Tá spriocdháta na n-iarratas ar Scoláireacht Hardiman 2024 caite anois. Tá na torthaí curtha in iúl do gach iarratasóir.

Cé air a bhfuil na scoláireachtaí seo dírithe?

Mic léinn ag tosú ar PhD i Meán Fómhair 2024. Tá Scoláireachtaí PhD Hardiman maoinithe go hiomlán ar feadh ceithre bliana, agus tá stipinn €22,000 sa bhliain móide táillí maite mar chuid de. Daoine aonair den chéad scoth, lán le tiomantas agus díograis, a bhfuil dúil acu sa taighde agus sa chruthaitheacht, a mhaireann ar spreagadh intleachtúil, agus a mbeidh tionchar dearfach acu ar gach duine inár sochaí agus ar an todhchaí.  Má bhaineann tú leas as do chuid fuinnimh chruthaithigh, beidh do thuras PhD in Ollscoil na Gaillimhe beo le féidearthachtaí agus le deiseannas.

Tugann na Scoláireachtaí deis do dhaoine aonair atá cáilithe go cuí tabhairt faoi PhD Struchtúrtha ar cheann de chúig phríomhréimse taighde a bhfuil saineolas ag an Ollscoil orthu;

I gcomhar lenár gcomhpháirtithe áitiúla, náisiúnta agus ar fud an domhain, cuirimid fáilte roimh thaighde uaillmhianach a chuirfidh bonn taca faoi na réimsí seo a leanas:

 

Iarratas a dhéanamh

Ní mór d’iarrthóirí an Treoir d’Iarrthóirí a léamh sula líonann siad an fhoirm iarratais.

1. Aimsigh Stiúrthóir

1. Aimsigh Stiúrthóir

Caithfidh iarratasóir stiúrthóir amháin a ainmniú. Cliceáil anseo chun stiúrthóir a aimsiú. Ní mór foirm stiúrthóra a chur isteach faoi 9 Feabhra 2024 (17:00 Am na hÉireann)

Foirm Stiúrthóra

 

2. Iarratas

2. Iarratas

Bíodh iarratas iomlán déanta faoin 9 Feabhra 2024 (17:00 Am na hÉireann). Glactar le hiarratais i mBéarla nó i nGaeilge amháin.

Foirm Iarratais

 

3. Moltóirí Acadúla

3. Moltóirí Acadúla

Ní mór dhá theistiméireacht a léiríonn d’oiriúnacht acadúil agus d’acmhainneacht acadúil chun taighde iarchéime a dhéanamh a bheith istigh faoin 9 Feabhra 2024 (17:00 Am na hÉireann).

Foirm na Moltóirí Acadúla

 

Ceisteanna Coitianta

Iarrthóirí Ionchasacha

Is é an chéad rud a chaithfidh gach duine a bhfuil spéis acu cur isteach ar scoláireacht a dhéanamh ná an Treoir d’Iarrthóirí ag barr an leathanaigh seo a léamh

C: Cathain a osclófar an próiseas iarratais don chéad ghrúpa iarrthóirí eile ar Scoláireacht Hardiman?

F: Osclaíonn an córas iarratais ar Scoláireachtaí Hardiman go luath i mí na Nollag de ghnáth dóibh siúd a bheidh ag tosú an Meán Fómhair dár gcionn. Gheofar sonraí ar an leathanach gréasáin https://www.universityofgalway.ie/hardiman-scholarships/ in am trátha.

C: Is mac léinn reatha PhD mé. An féidir liom cur isteach ar Scoláireacht Hardiman?

F: Ní féidir, mar atá leagtha amach ar an leathanach gréasáin https://www.universityofgalway.ie/hardiman-scholarships/, tá sé sonraithe ansin: Cé air a bhfuil na scoláireachtaí seo dírithe? Mic léinn ag tosú ar PhD i mí Mheán Fómhair 2024. 
Ina theannta sin, aimseofar an méid a leanas sa mhír cháilitheachta https://www.universityofgalway.ie/hardiman-scholarships/eligibility ‘Ní ghlacfar le hiarratais ó dhaoine atá cláraithe do PhD faoi láthair ná ar bronnadh PhD orthu cheana.’

