-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Dioplóma Iarchéime
Leagan Amach an Chúrsa
Tá an spriocdháta caite anois d’iarratais ar líne don bhliain acadúil seo. Bí i dteagmháil le celt@universityofgalway.ie
Is féidir leis an té a dhéanann an Teastas Iarchéime (Teagasc agus i bhFoghlaim), (30 ECTS san iomlán) dul ar aghaidh agus tabhairt faoin Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Acadúil), clár páirtaimseartha, 30 ECTS, atá dírithe ar chabhrú leat do chleachtas a fhorbairt i do róil acadúla.
Cuireann an clár cáilíocht ghairmiúil i gcleachtas acadúil ar fáil don fhoireann in Ollscoil na Gaillimhe ar bhealach solúbtha, bunaithe ar thaighde agus ar chleachtas. Tá roinnt modúl (10 ECTS) ar fáil astu féin agus bronnfar cáilíocht má dhéantar trí cinn ar bith anuas ar an Teastas Iarchéime. Gheobhaidh rannpháirtithe rathúla a bhfuil 60 ECTS san iomlán acu (Teastas Iarchéime agus Dioplóma Iarchéime) Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Acadúil). Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar na modúil aonair faoi Imlíne an Chúrsa.
Má bhíonn aon cheist agat, déan teagmháil le celt@universityofgalway.ie
Leagan Amach an Chúrsa
Seo a leanas na modúil a bheas ar fáil mar chuid den Dioplóma Iarchéime, nó astu féin (i.e. ní gá go mbeifeá ag tabhairt faoin Dioplóma Iarchéime ina iomláine; d’fhéadfá modúl nó dhó ar suim leat iad a dhéanamh). Tá 10 ECTS le gach modúl, agus tá a riachtanais mheasúnaithe féin ag gach ceann.
- CEL263 Teicneolaíochtaí Foghlama (Seimeastar 1)
Léargas leathan ar theicneolaíochtaí atá sa mhodúl seo agus an leas atá iontu don teagasc agus don fhoghlaim san ardoideachas. Beidh blaiseadh le fáil ann de na peirspictíochtaí teoiriciúla agus criticiúla atá ann agus atá ag teacht chun cinn ach beidh go leor den bhéim ar an úsáid phraiticiúil agus ar an bhfoghlaim ó chás-staidéir agus ó shamplaí.
I measc na dtopaicí a bheas idir lámha beidh: léiriú físeáin agus fuaime digití; ilmheáin idirghníomhacha don fhoghlaim ar líne; uirlisí aiseolais agus measúnaithe; acmhainní oideachais oscailte; anailísíocht foghlama agus an plé ar ‘fhaireachas’; scileanna digiteacha na mac léinn a fhorbairt; teicneolaíochtaí nua san ardoideachas (e.g. réaltacht fhíorúil/bhreisithe); teicneolaíochtaí don chruthaitheacht agus don turgnamhaíocht; eiticí, cumasú agus freagracht sa teicneolaíocht oideachais.
Ceardlanna atá i gceist leis an modúl seo; agus beidh aoiléachtóirí, acmhainní ar líne, taispeántais, plé, taighde agus machnamh mar chuid de. Beifear ag súil go gcuirfidh mic léinn an fhoghlaim i bhfeidhm ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim ina réimse féin agus beidh siad gníomhach sa chur agus cúiteamh ar na topaicí seo. - CEL264 Ag Tacú le Foghlaim na Mac Léinn (Seimeastar 2)
Clúdaíonn an modúl seo réimse topaicí atá riachtanach go n-éireoidh le mac léinn go hacadúil. Is minic gur bac nó údar struis go leor díobh seo do mhic léinn agus scaití eile cuidíonn siad le mic léinn. Breathnaíonn na rannpháirtithe orthu le chéile mar ghrúpa agus tagann roinnt aoichainteoirí isteach, ó raon leathan seirbhísí tacaíochta na hollscoile, agus breathnaíonn siad ar ábhar scríofa agus ar dhíospóireachtaí reatha polasaithe.
Tá scóip ann chun plé, aimsiú agus anailís a dhéanamh, in atmaisféar cairdiúil agus tacúil. Tá gach plé sa rang, agus sa limistéar plé ar líne, príobháideach, laistigh den ghrúpa agus d’fhoireann an chúrsa. Cuireann sé seo spás sábháilte ar fáil do phlé macánta agus oscailte, le comhbhá agus meas ar a chéile.
- CEL277 Staidéar Neamhspleách (ar feadh na bliana acadúla)
Modúl staidéir neamhspleách, a thugann deis do rannpháirtithe tabhairt faoi fhiosrúchán ar scála beag dá rogha féin agus é a dhearadh. Is féidir éagsúlacht topaicí agus cur chuige a dhéanamh, agus cé nach mbíonn aon seisiúin teagaisc ann, beidh cruinniú eolais ar siúl go luath sa bhliain acadúil dóibh siúd ar spéis leo a dtionscadal féin a dhéanamh.
Cuirtear eolas riachtanach ar fáil trí Canvas. Ritheann an modúl ar feadh na bliana acadúla, chun ligean do chomhghleacaithe a bheith páirteach ar bhonn rollach chun freastal ar shrianta ualaigh oibre. - CEL6102 Teagasc ar Líne (Seimeastar 2)
Is minic gur dúshlán é cúrsaí ar líne a mhúineadh agus a dhearadh. Scrúdóidh an cúrsa seo teoiric agus dearadh praiticiúil an teagaisc chumaisc agus an teagaisc ar líne.
