THOSAIGH SÉ AR FAD IN 1845 ...

Ba í sin an bhliain ar bunaíodh Coláiste na Banríona, Gaillimh. Tógadh an Chearnóg aitheanta ar dtús agus ansin osclaíodh doirse na hOllscoile ceithre bliana ina dhiaidh sin don chéad chohórt de 68 mac léinn.

Tá méadú as cuimse tagtha ar mhéid agus ar cháil Ollscoil na Gaillimhe le 175 bliain anuas, agus daonra os cionn 18,000 mac léinn inti sa lá atá inniu ann. De réir Ranguithe Ollscoile QS an Domhain, táimid rangaithe sa 259ú áit ar domhan agus tá méadú tagtha ar ár gcáil dhomhanda le deich mbliana anuas.

Key Facts

259

ar domhan de réir Ranguithe Ollscoile QS an Domhain

#1

D’ainmnigh an New York Times Gaillimh mar an 'Chathair is Gleoite'

96%

dár gcuid céimithe ag obair breise 6 mhí tar éis céim a bhaint amach


Ár gCáil Idirnáisiúnta

Tá cáil idirnáisiúnta ar Ollscoil na Gaillimhe de bharr chaighdeán an teagaisc agus de bharr thionchar domhanda ár dtaighde.

Ár Láthair

Tá Gaillimh suite idir Conamara agus Boirinn, ar Chuan na Gaillimhe, ní bhfaighidh tú áit níos áille.

Cén chaoi ar Ollscoil faoi leith í seo?

Féach roinnt de na téamaí agus na tosaíochtaí a dhéanann Ollscoil faoi leith aisti seo.