C: Ba mhaith liom tabhairt faoi PhD ar bhonn páirtaimseartha. An féidir liom cur isteach ar Scoláireacht Hardiman?

F: Ní féidir. Tá sé luaite sa Treoir d’Iarrthóirí (atá ar fáil ar an leathanach gréasáin seo) ‘Ní bhronnfar scoláireachtaí ach ar dhaoine a nglactar leo ar chlár PhD struchtúrtha lánaimseartha in Ollscoil na Gaillimhe.’

C: Ba mhaith liom tabhairt faoi PhD i gColáiste Ealaíne Bhoirne. An féidir liom cur isteach ar Scoláireacht Hardiman?

F: Ní féidir, toisc nach ndéanann Ollscoil na Gaillimhe ach creidiúnú ar chláir BCA.
Dá bhrí sin, is féidir le hiarrthóirí tabhairt faoi PhD in BCA, ach níl siad incháilithe do scoláireachtaí Ollscoil na Gaillimhe, Scoláireachtaí Hardiman, QA200, QA203 etc. san áireamh.

C: Cén chaoi an ndéanfaidh mé iarratas ar Scoláireacht Hardiman?

F: Más mian leat cur isteach ar Scoláireacht PhD Hardiman, gheobhaidh tú an t-eolas ar fad faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh agus na cáipéisí atá de dhíth ar an leathanach gréasáin https://www.universityofgalway.ie/hardiman-scholarships/.

C: Céard a chlúdaíonn Scoláireacht PhD Hardiman agus ar feadh cén tréimhse?

F: Cuireann Scoláireachtaí PhD Hardiman maoiniú ar fáil ar feadh ceithre bliana d’iarrthóirí rathúla atá ag tabhairt faoi PhD struchtúrtha ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn. Clúdaíonn sé stipinn an mhic léinn ar fiú €22,000 sa bhliain é, móide tarscaoileadh táillí teagaisc ar feadh tréimhse ceithre bliana. Ní chlúdaíonn sé tobhach na mac léinn ná buiséad le haghaidh tomhaltán, taisteal, etc.

C: Cé mhéad Scoláireachtaí PhD Hardiman atá ar fáil i mbliana?

F: Ní féidir linn a dheimhniú cé mhéad scoláireachtaí a bheidh ar fáil toisc go n-athraíonn líon na scoláireachtaí ó bhliain go bliain de réir an mhaoinithe a chuirtear ar fáil dúinn.

C: Cén chaoi ar féidir liom stiúrthóir féideartha a aimsiú?

F: Mar atá leagtha amach ar an leathanach gréasáin https://www.universityofgalway.ie/hardiman-scholarships/, caithfidh tú cliceáil anseo chun stiúrthóir a fháil sa réimse taighde a bhfuil spéis agat ann. Ní mór duit teagmháil dhíreach a dhéanamh le stiúrthóirí féideartha.
1. Aimsigh Stiúrthóir

Caithfidh iarrthóir stiúrthóir amháin a ainmniú. Cliceáil anseo chun stiúrthóir a aimsiú. Ní mór foirm stiúrthóra a chur isteach.

C: An bhfuil táille iarratais i gceist le hiarratas a dhéanamh ar Scoláireacht PhD Hardiman?

F: Níl aon táille i gceist le hiarratas a dhéanamh ar Scoláireacht PhD Hardiman.
Lean na treoracha atá sa Treoir d’Iarrthóirí (atá ar fáil ar an leathanach gréasáin seo), cáipéis a chaithfidh gach iarrthóir a léamh sula líonann siad an fhoirm iarratais, agus tabhair aird ar gach a bhfuil luaite sna foirmeacha iarratais agus eile.
Tabhair faoi deara: tá táille iarratais i gceist le hiarratas a dhéanamh ar chlár PhD

C: An gá dom iarratas ar líne ar PhD Struchtúrtha a dhéanamh chomh maith leis an iarratas ar Scoláireacht Hardiman?

