Latest University News

11 March 2026

Maoiniú bronnta ar Ollscoil na Gaillimhe chun STEM trí Ghaeilge a chur chun cinn

Beidh Ollscoil na Gaillimhe ag tabhairt faoi thionscnamh náisiúnta a spreagfaidh daoine le spéis a chur in ábhair Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM), ar a dtugtar STEM go hidirnáisiúnta, trí Ghaeilge, agus a chothóidh deiseanna nua do phobail, scoileanna agus daoine gairmiúla. Bhronn Taighde Éireann – Research Ireland €268,000 tríd an gClár Discover ar an tionscadal STEM as Gaeilge a mhairfidh ar feadh dhá bhliain.  Tá an maoiniú á chur ar fáil le clár náisiúnta cumarsáide eolaíochta, imeachtaí poiblí agus tionscnamh oideachais a eagrú trí Ghaeilge, a chuirfidh le feiceálacht STEM agus a neartóidh conairí oideachais agus gairmeacha STEM do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre.  Beidh na tionscnaimh á n-eagrú thar thréimhse dhá bhliain, agus beidh pobail na Gaeilge, daoine gairmiúla i réimse STEM, agus foghlaimeoirí ar fud na tíre páirteach iontu. Seo a leanas cuid de na príomhthionscadail: Clár faisnéise a thabharfaidh léargas ar thaighde agus nuálaíocht STEM ar fud na hÉireann, léirithe i gcomhar le togra Science on Screen de chuid CÚRAM agus Ardán. Ceardlanna rannpháirtíochta digití agus litearthachta sonraí chun muinín a chothú i ndaoine le topaicí STEM a phlé agus a mhíniú i nGaeilge Leathnú ar scéim na dTimirí STEM as Gaeilge, ag nascadh taighdeoirí agus daoine gairmiúla le scoileanna agus pobail Imeachtaí STEM ar leith i gceantair Ghaeltachta Oícheanta Ólaíochta a eagrú in áiteanna nua ar fud na tíre Oiliúint speisialaithe a chuirfeadh leis an acmhainn go fadtéarmach i measc daoine gairmiúla atá ag obair i réimse STEM as Gaeilge Comórtas náisiúnta STEM do dhaltaí scoile  Tá sé mar aidhm ag na tionscnaimh seo ar fad le chéile an Ghaeilge a normalú i ndioscúrsa na heolaíochta agus cur le líon na ndaoine a bhíonn páirteach i STEM i bpobail ar fud na tíre.  Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Becky Whay, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe: “Tá Ollscoil na Gaillimhe bródúil as an stádas dátheangach atá aici, agus táimid ar bís faoin tionscadal seo. Cuirimid romhainn tacú leis an nGaeilge i ngach disciplín. Tá deis ar leith ag an Ollscoil seo, a bhfuil Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus campais Ghaeltachta ina gcuid di, le naisc a chothú leis na comhlachtaí bithleighis, fuinnimh in-athnuaite, srl. sa Ghaeltacht. Trí chumhacht a thabhairt do mhic léinn, do chomhaltaí foirne agus do phobail dul i ngleic leis an eolaíocht trí mheán na Gaeilge, táimid ag cuidiú le conairí foghlama, nuálaíochta agus rannpháirtíochta an phobail a neartú ar fud na tíre.”   Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ceannaire an Tionscadail, an Dr Fintan Hegarty ó Scoil na nEolaíochtaí Matamaitice agus Staitistice san Ollscoil: “Is teanga bheo í an Ghaeilge, agus tá sé tábhachtach go n-úsáidfimid í chun plé a dhéanamh ní hamháin ar ár n-oidhreacht, ach ar na ceisteanna a mbeidh tionchar acu ar a bhfuil i ndán dúinn amach anseo chomh maith. Baineann STEM linn ar fad – ní gá ach smaoineamh ar an dul chun cinn i ngnóthaí leighis le linn na paindéime agus ar a bhfuil á fhorbairt maidir leis an intleacht shaorga, mar shampla. Is é an aidhm atá againn spásanna a chruthú inar féidir linn díospóireacht shuimiúil, bunaithe ar eolas, a bheith againn faoi STEM, agus dearmad a dhéanamh gur trí Ghaeilge atáimid á phlé.”   Críoch

