I mí Lúnasa 2015, d’aontaigh Coiste Seasta Acadúil na hOllscoile uasteorannú a thabhairt isteach i gcás athscrúduithe agus athmheasúnuithe. Is éard atá i gceist le huasteorannú gurb é an pasmharc don mhodúl (i.e. 40%) an marc is airde is féidir a bhronnadh ar mhac léinn nuair a dhéanann sé/sí athscrúdú nó athmheasúnú. 

Tá dhá eisceacht air sin:

  • Ní bheidh uasteorannú i bhfeidhm i gcás chláir fochéime lánaimseartha na Chéad Bhliana
  • I gcás mhodúil na gclár MB, BCh, BAO agus BSc (Teiripe Shaothair, Cosliacht, agus Teanga agus Urlabhra), is é 50% an marc is airde a bhronnfar; is é 50% an pasmharc do mhodúil ar na cláir seo 

Chun níos mó eolais a fháil maidir le huasteorannú i do chlár féin, léigh Marcanna agus Caighdeáin na hOllscoile ar an leathanach Polasaithe & Nósanna Imeachta.

Céard a chiallaíonn sé seo domsa?

Mar mhac léinn ba cheart duit a bheith ar an eolas má theipeann ort i scrúdú nó i measúnú agus má dhéanann tú athscrúdú nó athmheasúnú, is é 40% an marc is airde is féidir leat a bhaint amach sa scrúdú nó sa mheasúnú sin ar fhormhór na gclár. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag mic léinn fochéime gur fiú 30% de do chéim iomlán na marcanna a fhaigheann tú sa dara bliain deiridh, seachas i gcás an Leighis. I gcás mic léinn Leighis atá ag dul isteach sa Cheathrú Bliain in 2015/16, beidh do chéim bunaithe ar 50% de do mharc sa Cheathrú Bliain agus 50% de do mharc sa Bhliain Deiridh. Dá bhrí sin, beag beann ar an gclár atá ar siúl agat, má bhíonn ort athscrúduithe/athmheasúnuithe a dhéanamh sa Bhliain Deiridh nó sa dara Bliain Deiridh d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar do chéim iomlán.

Mar chomhalta foirne ba cheart duit a chinntiú go bhfuil mic léinn ar do chlár ar an eolas faoi uasteorannú. D’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar a gcuid torthaí.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le huasteorannú a bheith i bhfeidhm, féach an Bhileog Eolais maidir le hUasteorannú.



Bí i dteagmháil
examsoffice@universityofgalway.ie
091-493024