F: Is gá. Ní bhaineann HR Scholar ach leis an bpróiseas iarratais agus an fhoirm iarratais do Scoláireacht PhD Hardiman.
Is próiseas ar leith é iarratas a dhéanamh ar PhD Struchtúrtha.
Is féidir cur isteach ar an dá rud ag an am céanna más mian leat, nó seans gur fearr leat fanacht go gcloisfidh tú ar éirigh le d’iarratas ar scoláireacht sula gcuireann tú isteach ar an PhD. Tabhair do d’aire, má bhronntar Scoláireacht PhD Hardiman ort, beidh sé faoi réir na riachtanas iontrála do PhD ag Ollscoil na Gaillimhe agus Coláiste XXX a shásamh (trí iarratas a dhéanamh ar líne ar chlár struchtúrtha PhD agus go nglacfar leat ann).
Seo rud is féidir leat a phlé le do stiúrthóir, b’fhéidir. D’fhéadfadh sé tarlú go bhfuil foinsí eile maoinithe ar eolas acu gur féidir leat cur isteach orthu ag an am céanna le Scoláireacht Hardiman, rud a chuirfeadh le do sheansanna maoiniú a fháil do do PhD.

Tá sé tábhachtach iarratas a dhéanamh ar do PhD in am agus i dtráth sa chás go bhfuil víosa de dhíth ort, mar tógfaidh sé roinnt seachtainí cinneadh a fháil ar d’iarratas PhD, agus roinnt seachtainí eile chun toradh a fháil ar d’iarratas ar víosa. Má fhaigheann tú scoláireacht Hardiman, ní mór an méid seo uile a bheith curtha i gcrích agat faoin 1 Meán Fómhair sa bhliain acadúil atá le teacht.  

C: An ndéanfar m’iarratas ar an gclár PhD Struchtúrtha atá uaim a mheas mar chuid den iarratas ar Scoláireacht Hardiman?

F: Ní dhéanfar. Próiseas ar leith is ea an próiseas iarratais ar PhD Struchtúrtha nach bhfuil aon bhaint aige leis an iarratas ar Scoláireacht PhD Hardiman.

  • Chun iarratas a dhéanamh ar PhD, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le stiúrthóir(í) féideartha ar dtús. Ar an gcéad ásc, téigh chuig https://www.universityofgalway.ie/findasupervisor/ agus déan teagmháil dhíreach le stiúrthóir féideartha i do réimse taighde féin. Cuirfidh siadsan ar an eolas thú maidir leis an gcaoi le cur isteach ar líne ar chlár PhD agus pléifidh siad Scoláireacht PhD Hardiman, nó deiseanna maoinithe eile a d’fhéadfadh a bheith ar eolas acu ag an am, chun tacú le do chuid staidéir.  
  • I gcás Scoláireacht Hardiman, tá gach eolas i dtaobh an iarratais agus a bhfuil ag teastáil lena aghaidh ar fáil ar an leathanach gréasáin Scoláireacht PhD Hardiman. Ní mór duit teagmháil a dhéanamh le do stiúrthóir féideartha mar chuid den phróiseas iarratais, agus caithfidh siadsan an fhoirm stiúrthóra a líonadh isteach (de réir na dtreoracha) agus a chur faoi bhráid hrscholar@universityofgalway.ie roimh an spriocdháta agus sprioc-am.

C: An féidir le hiarrthóir ar Scoláireacht Hardiman cur isteach ar an PhD sula gcuireann siad isteach ar Scoláireacht Hardiman nó ag an am céanna leis (mar is dhá phróiseas ar leith iad)?

F: Is féidir leat cur isteach ar Scoláireacht PhD Hardiman gan d’iarratas ar PhD Struchtúrtha a bheith tosaithe ná críochnaithe agat. Dhá phróiseas iarratais ar leith atá iontu.

Má éiríonn leat tairiscint a fháil ar Scoláireacht Hardiman, beidh sé faoi réir na riachtanas iontrála le haghaidh PhD in Ollscoil na Gaillimhe agus Coláiste XXXX a chomhlíonadh. Má ghlacann tú leis an tairiscint, is ag an bpointe seo a mholfar duit ‘Mura bhfuil iarratas déanta agat ar an gclár PhD Struchtúrtha tríd an gcóras iarratais ar líne, ba cheart duit a dhéanamh amhlaidh anois. Próiseas ar leith is ea é seo, nach bhfuil aon bhaint aige leis an tairiscint ar scoláireacht.’

