Teicneolaíochtaí don Teagasc agus don Fhoghlaim

a set of headphones on a laptop on a wooden desk

Cuirtear tacaíocht ar fáil do raon leathan teicneolaíochtaí chun cuidiú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim, ar líne agus sa seomra ranga.  Táimid ag obair go dlúth lenár gcomhghleacaithe in ISS agus i bhFoirgnimh & Eastáit le cinntiú go mbeidh an trealamh agus córais atá ag teastáil acu siúd a bhíonn ag teagasc ar chúrsaí uile na hOllscoile.  Cuidíonn saineolas CELT sna réimsí seo le Coiste Teagaisc & Foghlama na hOllscoile nuair atá cinneadh le déanamh ar chórais agus bogearraí don teagasc san Ollscoil.


Teicneolaíochtaí Closamhairc & Seomra Ranga

Cuireann foireann na gCóras Closamhairc & Seomra Ranga tacaíocht, oiliúint agus comhairle ar fáil faoi threalamh sna léachtlanna agus i spásanna lárnacha teagaisc eile (déanann roinnt Scoileanna a socruithe féin maidir le háiseanna teagaisc (e.g. saotharlanna)). Tá an fhoireann freagrach freisin as dearadh, comhtháthú agus córais rialaithe agus tá siad páirteach i líonraí agus in eagraíochtaí gairmiúla cuí. 

Tá liosta iomlán trealaimh i ngach ionad teagaisc, mar aon le treoracha, agus eolas tacaíochta eile ar fáil ar na leathanaigh Nod don Eolach.   Má bhíonn aon deacracht agat nó aon fhadhb theicniúil agat croch ticéad ar dheasc chabhrach na hollscoile agus fillfidh an fhoireann ort a luaithe in Éirinn agus is féidir. Is féidir glao a chur ar fholíne 2173 chomh maith. Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig audiovisual@universityofgalway.ie 


Teicneolaíochtaí ar Líne

Hands on a laptop on a plain background

Is é Canvas Timpeallacht Fhíorúil Foghlama (nó ‘Córas Bainistíochta Foghlama’ na hOllscoile). Tá sraith uirlisí anseo agus oibríonn sé go maith leis na Córais Bainistíochta Curaclam agus Thaifid na Mac Léinn.

Cuirtear ar fáil é i gcomhar lenár gcomhghleacaithe in ISS.  Tá Tacaíocht Canvas againn chomh maith rud a fhágann go bhfuil tacaíocht ar fáil 24/7 ó fhoireann Canvas don fhoireann agus do mhic léinn.

Má tá aon cheist ghinearálta agat faoi Canvas a úsáid, ná bíodh drogall ort bleid a bhualadh orainn.  Má tá aon cheist agat faoi aon ghné ar leith den ollscoil, bí i dteagmháil le Teicneolaí Foghlama do Choláiste, nó leis an bhFoireann Teicneolaíochtaí Foghlama in CELT celt@universityofgalway.ie

Is iad na Teicneolaithe Foghlama i ngach aon Choláiste ná: 

  • Sergei Medvedev, Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí
  • Aidan O'Callaghan, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh 
  • Niall Flaherty, Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta  
  • Le deimhniú, Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte  

I measc na dteicneolaíochtaí atá ar fáil in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair tá siad seo a leanas: 

Canvas VLE logo

  • Canvas 
  • Canvas Studio (córas óstála físeán) 
  • MS Teams nó Zoom (do chruinnithe beo ar líne agus obair thionscadail) 
  • Turnitin (uirlisí meaitseála téacs) 
  • Vevox (uirlís vótála agus rannpháirtíochta) 
  • H5P (chun ábhar ilmheán idirghníomhach a chruthú agus a roinnt) 
  • Padlet (trí iarratas ar cheadúnas aonair – uirlís don chomhoibriú agus don fhoghlaim ghníomhach) 
  • Hypothes.is (uirlis chomhoibríoch anótála)

Stiúideo Ilmheán & Léiriú agus Dearadh Ábhar

a recording studio control area with screens

I measc na n-áiseanna atá ar fáil don fhoireann, tá stiúideo físeán den scoth ag CELT a bhfuil réimse acmhainní ann mar atá ceamaraí éagsúla, scáileán glas, leideoir, bord soilsithe agus go leor eile. Tá an stiúideo in Áras Dán na Mílaoise agus tá insliú fuaime déanta air ionas gur féidir é a úsáid mar ionad taifeadta fuaime den scoth.  Caithfidh fios do ghnó a bheith agat ag plé leis an seomra eagarthóireachta mar sin tá bainisteoir an stiúideo agus daoine eile ar fáil le cúnamh a thabhairt duit le haon tionscadal atá agat, ó thaifeadtaí gearra go hobair níos leithne ina dteastaíonn iarléiriú, etc.  Chun tuilleadh eolais a fháil, nó áirithint a dhéanamh, seol ríomhphost chuig studio@universityofgalway.ie  

Anuas air sin, tá an fhoireann teicneolaíochtaí foghlama (agus na Teicneolaithe Foghlama/na Forbróirí Ábhair Ilmheáin sna Coláistí nó Scoileanna) in ann comhairle a thabhairt ar dhearadh agus léiriú ábhair ilmheáin eile agus go mór mór, prionsabail an dearaidh chun úsáid níos fearr a bhaint as Canvas. 

Don té atá ag iarraidh taifeadtaí sciobtha, simplí a dhéanamh ar cheamara (le cur i láthair PowerPoint nó dá uireasa) tá mion-stiúideo sa Leabharlann, ní theastaíonn uait ach maide cuimhne USB agus níl le brú agat ach aon chnaipe amháin. 


An Teanglann

Tá an Teanglann agus an seomra ateangaireachta á n-óstáil ag CELT in Áras Dán na Mílaoise agus á mbainistiú ag CELT, foireann Scoil na dTeangacha & na Litríochtaí, agus an tAcadamh.