Gnó agus Tionscail

Tá nasc láidir ag OÉ Gaillimh le lucht tionscail agus tá sí i gcomhpháirtíocht le roinnt mórchuideachtaí i dtaca le tograí taighde.  

Cuardaíonn agus cothaíonn Ignite - an Oifig don Aistriú Teicneolaíochta deiseanna tráchtála dá gcomhpháirtithe tionsclaíochta agus don phobal taighde in OÉ Gaillimh. Cuireann an tairseach seo eolas ar fáil ar an gcaoi ar féidir le Ignite - an Oifig don Aistriú Teicneolaíochta cabhrú leatsa, bíodh tú i do thaighdeoir, do chumadóir nó i do chomhoibrí poitéinsiúil. Ba mhian leis an bhfoireann ardfheidhmíochta atá againn an taithí atá againn ar aistriú agus ar thráchtálú eolais a roinnt leat.

Tacaíocht d'Earnáil na Tionsclaíochta

Is iontach an acmhainn d'Earnáil na Tionsclaíochta í an Oifig don Aistriú Teicneolaíochta. Is mór ag an Oifig don Aistriú Teicneolaíochta san Ollscoil dea-chaidreamh, comhpháirtíochtaí agus iontaoibh a chothú idir Earnáil na Tionsclaíochta agus an tAos Acadúil; is féidir leis an dá dhream tairbhe a bhaint as an gcur chuige sin, go mór mór nuair a bhíonn gnóthú tráchtála ann dá bharr.

Cuireann an Oifig don Aistriú Teicneolaíochta saineolas gnó agus meantóireacht ar fáil do ghnólachtaí a bhíonn ag déileáil linn. Lena chois sin, tugaimid tacaíocht dár gcomhpháirtithe agus iad ag iarraidh teacht ar chistí airgid agus eagraímid ceardlanna oiliúna agus seimineáir.

Léigh Leat Anseo

Tacaíochtaí do Thaighdeoirí

Cuirimid saineolas tábhachtach ar fáil do Thaighdeoirí agus iad ag iarraidh bonn ceart tráchtála a chur fúthu féin. Bíonn tacaíochtaí éagsúla ar fáil ón Oifig, e.g. do mhaoin intleachtúil a chosaint, teacht ar chistí airgid, agus cabhrú leat do choincheap agus do phlean gnó a fhorbairt.

Más áil leat tuilleadh eolais a fháil, lean an nasc

An tIonad Nuálaíochta Gnó

Is áis den chéad scoth é an tIonad Nuálaíochta Gnó in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá ról straitéiseach aige ó thaobh forbairt gnólachtaí nuathionscanta de. Is é aidhm an Ionaid timpeallacht a chruthú ina gcothaítear fiontraíocht agus nuálaíocht agus ina gcothaítear seachghnólachtaí agus fás gnó nua.

Baineann na gnólachtaí atá anseo san Ionad tairbhe as na hIonaid Barr Feabhais éagsúla atá ina aice láimhe. Is iad comhaltaí foirne na hOifige don Aistriú Teicneolaíochta a chomhordaíonn an comhoibriú taighde agus forbartha, agus bíonn fáil orthu freisin le cúnamh a thabhairt le haon ghné den fhorbairt gnó.

Léigh Leat Anseo

Cuibhreannas Ignite West

Tá Ignite – an Oifig don Aistriú Teicneolaíochta in OÉ Gaillimh tar éis dul i gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, Institiúid Teicneolaíochta Shligigh agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Cuibhreannas Ignite West cruthaithe againn. De bharr tionscnaimh atá ar siúl i bpáirt ag na hinstitiúidí éagsúla mar aon le cumarsáid oscailte, is féidir linn seirbhís níos fearr a chur ar fáil dár gcomhluadar acadúil agus dár gcomhpháirtithe tionsclaíochta araon.

 

Léigh Leat Anseo

An tIonad Forbartha Gairmeacha

Tá ról tábhachtach ag an Ionad Forbartha Gairmeacha maidir le tacaíocht a thabhairt d'fhostóirí ar spéis leo céimithe de chuid OÉ Gaillimh a fhostú do phoist, d'intéirneachtaí agus do shocrúcháin oibre. Táimid meáite ar naisc a rachaidh chun leasa an dá pháirtí a chruthú le fostóirí, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon. De bhrí gur muid an príomhphointe teagmhála d'fhostóirí in OÉ Gaillimh, eagraímid raon den scoth d'ócáidí agus de sheirbhísí a tharraingíonn aird an phobail a fhreastalaíonn ar riachtanais earcaíochta agus socrúcháin oibre fostóirí, ina measc aonaigh fostaíochta, fógraíocht folúntais, cuir i láthair shainiúla ranga/disciplín agus áiseanna agallóireachta ar an gcampas. Má tá fiontar beag nó meánach agat agus tú ar thóir céimí, nó más cuideachta ilnáisiúnta atá agat atá ar thóir na gcéadta céimí - tá tú tábhachtach dúinn agus is féidir linn cuidiú leat!

Léigh Leat Anseo