Read more

11 March 2026

University of Galway awarded funding to advance STEM engagement through Irish

University of Galway will lead a national initiative to bring STEM to life through the Irish language, creating new opportunities for communities, schools, and professionals.  The two-year STEM as Gaeilge project has been awarded €268,000 by Taighde Éireann – Research Ireland through the Discover Programme.    The funding will support a national programme of science communication, public events and educational initiatives delivered through Irish, increasing the visibility of STEM and strengthening pathways to STEM education and careers for Irish speakers nationwide.   Activities will roll out over two years, engaging with Irish-speaking communities, STEM professionals, and learners nationwide.  Key initiatives of the project include:  A documentary showcasing STEM research and innovation across Ireland, which will be produced through the Science on Screen initiative run by CÚRAM and Ardán  Delivery of workshops in digital engagement and data literacy to build confidence in discussing and interpreting STEM topics through Irish  Expansion of the STEM Ambassadors through Irish scheme, connecting researchers and professionals with schools and communities  Dedicated STEM events in Gaeltacht regions  Expansion of Oícheanta Ólaíochta (Pint of Science in Irish) to new locations nationwide  Specialist training to build long-term capacity among professionals working in STEM through Irish  A national STEM competition for school students   Together, these initiatives aim to normalise Irish in scientific discussion and increase participation in STEM across communities nationwide.   Professor Becky Whay, University of Galway Deputy President and Registrar, said: “University of Galway is proud of its bilingual status, and we are very excited about this project. Supporting the Irish language is important to use across all disciplines. The University is uniquely positioned, with Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge and our Gaeltacht campuses, to foster connections with the many biomedical and renewable energy companies in the Gaeltacht. By empowering students, staff and communities to engage with science through Irish, we are helping to strengthen pathways for learning, innovation and public participation across the country."   Project Lead Dr Fintan Hegarty from the University’s School of Mathematical and Statistical Sciences, said: “Irish is a living language, and it is important that we use it to discuss not only our heritage, but also the issues that shape our future. STEM affects us all - from medical advances during the pandemic to developments in artificial intelligence. Our aim is to create spaces where we can have informed and engaging conversations about STEM, and simply forget that we happen to be having them in Irish.”    Ends   

