Is é an misean atá againn cultúr sárchaighdeáin teagaisc agus foghlama a chothú; agus modhanna a spreagann rannpháirtíocht ghníomhach an fhoghlaimeora agus smaointeoireacht chriticiúil á gcur chun cinn againn. Is é an taighde atá mar threoir againn agus glacaimid páirt in eagraíochtaí agus i bhfóraim idirnáisiúnta a bhaineann le teagasc, measúnacht, teicneolaíocht agus taighde ardoideachais.

Má tá ceist agat faoi (aon cheann de) na teicneolaíochtaí a bhfuil tacaíocht á bhfáil acu breathnaigh ar na naisc thíos: 

Suíomh Sharepoint d'fhoireann Ollscoil na Gaillimhe:  

Canvas in Ollscoil na Gaillimhe. Beidh ról ríthábhachtach ag an VLE nua seo i ndáil le heispéireas na mac léinn ar an gcampas a fheabhsú, agus a chur ar chumas ár dteagascóirí níos mó rannpháirtíochta a chothú i measc foghlaimeoirí. Ó thús na Bliana Acadúla seo chugainn (2023/24) is é Canvas an t-aon VLE institiúideach a bheidh in úsáid.

An t-eolas ar fad faoi Canvas.

Mion-stiúideo CELT

Mion-stiúideo CELT

Tá an mion-stiúideo nua oscailte do mhic léinn agus do chomhaltaí foirne le haghaidh taifeadadh aon chnaipe amháin.

Airithintí