-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Teastas Iarchéime
Leagan Amach an Chúrsa
Tá an spriocdháta caite anois d’iarratais ar líne don bhliain acadúil seo. Bí i dteagmháil le celt@universityofgalway.ie
Is clár páirtaimseartha bliana 30 ECTS é an Teastas Iarchéime (Teagasc agus Foghlaim Ardoideachais) atá deartha chun cleachtas gairmiúil na dteagascóirí san ardoideachas a fheabhsú. Nuair a bheidh siad críochnaithe is féidir le rannpháirtithe Teastas Iarchéime (Teagasc agus Foghlaim Ardoideachais) a bhaint amach, nó is féidir leo dul ar aghaidh chuig an Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Acadúil). Tá an clár teastais seo á thairiscint ó 2007 agus an-éileamh air. Tosaíonn sé i mí Mheán Fómhair gach bliain. Ní mór do rannpháirtithe a bheith i mbun teagaisc ag leibhéal fochéime agus/nó iarchéime faoi láthair, i roinnt modhanna más féidir (e.g. ranganna móra agus ranganna beaga) agus caithfidh siad roinnt cleachtaí aiseolais a dhéanamh ar a gcleachtas teagaisc.
Níl an cúrsa seo oiriúnach do mhic léinn PhD. Moltar do mhic léinn PhD an modúl GS506 a dhéanamh ina ionad sin.
Leagan Amach an Chúrsa
CEL260 Blaiseadh den Teagasc agus den Fhoghlaim san Ardoideachas (Seimeastar 1)
Is é seo an chéad mhodúl ar chlár an Teastais Iarchéime agus clúdaíonn sé raon ábhar lena n-áirítear teagasc ranganna móra, rannpháirtíocht na mac léinn, teicneolaíochtaí foghlama, rannpháirtíocht phoiblí agus teagasc taighde-bhunaithe. Tá an cúrsa bunaithe ar sheisiúin ranga agus is minic a bhíonn aoi-láithreoirí i láthair. Is éard atá sa mheasúnú ná ‘dialann foghlama’ ar líne a choimeád agus achoimre machnamhach ar an bhfoghlaim lena n-áirítear gníomhartha praiticiúla a aithint chun an teagasc a fhorbairt.
TORTHAÍ FOGHLAMA
Faoi dheireadh an mhodúil seo, ba cheart go mbeadh ar chumas na rannpháirtithe an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Cuid de na príomhtheoiricí foghlama a aithint i gcomhthéacs an ardoideachais;
- Láidreachtaí agus laigí na gcur chuigí éagsúla teagaisc is féidir a dhéanamh laistigh de chomhthéacsanna ar leith a aithint;
- Díospóireacht agus dul i ngleic le roinnt de na saincheisteanna comhaimseartha san ardoideachas a mbíonn tionchar acu ar chleachtas múinteoireachta;
- A léiriú go bhfuil siad sásta machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas féin.
CEL261 Dearadh Cúrsa, Measúnú agus Meastóireacht (Seimeastar 2)
Is é seo an dara modúl ar an Teastas Iarchéime (Teagasc & Foghlaim Ardoideachais). Díríonn an seimeastar seo ar chúrsaí agus ar mhodúil a mhíniú, a dhearadh agus a mheas. I measc na saincheisteanna lárnacha beidh torthaí foghlama a bheith ag teacht le gníomhaíochtaí foghlama agus teagaisc, agus measúnú.
Éileoidh an measúnú don mhodúl seo ar rannpháirtithe an próiseas ailínithe chuidithigh a úsáid chun aonad teagaisc a mheas agus a athdhearadh go criticiúil. Is féidir an ghníomhaíocht mheasúnaithe seo a úsáid chun aonad nua teagaisc a dhearadh.
TORTHAÍ FOGHLAMA
Beidh mic léinn a n-éireoidh leo a bheith páirteach go hiomlán sa mhodúl seo in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Machnamh criticiúil a dhéanamh ar a gcuid dearaí cúrsa agus cur chuige measúnaithe féin;
- Eolas ar chuir chuige éagsúla i ndearadh curaclaim a chur i bhfeidhm ar a gcomhthéacsanna féin;
- Tionchar fachtóirí seachtracha ar leith ar a gcomhthéacsanna teagaisc féin a aithint.
