Cairt na Mac Léinn – Ráiteas Spriocanna

Tá an tIonad Forbartha Gairmeacha meáite ar fhorbairt mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe a éascú, agus iad a chumasú chun dul i dtreo gairm thairbheach.

Tá trí chroíphrionsabal ag an réimse seirbhísí a chuireann an tIonad Forbartha Gairmeacha ar fáil:

  • Meáite ar INFHOSTAITHEACHT mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe a fhorbairt,
  • TREOIR ghairmiúil a chur ar fáil
  • Córais a chuireann réimse DEISEANNA ar fáil do mhic léinn

Cé atá in ann leas a bhaint as na seirbhísí?

Tá an réimse iomlán seirbhísí ar fáil do na mic léinn seo a leanas in Ollscoil na Gaillimhe:

  • Fochéimithe cláraithe (reatha)
  • Iarchéimithe cláraithe (reatha)
  • Mic léinn Rochtana chláraithe Ollscoil na Gaillimhe

Féadfaidh céimithe Ollscoil na Gaillimhe (laistigh de thrí bliana i ndiaidh dóibh a gcéim a bhaint amach in Ollscoil na Gaillimhe) clárú le Careers Connect, agus coinne a dhéanamh taobh amuigh de na téarmaí ollscoile ((Is gnách gurb iad Meán Fómhair - Samhain, Eanáir - Aibreán na téarmaí a bhíonn i gceist).

Féadfaidh tú a bheith ag súil leis an méid seo a leanas

Cúirtéis – seirbhís chairdiúil, chúirtéiseach a léiríonn meas ar an duine agus a chuireann foireann ghairmiúil ar fáil.
Eolas – seomra eolais faoi ghairmeacha agus láithreán ar a bhfuil eolas ábhartha, atá éasca le haimsiú agus a leasaítear gach bliain agus a choinnítear cothrom le dáta a mhéid is féidir.
Treoir – comhairle rúnda, neamhchlaonta agus treoir ar fáil duine le duine i gcoinne is féidir a chur in áirithe ar Careers Connect (nó go díreach). Beidh na coinní ar bhonn duine le duine ach is féidir iad a reáchtáil ar an nguthán agus/nó skype taobh amuigh den téarma ar iarratas.
Foghlaim Forbartha Gairme – réimse ceardlann a chuideoidh leat d’fhéinfheasacht ghairme a mhéadú, breathnú ar roghanna gairme agus tacú leis an aistriú chuig an obair nó chuig staidéar breise.
Naisc le Fostóirí – réimse deiseanna le casadh le fostóirí cosúil le haontaí gairme, láithreoireachtaí fostóirí agus ceardlanna le fostóirí.
Socrúchán – modúil lárnacha ar roinnt fochéimeanna agus iarchéimeanna.
Bunachar sonraí de Phoist
 – poist chuí a fhógairt do mhic léinn agus do chéimithe in earnálacha éagsúla ar Careers Connect.
An t-eolas is deireanaí - ríomhphoist rialta faoi ghníomhaíochtaí cuí. Chun diúltú do na ríomhphoist, nó clárú don nuacht is deireanaí faoi phoist agus imeachtaí, tabhair do phróifíl cothrom le dáta ar Careers Connect.

Agus beimid ag súil leis an méid seo a leanas UAITSE:

  • A bheith freagrach as do chuid spriocanna gairme a bhaint amach trí leas a bhaint as na seirbhísí a chuirtear ar fáil.
  • Meas a léiriú ar an bhfoireann agus ar dhaoine eile a úsáideann an tseirbhís.
  • An seomra eolais a úsáid, sula ndéanann tú coinne, más féidir.
  • A bheith in am don choinne, nó í a chur ar ceal trí Careers Connect a luaithe is féidir chun triail a thabhairt do dhuine eile an choinne a thógáil.
  • Aiseolas a thabhairt ar an tseirbhís.
  • An suirbhé ar chéimithe a líonadh.

Feidhmíocht a thomhas

Tá méadarachtaí feidhmíochta i bhfeidhm agus breathnaítear orthu uair sa mhí e.g. líon na gcoinní a bhí ar fáil, líon na bpost a fógraíodh.

