Saol na hOllscoile in Ollscoil na Gaillimhe

Is ‘fíorchathair Ollscoile’ í Gaillimh – tá an campas i gcroí na cathrach, agus gach áis a bheadh uait ar leac an dorais agat agus féadfaidh tú siúl gach áit. Áit bheo bhríomhar í seo agus bíonn féilte cultúrtha agus spóirt ar siúl ar feadh na bliana ar fad. An raibh a fhios agat gur ionann mic léinn agus 20% de dhaonra na Gaillimhe? Cuid riachtanach de shaol na Gaillimhe iad ár mic léinn, cuireann siad fuinneamh agus brí leis an gcathair.

Gaillimh - Cathair Ollscoile

Áit spreagúil í Gaillimh do mhic léinn. Tá an chathair sách mór chun go mbeadh gach rud inti – siopadóireacht, amharclanna, bialanna, ionaid cheoil agus ionaid spóirt – ach níl sí rómhór le bheith fáiltiúil agus cairdiúil. Tá Gaillimh suite idir Conamara agus Boirinn, ar Chuan bhreá na Gaillimhe, ní bhfaighidh tú áit níos áille. Cé go bhfuil an áit fuinniúil le daonra óg agus ilchineálach, tá stair agus traidisiún ag baint leis an gcathair ag an am céanna. 

Tá cáil orainn mar chathair a dhéanann ceiliúradh ar na healaíona agus ar an amharclannaíocht. Cathair chultúrtha í seo a mheallann na mílte cuairteoirí chuig féilte a bhíonn ar siúl ar feadh na bliana: Féile Idirnáisiúnta Litríochta Cúirt; Féile Ghrinn na Gaillimhe; Fleá Scannán na Gaillimhe; Féile Ealaíon na Gaillimhe; Rásaí na Gaillimhe; agus Féile na nOisrí. Sin an fáth a bhfuil iarratas á dhéanamh ag Gaillimh a bheith ar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020. Is í Gaillimh an tríú cathair is mó in Éirinn agus is fusa do bhealach a dhéanamh timpeall inti. Nuair a chuirfidh tú eolas ar an gcathair seo, titfidh tú i ngrá léi cinnte.

Léigh leat anseo

Lóistín

Céim mhór í imeacht ón mbaile den chéad uair. Chun go mbeidh saol sásta rathúil agat ar an ollscoil tá sé tábhachtach an lóistín ceart a fháil.

Chun cuidiú leat, táimid anseo chun tacaíocht agus comhairle a thabhairt duit chun an cinneadh ceart a dhéanamh. D'fhéadfá fanacht sa Lóistín do Mhic Léinn nó teach a roinnt, d'fhéadfá fanacht le teaghlach nó in iostas nó in árasán. Buail isteach san oifig, cuir glao orainn nó féach ar ár láithreán gréasáin. Is iomaí lóistín atá ar fáil duit agus molaimid duit breathnú ar na roghanna ar fad sula roghnóidh tú ceann. 

Léigh leat anseo.

 

A bheith rannpháirteach

Tá saol na mac léinn saibhir agus éagsúil in OÉ Gaillimh agus is iomaí taithí atá le fáil anois taobh amuigh den seomra ranga.

Tá breis is 110 cumann agus os cionn 50 club anseo agus is cinnte go mbeidh suim agat sa spórt nó sa chaitheamh aimsire céanna le mic léinn eile. Bí páirteach i gCumann agus casfar daoine nua ort, foghlaimeoidh tú scileanna nua, cuirfidh tú spéis in ábhair nua, foghlaimeoidh tú rudaí nua agus rachaidh tú ar aistir iontacha. Cuireann cumainn an tsiamsaíocht saor in aisce/saor is fearr i nGaillimh ar fáil. Is iad ár gcumainn na cumainn is fearr sa tír agus is mó a bhfuil Gradaim Náisiúnta na gCumann (BICS) bainte amach acu. Mura bhfuil cumann againn a thaitneodh leat molaimid do mhic léinn ceann nua a bhunú.

