-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Cúrsaí Micridhintiúr
Leagan Amach an Chúrsa
Tá an spriocdháta caite anois d’iarratais ar líne don bhliain acadúil seo. Bí i dteagmháil le celt@universityofgalway.ie
Tá roinnt gearrchúrsaí ag CELT (a mhaireann seimeastar amháin go hiondúil), is féidir a dhéanamh le teann spéise, d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach, nó a chur le chéile chun cáilíocht Dioplóma Iarchéime a bhaint amach. Déantar athbhreithniú go minic ar na cúrsaí seo chun réimsí spéise agus forbairtí nua san ardoideachas agus sa chleachtas acadúil a léiriú. Bíonn micridhintiúr nó modúl ar fáil ag brath ar éileamh, acmhainní agus amchláir.
Seo a leanas na modúil/micridhintiúir atá againn faoi láthair (10 ECTS, NFQ Leibhéal 9 ar fad):
CEL263 Teicneolaíochtaí Foghlama
Léargas leathan ar theicneolaíochtaí atá sa mhodúl seo agus an leas atá iontu don teagasc agus don fhoghlaim san ardoideachas. Beidh blaiseadh le fáil ann de na peirspictíochtaí teoiriciúla agus criticiúla atá ann agus atá ag teacht chun cinn ach beidh go leor den bhéim ar an úsáid phraiticiúil agus ar an bhfoghlaim ó chás-staidéir agus ó shamplaí.
I measc na dtopaicí a bheas idir lámha: léiriú físeáin agus fuaime digití; ilmheáin idirghníomhacha don fhoghlaim ar líne; uirlisí aiseolais agus measúnaithe; acmhainní oideachais oscailte; anailísíocht foghlama agus an plé ar ‘fhaireachas’; scileanna digiteacha na mac léinn a fhorbairt; teicneolaíochtaí nua san ardoideachas (e.g. réaltacht fhíorúil/bhreisithe); teicneolaíochtaí don chruthaitheacht agus don turgnamhaíocht; eiticí, cumasú agus freagracht sa teicneolaíocht oideachais.
Ceardlanna atá i gceist leis an modúl seo; agus beidh aoiléachtóirí, acmhainní ar líne, taispeántais, plé, taighde agus machnamh mar chuid de. Beifear ag súil go gcuirfidh mic léinn an fhoghlaim i bhfeidhm ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim ina réimse féin agus beidh siad gníomhach sa chur agus cúiteamh ar na topaicí seo.
CEL264 Tacú le Foghlaim na Mac Léinn
Clúdaíonn an modúl seo réimse topaicí atá riachtanach go n-éireoidh le mac léinn go hacadúil. Is minic gur bac nó údar struis go leor díobh seo do mhic léinn agus scaití eile cuidíonn siad le mic léinn. Breathnaíonn na rannpháirtithe orthu le chéile mar ghrúpa agus tagann roinnt aoichainteoirí isteach, ó raon leathan seirbhísí tacaíochta na hollscoile, agus breathnaíonn siad ar ábhar scríofa agus ar dhíospóireachtaí reatha polasaithe.
Tá scóip ann chun plé, aimsiú agus anailís a dhéanamh, in atmaisféar cairdiúil agus tacúil. Tá gach plé sa rang, agus sa limistéar plé ar líne, príobháideach, laistigh den ghrúpa agus d’fhoireann an chúrsa. Cuireann sé seo spás sábháilte ar fáil do phlé macánta agus oscailte, le comhbhá agus meas ar a chéile.
CEL277 Staidéar Neamhspleách
Modúl staidéir neamhspleách, a thugann deis do rannpháirtithe tabhairt faoi fhiosrúchán ar scála beag dá rogha féin agus é a dhearadh. Is féidir éagsúlacht topaicí agus cur chuige a dhéanamh, agus cé nach mbíonn aon seisiúin teagaisc ann, beidh cruinniú eolais ar siúl go luath sa bhliain acadúil dóibh siúd ar spéis leo a dtionscadal féin a dhéanamh. Cuirtear eolas riachtanach ar fáil trí Canvas. Ritheann an modúl ar feadh na bliana acadúla, chun ligean do chomhghleacaithe a bheith páirteach ar bhonn rollach chun freastal ar shrianta ualaigh oibre.
CEL6102 Teagasc ar Líne
Is minic gur dúshlán é cúrsaí ar líne a mhúineadh agus a dhearadh. Scrúdóidh an cúrsa seo teoiric agus dearadh praiticiúil an teagaisc chumaisc agus an teagaisc ar líne. Léiríonn na gníomhaíochtaí foghlama agus na measúnuithe dhá ghné ag teacht le chéile: turas pearsanta a léirítear i do thascanna aonair, agus comhiarracht a léirítear trí phlé gníomhach ar líne. Leis an gcomhiarracht caithfidh tú a bheith páirteach i seisiúin teagaisc ar líne agus in athbhreithniú piaraí agus i gcomhoibriú ar líne. Ar an gcaoi sin, gheobhaidh tú léargas díreach ar an taithí a bhaineann le bheith i d’fhoghlaimeoir ar líne.
CEL6103 Forbairt & Stiúradh Taighde
Tá dhá chuid sa churaclam: díriú ar dtús ar do ghairm bheatha taighde féin a fhorbairt, agus ansin iniúchadh mionsonraithe ar chleachtais stiúrthóireachta iarchéime.
CEL6108 Coláisteacht, Ceannaireacht & Bainistíocht
Forbhreathnú agus iniúchadh ar roinnt príomhghnéithe a bhaineann le ceannaireacht agus bainistiú a dhéanamh ar theagasc agus ar fhoghlaim san ardoideachas.
CEL6109 Inbhuanaitheacht sa Churaclam
Tá sé mar aidhm leis an modúl seo sainmhínithe agus prionsabail éagsúla choincheap na hinbhuanaitheachta a léirmhíniú agus cuirtear spás ar fáil do rannpháirtithe chun inbhuanaitheacht a leabú ina gcleachtas teagaisc agus foghlama féin.
I measc na n-ábhar a scrúdófar tá cuir chuige oideolaíocha don inbhuanaitheacht; teicnící teagaisc chun inbhuanaitheacht a leabú sa churaclam; uirlisí digiteacha chun na SDGanna a leabú i modúil ollscoile; foghlaim conas spásanna níos sábháilte a chur ar fáil do mhic léinn chun eagla agus imní a chur in iúl faoin ngéarchéim aeráide. Spreagfar rannpháirtithe an mhodúil seo chun a gcuid foghlama a chur i bhfeidhm ina réimse ábhair féin.