Roimh do scrúdú ar líne

Fíoraigh do Chlárú Modúil

Tá sé ríthábhachtach go mbeifeá in ann na modúil a bhfuil tú cláraithe orthu a fheiceáil agus tú logáilte isteach ar Canvas. Mura bhfeiceann tú modúil a bhfuil súil agat leo ar Canvas, féach na Ceisteanna Coitianta ar líne chun treoracha a fháil – Mura bhfuil mac léinn cláraithe nó má tá curaclam in easnamh orthu: ní mór don mhac léinn teagmháil a dhéanamh le hOifig an Choláiste.

Seiceáil do Ríomhaire

Bíonn teorainn ama le scrúduithe ar líne go hiondúil, rud a chiallaíonn nach mbeidh tú ag iarraidh go gcuirfidh cadhnra/cumhacht, nasc idirlín ná feidhmiúlacht bhunúsach isteach ná amach ort.

Tá sonraí maidir le cianrochtain ar sheirbhísí IT do mhic léinn ar fáil ó Láithreán gréasáin ISS.

  1. Bí cinnte go bhfuil cur amach agat ar an ríomhaire a bheas in úsáid agat don scrúdú ar líne. 
  2. Abair mar shampla má fhaigheann tú ríomhaire glúine ar iasacht ó dhuine sa bhaile, bí cinnte dul i dtaithí ar an ríomhaire, roimh ré, chun nach mbeidh aon rud ag cur as duit lá na scrúduithe.
  3. Bí cinnte go bhfuil rochtain agat ar Canvas agus gur féidir leat do mhodú(i)l a fheiceáil ar Canvas.
  4. Tástáil aon nasc nó bogearra a mhol do léachtóir/comhordaitheoir an mhodúil a bheidh ag teastáil uait don scrúdú. Cinntigh go bhfuil do dheasc/spás oibre gar do shoicéad agus luchtaigh an cadhnra go hiomlán roimh ré.
  5. Féach arís na leideanna mionsonraithe IT atá ar fáil chun ullmhú do scrúduithe ar líne

Teacht roimh Fhadhbanna Teicniúla

Is cuma cé chomh ullmhaithe agus atá tú, téann rudaí in aimhréidh scaití.
Bí cinnte go bhfuil tú in ann dul i dteagmháil le do léachtóir/comhordaitheoir an mhodúil (trí ríomhphost de ghnáth) i gcás fadhbanna teicniúla lá na scrúduithe. Seiceáil Canvas nó cumarsáid ríomhphoist ó do léachtóir le haghaidh sonraí faoi conas dul i dteagmháil leo ar lá an scrúdaithe.

NÓTA TÁBHACHTACH MAIDIR LE WIFI AN CHAMPAIS – I gcás na Mac Léinn atá ag tabhairt faoi scrúdú ar líne ar an gcampas i Spás Staidéir Ciúin. Tabhair faoi deara gur nuashonraíodh seirbhísí WiFi Eduroam ar an gcampas i mí na Samhna 2020.  Murar nasc tú leis an WiFi ar an gCampas ó shin, d’fhéadfaí go mbeadh ort an cliant Eduroam ar d’fheara(i)s a uasdátú sula mbeidh tú in ann rochtain a fháil ar an tseirbhís.  Lean na treoracha ó láithreán gréasáin WiFi ISS anseo. Féadfaidh tú an cliant Eduroam a uasdátú sula dtiocfaidh tú chuig an gcampas mar sin molaimid é sin duit.

NB: ROIMH AN SCRÚDÚ, BÍ CINNTE GO bhFUIL TEACHT AGAT AR WIFI AN CHAMPAIS AGUS BÍODH AM AGAT DO CHLIANT WIFI EDUROAM A UASDÁTÚ MÁS GÁ.

Lá an Scrúdaithe

Bí in Am don Scrúdú

Bíodh a fhios agat cén t-am a thosaíonn an scrúdú agus bí ar do ríomhaire 15 nóiméad ar a laghad roimh ré, agus bí réidh le tosú. Féach ar líne ar d’amchlár pearsanta scrúdaithe.  Má thagann aon athrú ar am an scrúduithe nó ar leagan amach an mheasúnaithe, cuirfidh do léachtóir/comhordaitheoir an mhodúil gach mac léinn ar an eolas roimh ré. 

Ná Déan dearmad an scrúdú a sheoladh isteach

Ní bhíonn an scrúdú ar líne críochnaithe go dtí go mbrúnn tú ar an gcnaipe “Seol/Submit” ag an deireadh go hiondúil. Nuair a bheidh tú réidh leis an scrúdú, téigh chuig an deireadh agus cliceáil an cnaipe sin. Ná fág an leathanach go mbeidh tú cinnte go bhfuil do chuid oibre ar fad curtha isteach agat.

Fadhbanna Teicniúla ar an lá

Má thagann fadhb chun cinn nach bhfuil smacht agat air, cuir an scéal in iúl do do léachtóir/comhordaitheoir an mhodúil a luaithe is féidir, trí ríomhphost a sheoladh le d’uimhir aitheantais air, sonraí na faidhbe agus más féidir, cuir gabháil scáileáin den teachtaireacht earráide san áireamh.

Naisc Ghaolmhara a bhaineann le Scrúduithe