-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Cáilíochtaí & Riachtanais Iontrála
Cáilíochtaí agus Riachtanais Iontrála
Riachtanais Iontrála
Cad iad na riachtanais iontrála do mhic léinn pháirtaimseartha?
Níl aon riachtanais iontrála fhoirmiúla más rud é go bhfuil tú 21 bliain d’aois nó níos sine ar an 1 Eanáir an bhliain a thosaíonn tú ar chúrsa páirtaimseartha.
Cad iad na riachtanais iontrála do mhic léinn pháirtaimseartha nach bhfuil 21 bliain d’aois fós?
Mura bhfuil tú 21 bliain d’aois fós beidh ort riachtanais an mháithreánaigh d’Ollscoil na Gaillimhe a chomhlíonadh. Ina measc tá:
- Pas i sé ábhar ar a laghad (Gaeilge, Béarla agus teanga eile ina measc) san Ardteistiméireacht nó a comhionann agus:
I gcás iarratasóirí a rinne an Ardteistiméireacht in 2017 agus ina dhiaidh sin:
- Grád H5 in dhá ábhar agus
- Grád H7/O6 sna ceithre ábhar eile
NÓ
I gcás iarratasóirí a rinne an Ardteistiméireacht roimh 2017:
- Grád D1 in dhá ábhar ag an ardleibhéal agus
- Grád E (ardleibhéal) nó Grád D3 (gnáthleibhéal) sna ceithre ábhar eile
Riachtanais bhreise iontrála
Beidh taithí oibre áirithe sonraithe mar chuid den riachtanas iontrála ar roinnt cúrsaí (e.g. Cúram Sóisialta, Léann Luath-Óige agus Cleachtas Forbartha Pobail). Beidh pas sa Mhatamaitic san Ardteistiméireacht nó a comhionann riachtanach ar chúrsaí eile (e.g. Eolaíocht & Teicneolaíocht, Tráchtáil). Ní mór do mhic léinn Innealtóireachta Bogearraí Curriculum Vitae reatha a chur isteach mar aon le cáipéisí tacaíochta eile ina n-iarratas.
NB: Féach na critéir iontrála ar leathanaigh na gcúrsaí féin.
Riachtanas an Bhéarla
Ní mór d'iarratasóirí, nach hé an Béarla a gcéad teanga, nó nár cuireadh oideachas orthu trí Bhéarla sa dá bhliain deiridh dá gcuid staidéir, cáilíocht sa Bhéarla a bheith acu laistigh de dhá bhliain ó thús a gcúrsa. I measc na gcáilíochtaí sa Bhéarla a mholtar tá IELTS, Cambridge C1 Advanced (CAE), Cambridge C2 Advanced (CPE), TOEFL iBT/TOEFL iBT Leagan Baile, Pearson PTE agus Duolingo.
Chun eolas sonrach a fháil ar an scór tástála a theastaíonn féach láithreán gréasáin na hOifige Idirnáisiúnta.
Cáilíochtaí agus Creidmheas Acadúil
Cuireann an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d'Aosaigh réimse leathan cúrsaí ar fáil ó Leibhéal 7 go Leibhéal 9 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Leibhéal NFQ). Tá tréimhsí ama éagsúla i gceist le gach dámhachtain (féach an tábla thíos).
Feicfidh tú san eolas faoi na cúrsaí go dtagraítear do na cúrsaí nó do na modúil i dtéarmaí ualú ECT (i.e. an Córas Eorpach Aistriú Creidiúna). Úsáidtear creidmheasanna ECT ar fud na hEorpa chun luach nó méid a chur ar an bhfoghlaim i gcúrsa staidéir. Seasann creidmheas d’uaireanta áirithe sa rang agus d’ualach oibre ar an meán do gach modúl ar do chúrsa. Bronnfar an dámhachtain ort nuair a bheas an líon riachtanach creidmheasanna curtha i gcrích agat. Tá tábla samplach le fáil thíos de leibhéil, creidmheasanna agus tréimhsí ama.
Leibhéal NFQ | ECT |
Tréimhse | |
Bonnchúrsa Dioplóma | Leibhéal 7 | 10 | Níos lú ná bliain amháin |
Teastas | Leibhéal 7 | 45 | 1 Bhliain |
Dioplóma | Leibhéal 7 | 90 | 2 Bhliain |
Céim Bhaitsiléara | Leibhéal 8 | 180 | 4 Bliana |
Dioplóma Iarchéime | Leibhéal 9 | 60 | 2 Bhliain |
Máistreacht | Leibhéal 9 | 90 | 2 Bhliain |
NB: Níl sa tábla seo ach sampla agus athraíonn sé ó chúrsa go cúrsa.
An bhfuil creidmheas le fáil agam as cúrsa a rinne mé roimh ré?
Tá, má bhraitheann tú go ndearna tú cuid d’ábhar an chúrsa cheana féin nó má tá taithí mhaith oibre agat i réimse áirithe, tugann an ollscoil aitheantas duit trí RPL (Aitheantas Réamhfhoghlama). Tríd an bpróiseas seo is féidir áit a fháil ar chúrsa nó díolúintí a fháil ó chuid den chúrsa ag brath ar an méid a d’fhoghlaim tú más féidir leat é sin a chruthú sula dtosaíonn tú ar an gcúrsa. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh cuid den chúrsa le déanamh agat agus, i gcásanna áirithe, beidh tú in ann an dámhachtain a bhaint amach níos sciobtha.
Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar Aitheantas Réamhfhoghlama.