CEL262 Cleachtas Machnamhach agus Forbairt Ghairmiúil
Is é príomhsprioc an mhodúil seo ná Portfóilió Teagaisc a chur le chéile, a léiríonn féinmhachnamh criticiúil gach rannpháirtí ar a c(h)leachtas teagaisc, a f(h)ealsúnacht oideachais atá i mbun forbartha agus feasacht ar shaincheisteanna forbartha gairmiúla. Déanfaidh an modúl seo freisin athchuairt, iniúchadh agus comhtháthú ar smaointe ar fud an chúrsa.
Chun riachtanais an mhodúil a shásamh agus teastas a bhaint amach, ní mór do rannpháirtithe: (1) an Mheastóireacht Ghrúpáilte Mac Léinn a dhéanamh; (2) úsáid a bhaint as Comhpháirtíochtaí Foghlama agus Teagaisc le comhghleacaí chun athbhreithniú piaraí/breathnú ar theagasc a chéile; (3) samplaí ábhartha eile de chleachtas teagaisc agus foghlama a chomhordú. Déantar an modúl a mheas trí Phortfóilió Teagaisc cuimsitheach.
TORTHAÍ FOGHLAMA
- Liostaigh príomhfhorbairtí agus gnóthachtálacha i gcleachtas gairmiúil a bhaineann le teagasc agus foghlaim san ardoideachas;
- Tionchar dearfach an teagaisc a léiriú trí thagairt a dhéanamh d’aiseolas ó mhic léinn, ó phiaraí agus ó scrúdaitheoirí;
- Measúnú a dhéanamh ar ghnóthachtálacha agus ar riachtanais forbartha gairmiúla breise i bhfianaise na fealsúnachta teagaisc atá ag teacht chun cinn agus aiseolas ó mhic léinn/piaraí/scrúdaitheoirí.
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Forbairt Ghairmiúil Leanúnach
Sealbhóidh tú eolas agus scileanna ar an gclár a chuirfidh le do chleachtas gairmiúil mar mhúinteoir ollscoile. Cuireann sé an deis ar fáil chun ceannaireacht curaclaim a léiriú trí dhearadh cúrsa agus modúl, agus éascóidh sé forbairt gairme trí Phortfóilió Teagaisc a chruthú. Cuireann cúrsaí CELT go mór le dul chun cinn gairme agus ardú céime.
Soghluaisteacht
Tá an clár seo cosúil le go leor de na príomhchláir forbartha acadúla timpeall an domhain. Tugann institiúidí eile in Éirinn agus ar fud an domhain aitheantas don cháilíocht seo.
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Oireann an Teastas Iarchéime (Teagasc agus i bhFoghlaim Ardoideachais) go mór mór d’acadóirí a bhfuil roinnt blianta teagaisc déanta acu san ardoideachas. Soláthraíonn an clár deis chun an cleachtas reatha a fheabhsú trí mhachnamh criticiúil agus léannta. Mar sin féin, tá sé luachmhar freisin do mhúinteoirí ollscoile luathghairme atá ag lorg blaiseadh den teagasc agus den fhoghlaim san ardoideachas.
Táillí an Chúrsa
Eolas maidir le Táillí
Ní íocann foireann teagaisc Ollscoil na Gaillimhe táillí ar an gclár seo.