Bíonn mic léinn atá páirteach i saol na mac léinn níos sásta agus, dá bharr sin, éiríonn níos fearr leo ina gcuid staidéir. In OÉ Gaillimh, críochnaíonn níos mó mac léinn a gcuid staidéir, is é sin 86%, ná in aon ollscoil eile in Éirinn.

Léigh leat anseo

Obair dheonach agus an Ollscoil

Is í OÉ Gaillimh an ollscoil is mó a mbíonn a cuid mac léinn ag déanamh obair dheonach, tá os cionn 4,000 mac léinn cláraithe mar oibrithe deonacha. Gach bliain, cláraíonn na mílte mac léinn ar an gclár ALIVE, ag déanamh obair dheonach le breis is 450 eagraíocht agus is iomaí deis a chruthaíonn sé sin do mhic léinn a bheith i mbun obair sa phobal. Ciallaíonn obair dheonach am, scileanna agus fuinneamh do rud éigin atá níos mó ná an duine féin. Foghlaimeoidh tú scileanna nua, casfaidh tú le daoine nua, déanfaidh tú difríocht agus cabhróidh sé leat agus tú ag lorg oibre amach anseo.

Ollscoil Inrochtaine

Bealaí eile chun áit a fháil in institiúid tríú leibhéal:

HEAR - an Bealach Rochtana ar an Ardoideachas - Scéim iontrála coláiste agus ollscoile é an Bealach Rochtana ar an Ardoideachas (HEAR) a thugann áiteanna ar phointí laghdaithe do lucht fágála scoile ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh na socheacnamaíochta de agus atá faoi bhun 23 bliain d'aois.

DARE - an Bealach Rochtana Míchumais ar an Oideachas- Scéim iontrála coláiste agus ollscoile é an Bealach Rochtana Míchumais ar an Oideachas (DARE) a thugann áiteanna ar phointí laghdaithe do lucht fágála scoile atá faoi mhíchumas agus atá faoi bhun 23 bliain d'aois.

Cúrsa Rochtana do Lucht Fágála Scoile Feilfidh an Cúrsa Rochtana do Lucht Fágála Scoile do mhic léinn a bhfuil an-suim acu staidéar a dhéanamh ag an tríú leibhéal, ach nach bhfuil ar a gcumas sin a dhéanamh de bharr cúinsí airgeadais nó cúinsí sóisialta.

Mic Léinn Lánfhásta - Más mac léinn lánfhásta thú atá ag filleadh ar oideachas lánaimseartha nó páirtaimseartha, is iomaí cúrsaí agus tacaíocht atá ar fáil in OÉ Gaillimh duit.

Léigh leat anseo

Cén fáth a roghnófá OÉ Gaillimh?

In OÉ Gaillimh tabharfar duit na deiseanna oideachais agus na seansanna fostaíochta is fearr dá bhfuil ann chun tú a ullmhú le haghaidh mhargadh fostaíochta an lae inniu. Roghnaíonn níos mó ná 3,000 dalta Ardteistiméireachta OÉ Gaillimh mar chéad rogha.

Ag Tacú Leat

Tuigimid go mbíonn amanna ann a dteastaíonn comhairle, tacaíocht nó cluas éisteachta uait, agus tá líonra seirbhísí againn chun freastal ar na riachtanais sin. Táimid ag iarraidh go mbeidh taithí foghlama den scoth agat agus go mbainfidh tú an tairbhe is mó as do thréimhse san ollscoil. 

Labhair linn má bhíonn fadhbanna pearsanta, sóisialta nó praiticiúla agat i rith na bliana. Ní mar a chéile an fhoghlaim ag an ollscoil agus an fhoghlaim ar scoil.  Má bhíonn aon deacrachtaí agat nó má bhíonn tú tinn bí cinnte agus do léachtóir nó an duine cuí sa Choláiste nó sa Scoil a chur ar an eolas. Ná bíodh aon drogall ort aon fhadhbanna a chur in iúl dúinn ionas go mbeimid in ann cabhrú leat más féidir.

 

Léigh leat anseo