Mic Léinn Nua

‘Cathair Ollscoile’ í Gaillimh – tá an campas i gcroílár na cathrach agus is ionann mic léinn agus 20% de dhaonra na Gaillimhe. Cuid riachtanach de shaol na Gaillimhe iad ár mic léinn.


Taobh amuigh den Seomra Ranga

Céard atá le fáil in Ollscoil na Gaillimhe? Tar chuig na Laethanta Oscailte agus labhair leis na léachtóirí agus leis na mic léinn, nó téigh ar thuras den champas am ar bith. 

Ní hionann saol na mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe agus an saol in aon áit eile. Is iomaí deis atá ar fáil a bheith páirteach agus scileanna pearsanta agus saoil a fhorbairt a fhanfaidh leat i gcónaí. 

Tá Ollscoile na Gaillimhe chun cinn maidir le hobair dheonach agus comhpháirteachas poiblí na mac léinn. Tá an deis ag mic léinn an fhoghlaim a dhéanann siad a chleachtadh sa phobal ar bhreis is 60% de na fochéimeanna anois.

Turas Fíorúil ar Ollscoil na Gaillimhe

Féach ar na físeáin agus gheobhaidh tú blaiseadh den saol in Ollscoil na Gaillimhe. Laethanta Oscailte, clubanna spóirt agus cumainn, agus taighde agus nuálaíocht in Ollscoil na Gaillimhe.

Cuir eolas ar ár gCampas

Campus Map Féach Léarscáil den Champas