Seirbhísí do Mhic Léinn

Tá teacht agat ar réimse leathan seirbhísí do mhic léinn mar mhac léinn páirtaimseartha. Tá cúnamh le fáil le do scileanna scríbhneoireachta agus staidéir, tá comhairle le fáil ar ghairmeacha agus tá foinsí eolais le fáil don staidéar. Moltar duit leas a bhaint as na seirbhísí seo chun an tairbhe is fearr a bhaint as do chuid ama le Foghlaim d’Aosaigh in Ollscoil na Gaillimhe. I measc na seirbhísí tá:

Tacaíochtaí Foghlama

Tá réimse leathan tacaíochtaí ar fáil duit mar mhac léinn páirtaimseartha san Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh. Tá an-scil ag ár gcomhordaitheoirí cúrsaí agus is féidir leo an cúrsa is fearr a fheileann do do riachtanais foghlama phearsanta agus ghairmiúla a chur ar do shúile duit. Mar mhac léinn cláraithe is iomaí seirbhís tacaíochta atá ar fáil duit, chun cuidiú leat filleadh ar an oideachas, lena n-áirítear:

Tá na seirbhísí tacaíochta seo comhtháite i do chúrsa staidéir agus cabhróidh siad leat ullmhú do thascanna measúnaithe leanúnaigh agus do scrúduithe deiridh an tseimeastair.

An tIonad Forbartha Gairmeacha

Gheobhaidh tú cúnamh le do ghairm féin a fhorbairt trí réimse seirbhísí eolais agus treorach.

Cuireann an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh eolas ar fáil ar na nithe seo a leanas:

  • staidéar iarchéime, staidéar breise agus roghanna maoinithe
  • gairmeacha áirithe agus eolas faoi fhostóirí
  • réimsí áirithe gairme agus scileanna fostaíochta
  • seimineáir ar fhócasghrúpaí do ghrúpaí áirithe (e.g. mic léinn lánfhásta)
  • leabharlann fhíorúil gairme ina bhfuil eolas le fáil faoi ghairmeacha agus sonraí teagmhála úsáideacha
  • ócáidí gairmeacha

Tá rannóg closamhairc, CD-ROManna faoi ghairmeacha, tástálacha síciméadracha agus áiseanna fótachóipeála ar fáil san Ionad do gach mac léinn. Téigh chuig láithreán gréasáin an Ionaid Forbartha Gairmeacha chun tuilleadh eolais a fháil.

Leabharlann Shéamais Uí Argadáin

Mar mhac léinn páirtaimseartha beidh teacht agat ar Leabharlann Shéamuis Uí Argadáin. Tá rogha leathan leabhar, páipéar acadúil agus iriseán le fáil inti agus tá go leor díobh le feiceáil ar líne. Beidh sé seo an-áisiúil duit má tá do chúrsa ar siúl trí fhoghlaim chumaisc nó ar líne. Is féidir teacht ar réimsí leathan acmhainní leictreonacha agus ábhar tagartha na leabharlainne sa bhaile ar an idirlíon.

Tá cartlanna, bailiúcháin speisialta, micreafoirm/micrifís, fótachóipirí agus ríomhlanna sa leabharlann chomh maith. Is féidir leabhair a fháil ar iasacht ar feadh coicíse go hiondúil ach is féidir síneadh a chur leis an tréimhse ansin. Tá bailiúcháin speisialta ar áirithintí deisce ach ní bhíonn fáil orthu ach ar feadh tréimhsí gearra (e.g. uair an chloig, trí huaire an chloig nó lá amháin) agus níl cead iad a thógáil amach as an leabharlann.

Bíonn comhaltaí foirne ar gach urlár den leabharlann a chuideoidh leat agus tú i mbun cuardaigh agus tá spásanna staidéir ar gach urlár agus spásanna breise sa seomra léitheoireachta san íoslach. Cuirtear turais ar siúl ag tús na bliana acadúla a chuideoidh leat eolas a chur ar na háiseanna atá ar fáil. Cuirtear oiliúint bhreise ar ghnéithe ar leith den leabharlann ar fáil go rialta ar feadh na bliana acadúla (i.e. taighde a dhéanamh sa leabharlann agus eolas a chur ar chatalóg na leabharlainne).

Féach láithreán gréasáin na Leabharlainne chun eolas breise a fháil faoi na seirbhísí ar fad a chuirtear ar fáil do mhic léinn.

An tSeirbhís Tacaíochta Míchumais

Cuireann an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh fáilte roimh mhic léinn faoi mhíchumas agus cuirtear réimse tacaíochta ar fáil dóibh. Téigh chuig láithreán gréasáin na Seirbhíse Tacaíochta Míchumais chun tuilleadh eolais a fháil.