Léiríonn na gníomhaíochtaí foghlama agus na measúnuithe dhá ghné ag teacht le chéile: turas pearsanta a léirítear i do thascanna aonair, agus comhiarracht a léirítear trí phlé gníomhach ar líne.
Leis an gcomhiarracht caithfidh tú a bheith páirteach i seisiúin teagaisc ar líne agus in athbhreithniú piaraí agus i gcomhoibriú ar líne. Ar an gcaoi sin, gheobhaidh tú léargas díreach ar an taithí a bhaineann le bheith i d’fhoghlaimeoir ar líne. - CEL6103 Forbairt Gairme Taighde agus Stiúradh Iarchéime a Fhorbairt (Seimeastar 1)
Tá an modúl 10 ECTS seo oiriúnach do stiúrthóirí nua iarchéime agus stiúrthóirí a bhfuil níos mó taithí acu ar mian leo cur lena gcleachtas. Seimineáir ar líne atá i gceist agus ábhar féinstaidéir. Dhá chuid atá ann:
- Breathnaímid ar fhorbairt do ghairme beatha taighde féin, ag machnamh ar an áit a bhfuil tú faoi láthair agus ag déanamh plean gnímh do na chéad chéimeanna eile i do thaighde féin;
- Déanaimid iniúchadh ar na céimeanna éagsúla de stiúradh na céime taighde – ag tosú amach, foinsí tacaíochta na hinstitiúide, caidrimh stiúrthóireachta a fhorbairt, tacú le scríbhneoireacht na mac léinn agus próisis mheasúnaithe dochtúireachta.
Tá dhá thasc measúnaithe ar an modúl seo, ceann a bhaineann le gach cuid den churaclam.
Nua in 2024/2025
- CEL6108 Coláisteacht, Ceannaireacht & Bainistíocht san Oideachas
Forbhreathnú agus iniúchadh ar roinnt príomhghnéithe a bhaineann le ceannaireacht agus bainistiú a dhéanamh ar theagasc agus ar fhoghlaim san ardoideachas. - CEL6109 Inbhuanaitheacht sa Teagasc & san Fhoghlaim Ardoideachais
Tá sé mar aidhm leis an modúl seo sainmhínithe agus prionsabail éagsúla choincheap na hinbhuanaitheachta a léirmhíniú agus cuirtear spás ar fáil do rannpháirtithe chun inbhuanaitheacht a leabú ina gcleachtas teagaisc agus foghlama féin. I measc na n-ábhar a scrúdófar tá cuir chuige oideolaíocha don inbhuanaitheacht; teicnící teagaisc chun inbhuanaitheacht a leabú sa churaclam; uirlisí digiteacha chun na SDGanna a leabú i modúil ollscoile; foghlaim conas spásanna níos sábháilte a chur ar fáil do mhic léinn chun eagla agus imní a chur in iúl faoin ngéarchéim aeráide. Spreagfar rannpháirtithe an mhodúil seo chun a gcuid foghlama a chur i bhfeidhm ina réimse ábhair féin.
Má bhíonn aon cheist agat, cuir scéala chuig celt@universityofgalway.ie
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Feileann an Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Acadúil) go mór mór dóibh siúd a bhfuil roinnt blianta teagaisc déanta acu san ardoideachas. Soláthraíonn an clár deis chun an cleachtas reatha a fheabhsú trí mhachnamh criticiúil agus léannta, agus forbairt scileanna. Mar sin féin, tá sé luachmhar freisin do mhúinteoirí ollscoile luathghairme atá ag lorg cur amach níos fearr ar ghnéithe éagsúla den chleachtas acadúil.
Táillí an Chúrsa
Ní íocann foireann Ollscoil na Gaillimhe táillí ar an gclár seo.
Caithfidh iarrthóirí seachtracha táillí a íoc de ghnáth. Chun breis eolais a fháil déan teagmháil le celt@universityofgalway.ie
Tuilleadh Eolais
An tIonad Sárchaighdeáin Foghlama & Teagaisc
AMB1012, Áras Dán na Mílaoise
Ollscoil na Gaillimhe
Teil. 091 492 2924
Ríomhphost celt@universityofgalway.ie
Iarratais & Roghnúchán
10 Meitheamh 2024 an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte.
Online applications for Academic Year 24/25 now closed. Please contact celt@universityofgalway.ie
Déanfar áit a thairiscint d’iarratasóirí rathúla faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2024.
Eolas faoi na Teagascóirí
Le dearbhú

Alma Siggins | Léachtóir, Scoil na nEolaíochtaí Bitheacha agus Ceimiceacha
Rinne mé an Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Acadúil) in 2023. Thug an Dioplóma Iarchéime an treoir agus na scileanna dom machnamh a dhéanamh ar mo chleachtas múinteoireachta agus é a fhorbairt. Rinneamar iniúchadh freisin ar raon teicneolaíochtaí agus uirlisí nua atá ag teacht chun cinn agus atá ar fáil don teagasc. Is tacaíocht an-phraiticiúil a bhí anseo chun cur chuige teagaisc nua-aimseartha tarraingteach a fhorbairt. Is cinnte go molfainn an Dioplóma Iarchéime d’aon duine acadúil atá ag iarraidh a chinntiú go bhfuil siad eolach ar gach ceann de na teicneolaíochtaí nua atá ar fáil chun tacú le teagasc gníomhach i dtimpeallacht nua-aimseartha mac léinn.