Tá sé tábhachtach iarratas a dhéanamh ar do PhD in am agus i dtráth sa chás go bhfuil víosa de dhíth ort, mar tógfaidh sé roinnt seachtainí cinneadh a fháil ar d’iarratas PhD, agus roinnt seachtainí eile chun toradh a fháil ar d’iarratas ar víosa. Má fhaigheann tú scoláireacht Hardiman, ní mór an méid seo uile a bheith curtha i gcrích agat faoin 1 Meán Fómhair sa bhliain acadúil atá le teacht.  

C: Agus mé ag cur isteach ar Scoláireacht PhD Hardiman, an bhfuil mé ag cur isteach ar chlár PhD?

F: Níl. Ní hionann an próiseas iarratais ar chlár PhD agus próiseas iarratais ar Scoláireacht PhD Hardiman – dhá phróiseas ar leith atá iontu. Bheadh ort d’iarratas ar PhD a phlé leis an Oifig Iontrálacha Iarchéime nó le do stiúrthóir féideartha. Níl aon bhaint ag HR Scholar leis an bpróiseas seo.
Má éiríonn leat tairiscint a fháil ar Scoláireacht PhD Hardiman, beidh sé faoi réir na riachtanas iontrála le haghaidh PhD in Ollscoil na Gaillimhe agus an Coláiste ábhartha, e.g. Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta & an Léinn Cheiltigh, a chomhlíonadh.
Má ghlacann tú leis an tairiscint, is ag an bpointe seo a mholfar duit ‘Mura bhfuil iarratas déanta agat ar an gclár PhD Struchtúrtha tríd an gcóras iarratais ar líne, ba cheart duit a dhéanamh amhlaidh anois. Próiseas ar leith is ea é seo, nach bhfuil aon bhaint aige leis an tairiscint ar scoláireacht.’

Tá sé tábhachtach iarratas a dhéanamh ar do PhD in am agus i dtráth sa chás go bhfuil víosa de dhíth ort, mar tógfaidh sé roinnt seachtainí cinneadh a fháil ar d’iarratas PhD, agus roinnt seachtainí eile chun toradh a fháil ar d’iarratas ar víosa. Má fhaigheann tú scoláireacht Hardiman, ní mór an méid seo uile a bheith curtha i gcrích agat faoin 1 Meán Fómhair sa bhliain acadúil atá le teacht

C: Céard iad na rialacha maidir le fonótaí agus leabharliosta a chur leis an iarratas?  An bhfuil cead agam iad a chur ar an bhfoirm iarratais, nó an ceart dom iad a chur i gcáipéis ar leith?

F: Mar atá sonraithe sa Treoir d’Iarrthóirí (atá ar fáil ar an leathanach gréasáin seo)
Céim 2: An tIarratas
1. Is éard atá i gceist le hiarratas iomlán ar scoláireacht ná foirm iarratais, foirm stiúrthóra, agus dhá fhoirm moltóirí acadúla, agus iad uile comhlánaithe. D’fhéadfadh sé tarlú nach ndéanfaí an t-iarratas iomlán nó cuid de a mheas mura gcloítear le líon na bhfocal nó líon na leathanach.
De réir Fhoirm Iarratais Hardiman ní mór duitse, an t-iarrthóir, an cinneadh a dhéanamh faoin méid a scríobhann tú i gcuid 5 Ráiteas Pearsanta Taighde, ach ba cheart cloígh leis an uasmhéid focal i.e. 1,000 focal.
Má bhraitheann tú go mbeadh fonótaí agus leabharliosta ábhartha don iarratas, ach nár mhaith leat iad a chur san áireamh sa 1,000 focal i gcuid 5, d’fhéadfá iad a chur isteach faoi chuid 6. Tabhair dúinn aon eolas ábhartha eile a bhaineann le d’iarratas.

