Foghlaim Obairbhunaithe

Tá Ollscoil na Gaillimhe tiomanta i leith infhostaitheacht ár mac léinn a fheabhsú.

Is modúl socrúcháin creidiúnaithe é an socrúchán oibre atá fite fuaite in go leor clár ag leibhéal fochéime anseo in Ollscoil na Gaillimhe. Déantar obair na mac léinn a mheas go hacadúil fad agus bhíonn siad ar shocrúchán oibre agus cuirtear é seo leis an measúnú iomlán don bhliain.

Tá go leor buntáistí ag baint le mac léinn a bheith ag obair i d’eagraíocht ar shocrúchán oibre. Tagann go leor eagraíochtaí ar ais bliain i ndiaidh bliana chun glacadh le mic léinn ó Ollscoil na Gaillimhe mar go mbíonn siad an-tógtha le caighdeán ár gcuid mac léinn agus an tionchar dearfach a bhí acu san eagraíocht.

An próiseas:

  1. Déan teagmháil linn chun do riachtanais a phlé agus chun eolas a fháil ar chúrsaí
  2. Seol sonraíocht phoist chugainn
  3. Déanann mic léinn iarratas tríd an gcóras socrúcháin oibre
  4. Déanann fostóirí athbhreithniú ar CVanna agus déantar gearrliosta le haghaidh agallaimh
  5. Cuireann fostóirí agallamh ar mhic léinn
  6. Déanann an tOifigeach Socrúcháin tairiscint don mhac léinn

 

Cén fáth a nglacfá páirt:‌

  • Cuireann na mic léinn foinse saothair oilte ar fáil mar aon le léargas ar chleachtais nua atá á dteagasc in Institiúidí Ardoideachais.
  • Is réiteach solúbtha agus cost-éifeachtach ar riachtanais earcaíochta iad na mic léinn seo agus cabhraíonn siad le hualach oibre na foirne a mhaolú ag amanna gnóthacha.
  • Tugann siad smaointe nua agus peirspictíochtaí nua isteach san ionad oibre.
  • Féadfaidh fostóirí acmhainn bhreise a earcú chun tabhairt faoi thionscadail.
  • Faigheann na fostóirí deis earcaigh ionchasacha nua a aithint agus liosta céimithe a chruthú i leith earcaíocht céimithe amach anseo.