Rannpháirtíocht sa Phobal

Is mór ag OÉ Gaillimh an pobal agus caidreamh buan a fhorbairt chun dul i bhfeidhm ar shaol na ndaoine sa tsochaí.  Creidimid go ndéantar an fhoghlaim is fearr nuair a bhíonn iliomad deiseanna ag mic léinn tabhairt faoin bhfoghlaim i gcomhthéacsanna an tsaoil mhóir. Chuige sin tá go leor conairí cruthaithe againn chun an t-eolas a chur i bhfeidhm sa phobal trí fhíorfhoghlaim sa churaclam, trí obair dheonach agus trí thaighde a dhéanamh ar thograí a bhaineann le deacrachtaí an ghnáthshaoil. 

Fíorfhoghlaim

Téann mic léinn OÉ Gaillimh i gcion go dearfach ar an bpobal gach bliain agus 1400 mac léinn ag foghlaim agus ag cur a gcuid eolais i bhfeidhm sa saol mór trí fhoghlaim seirbhíse.  Nascann ár gcuid mac léinn an teoiric agus an cleachtas laistigh d'earnáil an phobail, le breis is 60 modúl acadúil faoi stiúir agus á dtacú ag léachtóirí OÉ Gaillimh agus breis is 500 comhpháirtí pobail.

Léigh leat anseo

Taighde Pobalbhunaithe

Tacaíonn OÉ Gaillimh le taighde pobalbhunaithe idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta, mic léinn agus léachtóirí ar cheisteanna agus ar fhadhbanna sa tsochaí.  Cuireann an tsamhail taighde seo deis ar fáil d'eagraíochtaí pobail go ndéanfaí taighde ar ábhar nach bhfuil acmhainní acu dó, agus deis do mhic léinn tabhairt faoi thaighde a chuireann lena gcuid foghlama agus lena bhforbairt ghairme agus cuidítear ag an am céanna le hathrú dearfach sóisialta a dhéanamh.

Léigh leat anseo

Obair Dheonach

Ba í OÉ Gaillimh an chéad ollscoil in Éirinn a bhunaigh clár aitheantais do mhic léinn a dhéanann obair dheonach, ar an gcampas agus lasmuigh den champas, le heagraíochtaí pobail.  Leis an gclár ALIVE tugaimid aitheantas do scileanna inaistrithe, d'eolas, do thiomantas agus do spreagadh na mac léinn againne trí Theastais an Uachtaráin don Obair Dheonach.  Ghnóthaigh breis is 10,000 mac léinn Teastas ALIVE le deich mbliana anuas agus táimid an-bhródúil as na mic léinn, idir mhic léinn reatha agus iarmhic léinn.

Léigh leat anseo

Campus Engage

Bhunaigh OÉ Gaillimh an gréasán náisiúnta ardoideachais chun tacú le comhghleacaithe agus le mic léinn i dtimpeallachtaí eile ardoideachais d'fhonn deiseanna oibre pobail a chruthú.  Trí Campus Engage, tá 24 Uachtarán Ardoideachais in Éirinn i mbun rannpháirtíocht, threo agus fhís an phobail a chur chun cinn agus a stiúradh.  Díol mórtais do OÉ Gaillimh is ea go bhfuilimid ar thús cadhnaíochta maidir leis an rannpháirtíocht sa phobal agus go bhfuil ár gcáil amuigh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta don obair a dhéanaimid sa réimse seo.

Léigh leat anseo

Acadamh na hÓige

Tá OÉ Gaillimh meáite ar eolas a roinnt leis an bpobal i gcoitinne agus le daoine óga go háirithe.  Oibríonn Acadamh na hÓige in OÉ Gaillimh le daltaí bunscoile ardinniúla chun tacú lena bhfoghlaim agus lena bhforbairt acadúil. Freastalaíonn na céadta dalta scoile ar ranganna ar an gcampas gach maidin Sathairn agus foghlaimíonn siad ónár gcuid léachtóirí agus ónár mic léinn iarchéime.  Níl na cúrsaí a chuirtear ar fáil ar churaclam na bunscoile, rud a thugann deis do dhaltaí tabhairt faoi réimsí eile staidéir, ar bhealach idirghníomhach agus spraíúil.

Léigh leat anseo