C: An féidir liom aguisíní le léaráidí agus tagairtí, mar shampla, a chur isteach sa ráiteas pearsanta taighde, nó an gcuirfeadh a leithéid isteach ar líon na bhfocal?

F: Tá uasmhéid 1,000 focal ceadaithe don ráiteas pearsanta taighde. Níl teorainn le líon na bhfocal atá ceadaithe sna codanna Taithí Taighde agus Aon Eolas Eile. Más amhlaidh go mbraitheann tú go dtacóidh aguisíní le d’iarratas, lena n-áirítear léaráidí agus tagairtí, agus go dtiteann an t-eolas sin faoi ‘eolas ábhartha eile’, is féidir é a chur i gcuid 6 den iarratas.

C: Ag cén chéim den phróiseas iarratais a chaithfidh iarrthóirí tras-scríbhinní dá dtaifead acadúil a thabhairt, agus má bhaineann sé le hábhar, cáilíochtaí i mBéarla e.g. TOEFL, IELTS?

F: De réir mar atá leagtha amach san fhoirm iarratais.

D’fhéadfaí a iarradh ort tras-scríbhinní de do thaifead acadúil agus de cháilíochtaí i mBéarla a thabhairt má théann tú ar aghaidh chuig céimeanna eile den phróiseas roghnúcháin.

Tarlaíonn sé seo i ndiaidh chéim an agallaimh de ghnáth. Má bhronntar scoláireacht ar iarrthóir agus má ghlactar leis, tá sé faoi réir na riachtanas iontrála le haghaidh PhD in Ollscoil na Gaillimhe agus sa Choláiste ábhartha faoina dtiteann an t-iarratas, e.g. Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí, a chomhlíonadh. Beidh tras-scríbhinní chomh maith le teastas a dheimhníonn cumas sa Bhéarla e.g. TOEFL, IELTS le leagan isteach mar chuid den phróiseas seo. Má tá fianaise ar chumas sa Bhéarla agat de chineál nach bhfuil luaite faoi Riachtanais an Bhéarla ar an leathanach gréasáin https://www.universityofgalway.ie/international-students/studyinireland/entryrequirements/, beidh ort é a phlé le do stiúrthóir nó oifig an Choláiste ábhartha in Ollscoil na Gaillimhe.

C: An amhlaidh gur acadóirí amháin atá ceadaithe a bheith ina moltóirí acadúla don iarratas?

F: Ní hamhlaidh. Mar atá luaite sa Treoir d’Iarrthóirí (atá ar fáil ar an leathanach gréasáin seo) ‘Teastaíonn dhá fhoirm moltóirí acadúla a thabharfaidh léiriú ar d’oiriúnacht agus d’acmhainneacht acadúil chun tabhairt faoi PhD.’
Tá sé sonraithe i bhfoirm na moltóirí acadúla:
Chuig an Moltóir: Líon an fhoirm seo chun oiriúnacht agus acmhainneacht acadúil an Iarratasóra chun tabhairt faoi thaighde iarchéime in Ollscoil na Gaillimhe a léiriú.

De réir na foirme, tá na gaoil a leanas ceadaithe idir an t-iarrthóir agus an moltóir:

Cén bhaint atá agat leis an Iarratasóir?

Acadóir – Léachtóir/Meantóir/Comhairleoir  ☐          Fostóir ☐              Eile ☐    

Dá bhrí sin, agus más cuí, is féidir le fostóir nó duine eile teistiméireacht a thabhairt ar do shon a thabharfaidh le fios d’oiriúnacht agus d’acmhainneacht acadúil chun tabhairt faoin PhD.

C: An féidir liom dul i dteagmháil le HR Scholar lena chinntiú gur chuir mo stiúrthóir molta agus beirt mholtóirí mo cháipéisí tacaíochta isteach?

