Cúnamh le do chúrsa a roghnú

Bíonn sé deacair cúrsa a roghnú scaití. Is fiú smaoineamh ar an méid seo a leanas agus rogha á déanamh agat:

  • cuimhnigh ar na nithe a bhfuil suim agat iontu agus ar do chuid buanna féin                 
  • féach ar ábhar an chúrsa agus ar an modh seachadta
  • téigh i dteagmháil le riarthóir an chúrsa chun eolas breise a fháil
  • conairí gairme féideartha agus riachtanais oiliúna a aithint i do chuideachta
  • bíodh do rogha bunaithe ar an eolas ar fad atá ar fáil duit

Ar go leor de na cúrsaí is féidir teastas a bhaint amach i ndiaidh bliana nó dioplóma a bhaint amach i ndiaidh dhá bhliain, mar sin bíonn rogha agat an cúrsa a fhágáil (le dámhachtain acadúil) má bhíonn tú ag iarraidh cúrsa a athrú nó deireadh a chur leis an staidéar níos luaithe. 

Filleadh ar chúrsaí foghlama

Mura bhfuil tú cinnte cén cúrsa le tabhairt faoi, cuireann an Ollscoil roinnt bonnchúrsaí ar fáil freisin i réimse na hEolaíochta & na Teicneolaíochta, an Ghnó agus na nDaonnachtaí. Tugann na cúrsaí seo deis duit blaiseadh a fháil de na hábhair seo ag an mbonnleibhéal ar feadh bliana.

Is maith a ullmhóidh na hábhair seo an mac léinn páirtaimseartha don saol ollscoile. I ndiaidh an bhonnchúrsa d'fhéadfá leanúint leis an staidéar ag leibhéal céime. Cuirtear Baitsiléir san Eolaíocht, Baitsiléir sa Tráchtáil agus Baitsiléir sna Dána ar fáil go páirtaimseartha. Féach liosta iomlán na gcúrsaí.