Caithfidh iarrthóirí seachtracha táillí a íoc de ghnáth. Chun breis eolais a fháil, déan teagmháil le celt@universityofgalway.ie
Iarratas a Dhéanamh
Online applications for Academic Year 24/25 now closed. Please contact celt@universityofgalway.ie
Tuilleadh eolais
An tIonad Sárchaighdeáin Foghlama & Teagaisc
Seomra AMB1012, An Chéad Urlár, Áras Dán na Mílaoise
Ollscoil na Gaillimhe
Teil. 091 49 2924
Ríomhphost: celt@universityofgalway.ie
Iarratais agus Roghnúchán
Le go n-éireoidh leo, beidh ar rannpháirtithe a léiriú go ndeachaigh siad i ngleic leis na hábhair agus le gach plé a rinneadh sa rang mar aon leis na measúnuithe ag an deireadh. Ní mór do rannpháirtithe a bheith i mbun teagaisc ag leibhéil fochéime agus/nó iarchéime faoi láthair, i roinnt modhanna más féidir (e.g. ranganna móra agus ranganna beaga) agus caithfidh siad roinnt cleachtaí aiseolais a dhéanamh ar a gcleachtas teagaisc.
10 Meitheamh 2024 an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte.
Online applications for Academic Year 24/25 now closed. Please contact celt@universityofgalway.ie
Déanfar áit a thairiscint d’iarratasóirí rathúla faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2024.
Eolas faoi na teagascóirí
Michelle Tooher
Mairead Greene
Riachtanais agus Measúnú
Trí mhodúl atá ar an gclár seo
- CEL260 Blaiseadh den Teagasc agus den Fhoghlaim san Ardoideachas – Seimeastar 1 (10 ECTS)
- CEL261 Dearadh Cúrsa, Measúnú agus Meastóireacht – Seimeastar 2 (10 ECTS)
- CEL262 Cleachtas Machnamhach agus Forbairt Ghairmiúil – An Bhliain ar fad (10 ECTS)
Tá meascán de cheardlanna, seimineáir agus léachtaí rangbhunaithe i gceist leis an gclár chomh maith le machnamh criticiúil agus staidéar neamhspleách. Úsáideann an clár measúnú leanúnach (féach Imlíne an Chúrsa le haghaidh tuilleadh sonraí).

Anastasia Griva | Ollamh Cúnta, Córais Faisnéise Gnó
Chuir na cúrsaí seo go mór le mo chleachtais oideachais, rud a chuir ar mo chumas glacadh leis an éagsúlacht go fonnmhar agus a chinntiú go mbíonn comhdheiseanna foghlama ag gach mac léinn, beag beann ar a riachtanais uathúla. I bhfianaise na mac léinn idirnáisiúnta atá ar na hiarchéimeanna, bhí ról ríthábhachtach ag na cúrsaí seo maidir le huilechuimsitheacht a chur chun cinn i mo sheomra ranga.

Julie Spray | Léachtóir le Léann Leanaí
Níor thuig mé go bhféadfadh an teagasc agus an fhoghlaim a bheith chomh suimiúil go dtí gur thosaigh mé ag déanamh staidéir orthu sa PGCert in CELT! Cad É cuspóir an ardoideachais? CONAS a fhoghlaimíonn daoine? Cén fáth a bhfuil cineálacha áirithe eolais níos deacra a thuiscint, agus cad iad na cineálacha cur chuige a chabhraíonn? Cad iad na boinn tuisceana atá againn maidir le curaclaim, measúnú, agus róil agus freagrachtaí mac léinn-teagascóirí, agus conas a d’fhéadfaimis dúshlán a thabhairt dúinn féin rudaí a thriail ar mhodh eile? Cad iad mo luachanna agus fealsúnachtaí teagaisc? Thaitin sé go mór liom rochtain a bheith agam ar na struchtúir, na coincheapa, na hacmhainní, na comhghleacaithe ó chúlraí eile agus saineolas na léachtóirí a thacaigh liom agus mé ag cur teoiric agus fianaise i bhfeidhm chun dul i ngleic le fadhbanna agus triail a bhaint as an gcleachtas múinteoireachta. Measaim go bhfuil an meascán 1) de thaithí mar mhac léinn sa rang, agus freisin 2) ag déanamh staidéir ar theagasc agus ar fhoghlaim, agus 3) ag cleachtadh múinteoireachta, thar barr ó thaobh foghlaim faoin bhfoghlaim. Sílim go mbeidh mé ag foghlaim faoin teagasc an chuid eile de mo ghairm bheatha.