F: Ní féidir. Beifear ag súil go ndéanfaidh iarrthóirí teagmháil dhíreach leis an stiúrthóir molta agus na moltóirí acadúla maidir le leagan isteach a bhfoirmeacha comhlánaithe.
Seo mar atá sé sonraithe san Fhoirm Iarratais agus sa Treoir d’Iarrthóirí (atá ar fáil ar an leathanach gréasáin)
“Tabhair do d’aire gur tusa atá freagrach as a chinntiú go gcuireann do stiúrthóir Foirm Stiúrthóra Ollscoil na Gaillimhe agus go gcuireann do mholtóirí na Foirmeacha Moltóirí Acadúla — agus iad uile comhlánaithe — faoi bhráid hrscholar@universityofgalway.ie faoin 17:00 (Am na hÉireann) Dé hAoine, an 9 Feabhra 2024.”

Bíonn lear mór ríomhphost le ceisteanna agus foirmeacha ag teacht isteach chuig hrscholar@universityofgalway.ie go rialta. Ní bheidh HR Scholar in ann eolas a chuardach agus freagraí a chur chuig daoine aonair maidir le cé acu de na foirmeacha tacaíochta atá istigh nó fós le teacht. Nuair atá an spriocdháta thart agus na ríomhphoist agus foirmeacha go léir próiseáilte, cuirfear scéal chuig gach iarrthóir le cur in iúl dóibh cibé acu an raibh iarratas iomlán déanta acu atá á chur ar aghaidh don mheasúnú, nó go raibh an t-iarratas acu neamh-incháilithe nó neamhiomlán.

C: An féidir le hiarrthóir iarratas a leagan isteach arís sa chás go ndearna siad earráid sa chéad leagan?

F: Ní féidir. Is é an chéad leagan a chuirtear faoi bhráid hrscholar@universityofgalway.ie an leagan deiridh. Ní féidir an t-iarratas a leagan isteach arís ná a leasú i ndiaidh é a chur isteach.

C: An féidir le mo stiúrthóir molta a bheith ina mholtóir acadúil dom

F: Ní féidir. Léigh an Treoir d’Iarrthóirí (atá ar fáil ar an leathanach gréasáin)

C: An féidir leis an iarrthóir foirmeacha a leagan isteach thar ceann an stiúrthóra agus/nó moltóirí?

F: Ní féidir, agus ní dhéanfar aon fhoirmeacha tacaíochta leagtha isteach ag an iarrthóir a mheas. Mar atá sonraithe ar https://www.universityofgalway.ie/hardiman-scholarships ní mór d’iarrthóirí an Treoir d’Iarrthóirí (atá ar fáil ar an leathanach gréasáin) a léamh sula líontar an fhoirm iarratais. Tá sé leagtha amach sa Treoir d’Iarrthóirí agus sna treoracha atá ar gach ceann de na foirmeacha go gcaithfidh an stiúrthóir molta an fhoirm stiúrthóra a chur faoi bhráid hrscholar@universityofgalway.ie, agus go gcaithfidh an bheirt mholtóirí na foirmeacha moltóirí a chur faoi bhráid hrscholar@universityofgalway.ie go díreach.

C: An féidir leis an iarrthóir, an stiúrthóir, nó na moltóirí síneadh ama a lorg don dáta deiridh ar a nglacfar lena gcuid foirmeacha?

F: Ní féidir. Ní mór do gach duine cloí leis an spriocdháta céanna. Ní cheadaítear síntí ama. Ní dhéanfar aon fhoirmeacha a leagtar isteach nó a fhaightear ag hrscholar@universityofgalway.ie i ndiaidh an spriocdháta a mheas.

C: Cén uair a chloisfidh mé go deimhin cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil m’iarratas iomlán agus á chur ar aghaidh lena mheas?

F: Nuair atá na ríomhphoist go léir léite agus na foirmeacha próiseáilte ag HR Scholar (go déanach nó ag deireadh mhí Feabhra, de ghnáth) cuirfear scéal chuig gach iarrthóir faoi thoradh an phróisis sin, e.g. go bhfuil an t-iarratas iomlán (lena n-áirítear an fhoirm stiúrthóra agus dhá fhoirm moltóirí) agus á chur ar aghaidh go dtí an chéad chéim mheasúnaithe eile, nó go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán nó neamh-incháilithe.

C: Cén uair a bheidh na hagallaimh ar siúl?

