Cúrsaí Micridhintiúr

Cúrsaí Micridhintiúr

D'fhorbair Ollscoil na Gaillimhe sraith lúfar cúrsaí micridhintiúr a sheachadtar ar bhealaí solúbtha.

Tá ollscoileanna an IUA ag comhoibriú le chéile chun Creata Náisiúnta do chúrsaí micridhintiúr dearbhaithe ó thaobh feabhais a bhunú, an chéad cheann san Eoraip.

TUILLEADH EOLAIS


Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta: Cuireann an Ollscoil fáilte roimh os cionn 300 scoláire sa scoil samhraidh idirnáisiúnta gach bliain. I measc na gcúrsaí a chuirtear ar fáil tá an Léann Éireannach, Oideachas in Éirinn, Gaeilge, Béarla, Teiripe Shúgartha, Éiceolaíocht, Seandálaíocht agus Geolaíocht. Féach ar an láithreán gréasáin anseo

Cúrsaí Réamh-Ollscoile: Tá Ollscoil na Gaillimhe tiomanta do thionscnaimh a fhorbairt agus a chur chun cinn chun iarracht a dhéanamh dul i ngleic le míbhuntáiste. Cuirtear gníomhaíochtaí chúrsa Rochtana Ollscoil na Gaillimhe ar fáil chun riachtanais shóisialta, eacnamaíocha, oideachais agus chultúrtha réigiún an iarthair a chur chun cinn.