Déantar suirbhéanna rialta chomh maith chun an leibhéal sásaimh leis an tseirbhís a dhéanamh amach agus déantar athbhreithniú agus cuirtear athruithe i bhfeidhm bunaithe ar an aiseolas seo.

Cé go bhfuil sé mar rún againn seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil tá a fhios againn nach leor an tseirbhís in amanna agus táimid ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar aon ábhar imní a d’fhéadfadh a bheith agat - féach ar an rannóg AISEOLAS chun na naisc a fheiceáil.

Moladh, Tuairimí agus Nós imeachta maidir le gearáin a dhéanamh

Cuireann an tIonad Forbartha Gairmeacha fáilte roimh mholtaí faoin gcaoi a bhféadfaí ár saoráidí agus ár seirbhísí a fheabhsú do gach úsáideoir. Tá sé mar aidhm ag an Ionad seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil agus ba mhór againn cloisteáil uait má bhíonn tú sásta leis an tseirbhís chomh maith. Tuigimid, mar sin féin, nach n-éiríonn linn an aidhm seo a bhaint amach i gcónaí. Tá an Nós Imeachta seo ceaptha a bheith neamhfhoirmiúil, chun fadhbanna a réiteach go sciobtha, go simplí agus go cothrom. Táthar ag súil go réiteofar formhór na bhfadhbanna go cairdiúil ar bhealach neamhfhoirmiúil agus nach mbeidh cur chuige foirmiúil ag teastáil ach corruair.
Tabhair faoi deara: Baineann an nós imeachta seo le mac léinn, céimí, fostóir nó duine ar bith eile a úsáideann seirbhísí an Ionaid Forbartha Gairmeacha.

Is féidir moltaí, tuairimí agus gearáin a chur in iúl dúinn ar na bealaí seo a leanas:
a. Foirm aiseolais/tuairimíochta a fháil ón Ionad agus a líonadh. Is féidir foirmeacha líonta a thabhairt do chomhalta foirne ar bith nó a chur sa bhosca atá curtha ar fáil (nó féach AISEOLAS faoi Eolas Fúinn).
agus/nó
b. Labhairt le comhalta foirne go díreach. Más gearán atá agat agus má airíonn tú gur féidir leat labhairt faoi, ba cheart duit labhairt leis an gcomhalta foirne atá freagrach as d’ábhar imní. Mínigh an imní atá ort agus iarr orthu freagra sásúil a thabhairt ort agus b’fhéidir go dtiocfaí ar réiteach. Más rud é, i ndiaidh an t-ábhar imní a phlé leis an gcomhalta foirne, nach bhfuil tú sásta; féadfaidh tú gearán foirmiúil a dhéanamh más mian leat. (Más rud é nach féidir leat do ghearán neamhfhoirmiúil a dhéanamh leis an gcomhalta foirne cuí féadfaidh tú é a dhéanamh le Ceann an Ionaid Forbartha Gairmeacha, ar an nguthán, ríomhphost nó go díreach).

Gearáin a Fhreagairt
Má dhéanann tú gearán (ar fhoirm nó le Ceann an Ionaid), tabharfaimid aitheantas go bhfuil an gearán faighte, má thugtar sonraí teagmhála, taobh istigh de thrí lá oibre. Fiosrófar an cheist agus d’fhéadfaí cuireadh a thabhairt duit an t-ábhar imní a phlé go díreach nó ar an nguthán. Má bhíonn tú sásta casadh leis an duine, féadfaidh tú duine eile a thabhairt leat má thograíonn tú é. Cuirfear toradh an ghearáin fhoirmiúil in iúl don ghearánaí go díreach más féidir agus i scríbhinn go cinnte taobh istigh de 10 lá.
Féadfaidh mic léinn nach mbíonn sásta leis an bhfreagra an Nós Imeachta maidir le Gearáin a dhéanamh a leanúint.

Tabhair faoi deara nach bhfreagraíonn an tIonad teachtaireachtaí ar na meáin shóisialta.