F: Féach ar leathanach gréasáin Scoláireachtaí PhD Hardiman thíos https://www.universityofgalway.ie/hardiman-scholarships/timeline/ le tuilleadh sonraí faoin tréimhse atá beartaithe do na hagallaimh. Má fuair tú deimhniú go raibh d’iarratas iomlán agus á chur ar aghaidh lena mheas, is iondúil go gcloisfidh tú thart ar an tráth seo má táthar chun iarradh ort teacht le haghaidh agallaimh nó murar éirigh le d’iarratas an uair seo.

C: Mura n-éiríonn liom, an féidir liom aiseolas a fháil faoi m’iarratas nó agallamh?

F: Ní thugtar aiseolas faoi agallaimh ná iarratais. Toisc nach ionann na próisis ná na measúnaithe a bhaineann le scoláireachtaí agus deontais eile, is é an taithí seo againne nach gcuidíonn aiseolas le hiarrthóirí agus iad ag cur isteach ar chomórtais eile, ná fiú ag déanamh iarratais ar Scoláireacht Hardiman arís. Molaimid duit oibriú i gcomhar le do stiúrthóir agus treoir a fháil uathu agus tú ag líonadh foirmeacha iarratais amach anseo.

 

Foireann (Stiúrthóirí Molta san áireamh)

C: Cathain a osclófar an próiseas iarratais don chéad ghrúpa iarrthóirí eile ar Scoláireacht Hardiman?

F: Osclaíonn an córas iarratais ar Scoláireachtaí Hardiman go luath i mí na Nollag de ghnáth dóibh siúd a bheidh ag tosú an Meán Fómhair dár gcionn. Gheofar sonraí ar an leathanach gréasáin https://www.universityofgalway.ie/hardiman-scholarships/ in am trátha.

C: Conas is féidir liom m’ainm a chur ar an liosta ar leathanach gréasáin Aimsigh Stiúrthóir mura bhfuil mé ann cheana féin?

F: Tá an t-eolas ar an leathanach gréasáin Aimsigh Stiúrthóir á fhothú ó IRIS. Téigh chuig an leathanach gréasáin seo chun treoir a fháil. Má bhíonn aon cheist agat, beidh ort teagmháil a dhéanamh le Noreen Goggin san Oifig Taighde ag noreen.goggin@universityofgalway.ie a chuirfidh comhairle ort.

C: An bhfuil mé incháilithe le bheith i mo stiúrthóir ag Scoláire PhD Hardiman?

F: Riachtanais Cháilitheachta:
2. Ní mór do stiúrthóirí Scoláirí PhD Hardiman
i) Bheith incháilithe do bheith ina p(h)ríomhstiúrthóir in Ollscoil na Gaillimhe. Gheobhaidh tú na riachtanais cháilitheachta i dTreoirlínte na hOllscoile do Chéimeanna Taighde, 3.2 Socruithe Stiúrthóireachta. 

ii) Taithí a bheith agat ar PhD a stiúradh chun críche nó a bheith i mbun stiúrthóireachta faoi láthair agus/nó oiliúint a bheith agat ar stiúradh taighde. 


Éilíonn Cuid 3 de Threoirlínte na hOllscoile do Chéimeanna Taighde:

Mar stiúrthóir ar thionscadal taighde iarchéime, ba cheart go gcomhlíonfá na critéir seo a leanas: 

  • gur scoláire agus taighdeoir gníomhach thú a bhfuil dea-theist ort as éachtaí a bhaint amach agus as saothar foilsithe 
  • go bhfuil PhD agat i réimse acadúil oiriúnach, nó teist ar chomhchéim leis ort ó thaobh na n-éachtaí atá déanta agat.

3.2.1. Ceapfaidh an Coláiste comhalta buan den fhoireann acadúil mar phríomhstiúrthóir ar thaighde an iarrthóra, duine a bheidh ainmnithe ag an gCeann Scoile.

Seans gur mhaith leat d’incháilitheacht faoi 2i a dheimhniú le do Scoil agus do Choláiste, mar is iad an Ceann Scoile agus an Ceann Coláiste a thugann dearbhú air sin mar chuid don phróiseas iontrála do PhD.
Beidh ort d’incháilitheacht faoi 2ii a dheimhniú mar chuid d’aon fhoirm stiúrthóra a leagann tú isteach.

