Fáilte romhaibh a Chomhaltaí Foirne agus a Mhic Léinn chuig an mBliain Acadúil nua 2022/23

Ceapann Údarás na hOllscoile na Séiplínigh (Déin na Seirbhísí Séiplíneachta go hoifigiúil) chun tacú le tiomantas na hOllscoile d’fhorbairt an duine iomláin.

Tá na Séiplínigh spreagtha ag an bhfís Chríostaí agus iad ag iarraidh meas ar dhínit an duine a chur chun cinn i bpobal na hOllscoile. Faoi struchtúr na hOllscoile, tuairiscíonn siad don Leas-Uachtarán d’Eispéireas na Mac Léinn.

Chomh maith le coinní duine le duine le mic léinn agus le comhaltaí foirne, cuireann foireann na Séiplíneachta cúram tréadach ar fáil, tugann siad cuairt ar mhic léinn san ospidéal nuair is gá agus feidhmíonn siad an Prótacal maidir le Bás Mic Léinn agus an Prótacal maidir le Mac Léinn atá ar Iarraidh.

Eolas faoin Séipéal

Coisriceadh Séipéal Naomh Columbanus i mí Mheán Fómhair 1989, mar chomóradh deich mbliana ar chuairt Phápa Eoin Pól II ar Ghaillimh. D’úsáid an Pápa an t-altóir atá sa séipéal anois nuair a bhí Aifreann á léamh aige 'd’aos óg na hÉireann' ag Ráschúrsa Bhaile an Bhriotaigh ar an lá iontach sin in 1979.

Tá an Séipéal lárnach i saol na hOllscoile ó osclaíodh é. Déantar an ceiliúradh mar aon leis an gcomhbhrón anseo, bítear ag guí do na héachtaí mar aon leis an ábhar imní atá sa phobal. Bíonn Aifreann ar siúl Luan - Céadaoin ag 1:10pm agus ar an Domhnach ag 9pm agus tagann mic léinn, an fhoireann agus cuairteoirí chun coinneal a lasadh, paidir a rá, nó suaimhneas a fháil agus scíth a thógáil ó champas gnóthach.