Read more

9 March 2026

Slí Cois Abhann nua 5km oscailte ag an Ollscoil don tsláinte agus don fholláine

Tá “Slí Abhann” nua 5km seolta ag Ollscoil na Gaillimhe chun folláine choirp agus mheabhrach na mac léinn, na foirne agus an phobail i gcoitinne a fheabhsú. Sheol Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, agus Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn, an tionscnamh mar chuid d’infheistíocht leanúnach na hOllscoile in áiseanna faoin aer, le tacaíocht mhaoinithe ó na cláir Cathracha Gníomhacha agus Gaillimh Shláintiúil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Tosaíonn an tSlí Cois Abhann atá marcáilte as an nua ar an gcampas ag Club Rámhaíochta Choláiste Iognáid agus ritheann sé feadh bhruach Abhainn na Gaillimhe, ag críochnú ag an bpáirc rugbaí ar Champas Spóirt an Daingin. Baineann an tslí álainn cois abhann seo úsáid as an gcosán tarraingthe agus tá pointí ciliméadar marcáilte go soiléir ann chomh maith le léarscáileanna treorach chun tacú le coisithe, jagálaithe agus reathaithe de gach cumas. Is cosán í an tSlí Cois Abhann a bhfuil tóir uirthi cheana féin ag grúpaí reatha agus pobail áitiúla agus spreagfaidh sé daoine ag gach leibhéal, ó choisithe go lúthchleasaithe agus iad siúd atá ag traenáil. Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard: "Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tacú le forbairt Shlí Cois Abhann, trínár gcláir Cathracha Gníomhacha agus Gaillimh Shláintiúil. Trí na cláir seo, tá súil againn gur cathair inar féidir le gach duine, beag beann ar aois nó ar chumas, taitneamh a bhaint as sláinte agus folláine choirp agus mheabhrach go hiomlán a bheas dá mbarr. Is sampla den scoth é seoladh Shlí Cois Abhann d’áis aclaíochta saor in aisce ar feadh na bliana i gcroílár Chathair na Gaillimhe. Comhghairdeas le hOllscoil na Gaillimhe as seoladh na saoráide seo a mbainfidh an pobal an-leas as gan dabht.”             Dúirt an tOllamh David Burn, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe: “Le seoladh Shlí Cois Abhann, táimid ag neartú ár dtiomantais tacú le folláine choirp agus mheabhrach ár mac léinn, ár bhfoirne agus an phobail i gcoitinne. Is cuid shainiúil dár gcampas Abhainn na Gaillimhe agus is beag ollscoil a bhfuil slí 5km cois abhann mar seo acu. Agus tú ar an tSlí, timpeallaithe ag uisce agus ag crainn, cheapfá gur faoin tuath atá tú, cé nach bhfuil tú ach cúpla nóiméad ó chroílár chathair na Gaillimhe. Is gné neamhchoitianta agus uathúil de shaol an champais í agus táimid ar bís í a roinnt le gach duine.”             Bhí an méid seo a leanas le rá ag Des Ryan, Stiúrthóir Spóirt agus Folláine Coirp Ollscoil na Gaillimhe: “Cuirfidh sé go mór leis an gcampas do mhic léinn, don fhoireann agus don phobal i gcoitinne. Cuideoidh sé leis an té atá aclaí cheana féin agus gríosfaidh sé an té atá ag smaoineamh ar a bheith níos aclaí. Spreagfaidh sé daoine le siúl, sodar nó rith, agus cabhróidh siad seo go léir lenár bhfolláine choirp agus mheabhrach agus tabharfaidh sé fuinneamh breise dúinn don obair, don saol agus só a bhaint as rudaí. "I measc na mbuntáistí a bhaineann le gníomhaíocht choirp tá laghdú ar an mbaol a bhaineann le galair ainsealacha, feabhas a chur ar ghiúmar agus ar chaighdeán codlata, agus matáin agus cnámha a láidriú. Cuidíonn sé le meáchan a bhainistiú, leibhéil fuinnimh a mhéadú, feidhm chognaíoch a fheabhsú i measc daoine scothaosta, agus cuidíonn sé le galair cosúil le hairtríteas agus dúlagar a bhainistiú. Tá sé mar aidhm ag an gcosán Slí Cois Abhann gníomhaíocht choirp a bheith níos inrochtana, níos infheicthe agus go mbeadh sé níos éasca ar gach duine tabhairt fúithi.” Comhthionscadal a bhí anseo idir Oifig na bhFoirgneamh agus na nEastát san Ollscoil agus an tAonad Spóirt, le tacaíocht mhaoinithe ó Chathracha Gníomhacha na Gaillimhe trí Chiste Cuntas Díomhaoin Spórt Éireann agus ó Chathair Shláintiúil na Gaillimhe tríd an gCiste Éire Shláintiúil a fuair tacaíocht ón Roinn Sláinte. Cuirfidh an cosán nua Slí Cois Abhann leis na háiseanna folláine faoin aer agus le bonneagar na hOllscoile, atá leathnaithe le blianta beaga anuas agus a thacaíonn le breis is 40 club spóirt, grúpaí mac léinn, tionscnaimh foirne agus eagraíochtaí pobail. I measc na n-áiseanna tá: Cúirt cispheile lánmhéide faoin aer Cúirt cispheile 3v3 Áiseanna leadóige boird Dhá stáisiún aclaíochta faoin aer An tIonad Spóirt agus Campas Spóirt an Daingin Tá físeán gearr a léiríonn Slí Siúlóide/Sodair/Reatha nua Cois Abhann ar fáil ag https://www.youtube.com/watch?v=kPtiPieIwME   Críoch

Read more