Cúram Sláinte

Tá Scoil an Leighis in Ollscoil na Gaillimhe bródúil as raon leathan deiseanna foghlama cumaisc a sholáthar do ghairmithe sláinte in Éirinn agus thar lear. Tá rogha fhairsing cúrsaí ar fáil agus léiríonn siad na cineálacha éagsúla saineolais atá ar fáil ar ár gcampas. Tá cúrsaí ann a thacaíonn le forbairt foghlaimeoirí ó thaobh cumas taighde agus scileanna teagaisc de chomh maith le heolas agus cleachtas cliniciúil. I roinnt dár gcúrsaí cuimsíonn ríomhfhoghlaim agus cianoideachas beagnach 100% den fhoghlaim. Baineann deiseanna foghlama aghaidh ar aghaidh le cúrsaí eile. Is é ár n-uaillmhian, áfach, ár gcúrsaí go léir a athrú chun tacú le cianfhoghlaimeoirí. Bhaineamar leas an-luath as comhdháil ghréasáin, seimineáir, físeáin teagaisc chomh maith leis na gnáthchláir phlé, blaganna agus vicithe.

Díríonn cláir a sheachadtar tríd an bhfoghlaim chumaisc laistigh de Scoil an Leighis ar réimse an oideachais iarchéime i gcleachtas ginearálta agus i gcúram príomhúil. Cuirtear na cláir ar fáil ar bhonn modúlach a thugann deis do mhic léinn clárú do chúrsaí le haon mhodúl amháin, ag cur leis de réir a chéile le go mbeidh dóthain modúl acu do chlár Máistreachta nó fiú PhD, más mian leo. Tá gach clár creidiúnaithe do CPD ag na comhlachtaí gairmiúla éagsúla. Tá mioneolas le fáil sna naisc thíos a bhaineann leis na trí réimse a chuireann meascán d’ábhar acadúil agus scileanna praiticiúla ar fáil do mhic léinn nua.

Cúrsaí Iarchéime

Dioplóma in Eolaíochtaí Sláinte (Oideachas Cliniciúil) 

MSc Sláinte Ógánach

MSc Cleachtas & Taighde Ardchúraim Sláinte

MSc Riachtanais Urlabhra, Teanga & Chumarsáide na hÓige

MSc (Fiseolaíocht Aclaíochta & Athshlánú)

MSc/Dioplóma Iarchéime (Raideolaíocht Ildisciplíneach)

Máistir in Eolaíochtaí Sláinte (Oideachas Cliniciúil)

MCH – Máistir sa Mháinliacht (múinte)

Máistir Eolaíochta i dTaighde Cliniciúil

Máistir Eolaíochta i gCairdeolaíocht Choisctheach

PhD Struchtúrtha (Cleachtas Ginearálta)

PhD Struchtúrtha (Cúram Príomhúil)