-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
MA (Cleachtas Acadúil)
Imlíne an Chúrsa
Tá an spriocdháta caite anois d’iarratais ar líne don bhliain acadúil seo. Bí i dteagmháil le celt@universityofgalway.ie
Fáilte chuig an gcéim dheireanach de chláir mhúinte atá ar fáil in CELT – MA (Cleachtas Acadúil). Is éard atá anseo ná dhá mhodúl idirnasctha ar fiú 30 ECTS san iomlán iad.
Tá 10 ECTS in CEL284 agus ritheann sé thar sheimeastar 1 agus 2 araon. Roimh shos na Nollag, dírímid ar chur chuige i leith an taighde, agus i ndiaidh na Nollag féachaimid níos mó ar phróiseas an MA. Déanann go leor daoine an MA in aon bhliain acadúil amháin, ach go teicniúil tá 18 mí agat don phróiseas seo.
Torthaí foghlama beartaithe:
Faoi dheireadh an mhodúil seo, beidh ar chumas na rannpháirtithe an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Príomhcheisteanna i bpolasaithe agus i gcleachtas ardoideachais a aithint fad a bhaineann siad leis an ábhar fiosrúcháin;
- Dearadh taighde a chur le chéile a oireann do dhul i ngleic leis na ceisteanna taighde aitheanta; agus
- Toisí eiticiúla an taighde atá beartaithe a aithint.
Toisc go bhfuil trasnaíl idir an modúl seo agus an miontráchtas is fiú breathnú ar na torthaí foghlama atá beartaithe do CEL285 (20 ECTS) anseo:
- Taighde a dhéanamh ar ghné den teagasc, den fhoghlaim nó gné eile de chleachtas acadúil comhaimseartha;
- Modheolaíochtaí taighde cuí a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna taighde aitheanta;
- Measúnú a dhéanamh ar théagar an bhundearaidh taighde, lena n-áirítear na ceisteanna taighde, an mhodheolaíocht, an chreatlach eitice agus anailíse; agus
- Torthaí taighde a chur i láthair i bhfoirm miontráchtais.
Baineann an chéad phéire leis an togra a leagfaidh tú isteach mar mheasúnú in CEL284 – ach d’fhéadfadh sé tarlú go mbeidís leasaithe agus tú i mbun an mhiontráchtais.
Príomhghnéithe an chláir:
Sa dá mhodúl, úsáidtear na gnéithe measúnaithe seo a leanas:
Obair ar siúl:
Caithfidh gach mac léinn MA dhá chur i láthair ar obair ar siúl a dhéanamh. Beidh an chéad cheann ar siúl luath sa phróiseas, cuirfidh tú do smaoineamh i láthair agus an réasúnaíocht; beidh an dara ceann níos deireanaí nuair a bheidh tú in ann an dearadh taighde a phlé go muiníneach idir bhailiú sonraí atá beartaithe agus aon cheisteanna eiticiúla a d’fhéadfadh a bheith i gceist. D’fhéadfadh an dara cur i láthair a bheith ar siúl nuair atá réamhthorthaí faighte agat nó i gcás an té a thugann faoin gcúrsa thar 18 mí, sa chéad Seimeastar an bhliain dár gcionn. Ní mhairfidh an cur i láthair níos faide ná 10-15 nóiméad, agus beidh ceisteanna agus plé ina dhiaidh sa ghrúpa.
Faomhadh eiticiúil:
Más cuí. Tá socrú ag CELT le Scoil an Oideachais chun athbhreithniú eiticiúil a dhéanamh ar thionscadail taighde na ‘mac léinn’. Ní mór faomhadh a fháil, más gá, sula mbaileofar aon sonraí.
Togra taighde:
Is é an togra an measúnú deiridh do CEL284 agus marcálfar Pas/Teip air.
Miontráchtas:
Is é an tráchtas an measúnú deiridh don MA. Bíonn idir 12,000-15,000 focal ann.
Má tá suim agat an MA a dhéanamh, téigh i dteagmháil le celt@universityofgalway.ie