Láthair agus Páirceáil

Treoracha chuig an Ionad Forbartha Gairmeacha

Tiomáint:

Treoracha: Tabharfaidh an N6 go Gaillimh thú ansin lean an N59, ag dul ar chlé ag na soilse tráchta i ndiaidh Dhroichead na gCúig Céad chomh fada leis an gcampas 

Ar an gCampas: 

Táimid lonnaithe i bhFoirgneamh na nDán/na hEolaíochta ar an gcéad urlár. Taispeánann an físeán thíos an bealach.

Teigh isteach na príomhdhoirse, trasna ón leabharlann.
Téigh síos an pasáiste (doirse glasa) ar chlé ó théatar LARMOR chuig an Ionad (tá comharthaí ar na ballaí). Téigh tríd an doras deiridh agus téigh ar dheis.
Má théann tú síos an pasáiste (doirse gorma) ar chlé ó Théatar Uí Dhiollúin chuig ár bpríomhbhealach isteach, tríd an doras deiridh ar thaobh na láimhe clé.

Tá bealaí eile le teacht orainn, mar shampla ar an droichead ón bhFoirgneamh IT agus ag casadh ar dheis.  

Seomra Seimineáir na nGairmeacha:

Téigh síos an pasáiste ar chlé ó théatar LARMOR. Téigh trí thrí shraith doirse dúbailte agus tá ár Seomra Seimineáir ar thaobh na láimhe clé (díreach sula mbaineann tú Seandálaíocht amach). Tá bealach isteach chuig an Seomra Eolais Gairmeacha díreach ar dheis.  

Páirceáil

Caithfidh cuairteoirí agus aíonna páirceáil sna spásanna Íoc agus Taispeáin (Í&T), atá timpeall an champais.  Féach an Léarscáil de Spásanna Íoc & Taispeáin.
Chomh maith le boinn airgid, is féidir íoc ag na méadair ar fad le cártaí a bhfuil creidmheas curtha orthu, ach iad a cheannach ó Dheasc Eolais na Mac Léinn (+353-91-495063) ar an gcampas.
Cliceáil anseo chun eolas a fháil ar na rátaí méadair agus treoracha a fháil chun na cártaí íoc agus taispeáin réamhíoctha a úsáid.
Má pháirceálann tú i spás Í&T, ní mór ticéad Í&T bailí a thaispeáint, is cuma cén ceadúnas páirceála atá agat.
Tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil línte agus téacs gorm (“P&D/Í&T”) marcáilte ar na spásanna Í&T.  Má pháirceálann tú i spás ar bith eile, agus gan agat ach ticéad Í&T, d’fhéadfaí do charr a chlampáil.  Ní bhaineann ticéid Í&T ach leis na spásanna a bhfuil línte gorma orthu.

Tá Seirbhís Páirceála & Taistil ar fáil ó Charrchlós an Daingin (Lonnaithe: N53o17'25" W9o4'16") ar an gcampas thuaidh.