Leagan Béarla - English version

Tá an ollscoil sin againne ar cheann de na hollscoileanna is sine agus is mó in Éirinn. 68 mac léinn a bhí anseo i dtús aimsire, agus tá os cionn 21,000 mac léinn agus comhalta foirne ar an gcampas anois againn. Is mór an t-athrú atá tagtha orainn ó shin, agus áirítear muid anois i measc an 2% is fearr ar domhan (de réir Ranguithe Ollscoile QS an Domhain 2020). Is é ról Earcaíocht na Mac Léinn agus For-rochtain uaillmhian agus sármhaitheas a mhealladh inár gcuid mac léinn a bheidh mar cheannairí, nuálaithe agus gníomhairí an athraithe amach anseo.  

Tacaímid le mic léinn fochéime agus iarchéime ionchasacha trí fhéilire bliantúil de ghníomhaíochtaí agus imeachtaí faisnéiseacha agus mealltacha a chur ar fáil (mar atá laethanta oscailte, laethanta praiticiúla eolais agus oícheanta eolais) atá dírithe ar mhic léinn amach anseo agus ar pháirtithe leasmhara tábhachtacha eile lena n-áirítear tuismitheoirí, múinteoirí gairmthreorach, múinteoirí agus príomhoidí. Taispeánaimid na féidearthachtaí do mhic léinn na todhchaí atá ar fáil inár suíomh sainiúil laistigh de mhol domhanda teicneolaíochta, nuálaíochta agus cruthaitheachta agus tá sé mar aidhm againn faisnéis shoiléir, chruinn agus ábhartha a sholáthar chun tacú le mic léinn agus cinneadh á dhéanamh acu. Cuirimid clár cuimsitheach idirchaidrimh scoile ar fáil sna 32 contae agus trínár ngníomhaíocht for-rochtana, roinnimid saineolas teagaisc agus taighde OÉ Gaillimh leis an bpobal níos leithne agus spreagaimid daltaí níos óige chun díriú ar an oideachas ollscoile. Faoi dheireadh, trí léargas, aiseolas agus anailís, tacaímid le pobal acadúil OÉ Gaillimh agus iad ag pleanáil do chúrsaí fochéime agus iarchéime na todhchaí.



Key Facts

238

háit ar domhan de réir Ranguithe Ollscoile QS an Domhain

#1

D’ainmnigh an New York Times Gaillimh mar an 'Chathair is Gleoite'

96%

dár gcuid céimithe ag obair nó i mbun staidéar breise tar éis 6 mhí