde trasdisciplíneacha seo. Meallann siad an caighdeán is airde taighdeoirí, acadóirí, fiontraithe agus mac léinn.

Leanaimid ar aghaidh i mbun forbartha ar ár dtosaíochtaí taighde mar aon le tacú le taighde nua agus trasghabhálach.

Todhchaí Inbhuanaithe a Fhorbairt

Comhshaol, Mara agus Fuinneamh

Idir theacht ar éiceachórais nua ar ghrinneall an Aigéin Atlantaigh, agus feabhas a chur ar bharra bia i dtíortha atá i mbéal forbartha le seicheamhú géanóim. Tá ár gcuid taighdeoirí ag múnlú na todhchaí.

Cumhdaíonn taighde sa réimse seo athrú agus mionsamhlú comhshaoil, léann an atmaisféir, bithéagsúlacht agus bithfhaisnéisíocht, dlí agus eolaíocht mhuirí, agus fuinneamh inmharthana. Cuideoidh ár gcuid oibre le haghaidh a thabhairt ar chothromaíocht a bhaint amach idir fás geilleagrach agus tionchar comhshaoil. Táimid meáite ar éifeachtúlachtaí feabhsaithe fuinnimh agus ar mhodhanna caomhantais, ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh agus ar ardteicneolaíochtaí an chomhshaoil a bhaint amach.

Léigh Leat Anseo

Taighde agus Nuálaíocht in OÉ Gaillimh

Agus í suite ar imeall na hEorpa, is suíomh dinimiciúil í OÉ Gaillimh don taighde agus don nuálaíocht.  Is é an cur chuige atá againn an comhar, an chruthaitheacht, an idirdhisciplíneacht agus an fhiontraíocht. Táimid i gcomhpháirtíocht le beagnach 3,000 institiúid taighde ar fud an domhain agus tá gréasán domhanda saineolais cruthaithe againn dá bharr.

Dul i gcion ar Dhaoine, an Todhchaí a athrú

Eolaíochtaí Sóisialta Feidhmeacha agus Beartas Poiblí

Idir dhúshláin an ghnó agus na sochaí, áit a ndéanann ár smaointeoireacht nuálaíoch athrú mór, agus saol daoine imeallaithe ó lá go lá, áit ar féidir lenár gcuid taighde beartas rialtais a fheabhsú. Tá ár gcuid taighdeoirí ag múnlú na todhchaí.

Fiosraíonn cláir thaighde sa réimse seo nuálaíocht eacnamaíoch, athruithe sóisialta, cuimsiú sóisialta, forbairt chothromaithe agus sláinte.

Agus muid ag féachaint ar an saolré, ó óige go seanaois, déanaimid athbhreithnithe saindírithe ar phríomhréimsí beartais. Cuireann sé sin ar ár gcumas oibriú i gcomhar le lucht déanta beartas agus beartais nua á gcur le chéile. Cuireann sé ar ár gcumas oibriú go dlúth le grúpaí áitiúla, réigiúnacha agus idirnáisiúnta chun seirbhísí nua a fhorbairt agus a dhearadh.

Léigh Leat Anseo

Taighde agus Nuálaíocht in OÉ Gaillimh

Tugann ár gcuid taighde aghaidh ar cheisteanna a mbaineann tábhacht eacnamaíoch agus shochaíoch leo go hidirnáisiúnta. Táimid ag dul i ngleic le dúshláin mhóra leighis trí eolaíocht gascheall, trí leas a bhaint as Olltiomsú Sonraí, trí athrú comhshaoil a mhionsamhlú agus trí lucht déanta cinntí gnó agus sochaí a chur ar an eolas.

Tríd an taighde a dhéanaimid feictear fionnachtana a athraíonn an saol agus beartais a athraíonn an todhchaí, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon. Táimid ag tabhairt smaointe nuálacha chun réalaíochta.

An t-am atá caite a thuiscint ar mhaithe le todhchaí níos fearr

Na Daonnachtaí i gComhthéacs, ina measc na Daonnachtaí Digiteacha

Idir bheocht a thabhairt d'análacha chartlann chultúir na hÉireann leis an teicneolaíocht dhigiteach, agus tuiscint a fháil ar an am i láthair tríd an stair a iniúchadh. Tá ár gcuid taighdeoirí ag múnlú na todhchaí.

Is réimse bhríomhar scoláireachta agus díospóireachta é taighde sna daonnachtaí. Ar na cláir atá againn tá taighde ar láithreacht na hÉireann i bpobal na hEorpa agus an domhain agus an cion atá déanta aici d'fhorbairtí idirnáisiúnta. Dírímid, freisin, ar léann na Gaeilge agus an chultúir.

Tá bailiúchán den scoth againn d'ábhar cartlainne ón 15ú hAois. Tá bailiúcháin amharclannaíochta, scannánaíochta agus taibhealaíon againn ó Amharclann na Mainistreach, ón Druid agus ó Thaibhdhearc na Gaillimhe, ó Shiobhán McKenna agus ó John Huston; bailiúcháin litríochta ó John McGahern, Tom Kilroy agus Tim Robinson; agus bailiúcháin staire agus pholaitíochta ó Brendan Duddy, Kevin Boyle agus Michael Cusack. 

Léigh Leat Anseo