C: Tá mac léinn reatha PhD, atá féinmhaoinithe, faoi mo stiúir faoi láthair. An féidir leo cur isteach ar Scoláireacht Hardiman?

F: Ní féidir, de réir mar atá leagtha amach ar leathanach gréasáin https://www.universityofgalway.ie/hardiman-scholarships/. Tá sé sonraithe ansin: Cé air a bhfuil na scoláireachtaí seo dírithe? Mic léinn ag tosú ar PhD i mí Mheán Fómhair 2024.
Ina theannta sin, aimseofar an méid a leanas sa mhír cháilitheachta ar https://www.universityofgalway.ie/hardiman-scholarships/eligibility ‘Ní ghlacfar le hiarratais ó dhaoine atá cláraithe do PhD faoi láthair ná ar bronnadh PhD orthu cheana.’

C: An féidir le stiúrthóir molta a bheith ina m(h)oltóir acadúil don iarratas chomh maith?

F: Ní féidir le stiúrthóir molta a bheith ina m(h)oltóir acadúil chomh maith.

C: An féidir leis an iarrthóir foirmeacha a leagan isteach thar ceann an stiúrthóra?

F: Ní féidir, agus ní dhéanfar aon fhoirmeacha tacaíochta leagtha isteach ag an iarrthóir a mheas. Mar atá sonraithe ar https://www.universityofgalway.ie/hardiman-scholarships ní mór d’iarrthóirí an Treoir d’Iarrthóirí (atá ar fáil ar an leathanach gréasáin) a léamh sula líontar isteach an fhoirm iarratais. Tá sé leagtha amach sa Treoir d’Iarrthóirí agus sna treoracha atá ar gach ceann de na foirmeacha, go gcaithfidh an stiúrthóir molta an fhoirm stiúrthóra a chur faoi bhráid hrscholar@universityofgalway.ie go díreach.

C: An féidir leis an stiúrthóir síneadh ama a lorg don dáta deiridh ar a nglacfar leis an bhfoirm uathu?

F: Ní féidir. Ní mór do gach duine cloí leis an spriocdháta céanna. Ní cheadaítear síneadh ama. Ní dhéanfar aon fhoirmeacha a leagtar isteach nó a fhaightear ag hrscholar@universityofgalway.ie i ndiaidh an spriocdháta a mheas.

Moltóirí 

C: An féidir le stiúrthóir molta a bheith ina m(h)oltóir acadúil don iarratas chomh maith?

F: Ní féidir le stiúrthóir molta a bheith ina m(h)oltóir acadúil chomh maith.

C: An féidir leis an iarrthóir foirmeacha a leagan isteach thar ceann an mholtóra?

F: Ní féidir. Ní mór do gach duine cloí leis an spriocdháta céanna. Ní cheadaítear síneadh ama. Ní dhéanfar aon fhoirmeacha a leagtar isteach nó a fhaightear ag hrscholar@universityofgalway.ie i ndiaidh an spriocdháta a mheas.

C: An féidir leis an stiúrthóir síneadh ama a lorg don dáta deiridh ar a nglacfar leis an bhfoirm uathu?

F: Ní féidir. Ní mór do gach duine cloí leis an spriocdháta céanna. Ní cheadaítear síneadh ama. Ní dhéanfar aon fhoirmeacha a leagtar isteach nó a fhaightear ag hrscholar@universityofgalway.ie i ndiaidh an spriocdháta a mheas.

Eolas faoi Thaighde in Ollscoil na Gaillimhe

Tá an taighde atá ar bun in Ollscoil na Gaillimhe dírithe ar an todhchaí agus is ar bhonn idirnáisiúnta atá an taighde seo ar siúl.  Cuireann ár gcuid taighde bonn taca faoinár gcúrsaí, cuireann sé fionnachtain acadúil chun cinn, cuireann sé nuálaíocht áitiúil agus náisiúnta ar an eolas, agus déanann athruithe dearfacha ar an tsochaí.

Aithnítear ár n-ionaid taighde agus ár n-institiúidí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar lárionaid feabhais.