Leagan Béarla - English version

Fáilte chuig Roinn na Staire

 

Chun tuiscint a fháil ar dhomhan an lae inniu ní mór tuiscint a fháil ar an am a caitheadh. Mar mhac léinn sa Stair in OÉ Gaillimh, déanfaidh tú iniúchadh ar an am a caitheadh go háitiúil agus ar fud an domhain, ag díriú ar stair na hÉireann, na Breataine, na Mór-Roinne, Mheiriceá Thuaidh, na hAstraláise agus na hAfraice. Déanfaidh tú staidéar ar réimse leathan téamaí cosúil le náisiúntacht, coilíneacht, sclábhaíocht, óige, inscne agus cogadh; agus go leor tréimhsí ama éagsúla, ó na Meán-Aoiseanna go dtí deireadh an fhichiú haois. Mar mhac léinn sa Stair, foghlaimeoidh tú faoin méid a tharla san am a caitheadh, ach ní hé an méid sin amháin, beidh tú oilte freisin ar na teicnící atá luachmhar in go leor bealaí gairme. Foghlaimeoidh tú faoi eolas a lorg i leabharlanna, i gcartlanna agus ar an idirlíon, an chaoi cruinneas éilimh a thástáil i gcoinne na fianaise atá ar fáil, agus an chaoi argóint chomhleanúnach a chur le chéile agus é a chur in iúl go héifeachtach - scileanna atá riachtanach in aon phost.


Eolas Ginearálta

 Eolas Fochéime: An Chéad BhliainAn Dara BliainAn Bhliain Deiridh 

 Naisc Idirnáisiúnta: Idir an dara bliain agus an bhliain deiridh, d'fhéadfá staidéar a dhéanamh ar Stair ar chlár malairte in ollscoil san Eoraip nó i Meiriceá Thuaidh, mar shampla in Strasbourg, Leiden, Mainz agus Strathclyde. Múintear cuid mhaith de na cláir seo trí Bhéarla. Is deis iontach í an bhliain thar lear le teanga nua a fhoghlaim nó inniúlacht teanga atá agat cheana féin a fhorbairt. Tugann sé an deis do mhic léinn chomh maith taithí a fháil ar thimpeallachtaí sóisialta, cultúrtha agus acadúla éagsúla.

Deiseanna Gairme: Tá an-luach ag na cineálacha scileanna taighde, scríbhneoireachta agus anailíse a bhainfidh tú amach mar mhac léinn le Stair san ionad oibre nua-aimseartha. Chuaigh ár gcéimithe le déanaí i mbun oibre i réimsí éagsúla, lena n-áirítear iriseoireacht, dlí, cartlanna, an tseirbhís phoiblí, riarachán ealaíon, foilsitheoireacht, teagasc, scríbhneoireacht óráidí agus comhairliúchán bainistíochta.

Teistiméireachtaí ó mhac léinn: 'Scríobhaim chuile lá faoi gach saghas ábhair ó dhúnmharú go cluichí rugbaí, ach is é an cumas cartlannaithe, scríbhneoireachta, léirmhínithe agus achoimre a dhéanamh ar fhíricí, na scileanna go léir a fuair mé an chéad uair in OÉ Gaillimh sa Stair, a sheasann dom agus tá súil agam go gcuireann said mo ghairmiúlacht chun cinn.’ Luke Henderson, Iriseoir, An Páipéar Nuachta Sligo Weekender

'B’iontach an taithí a bheith ag staidéar ar an stair in OÉ Gaillimh. Chuir an raon leathan cúrsaí bunús maith ar fáil i dtréimhsí éagsúla, agus thug sé deis dom speisialtóireacht a dhéanamh i réimsí a raibh suim ar leith agam iontu go háirithe caidreamh idirnáisiúnta, forbairt agus staidéar inscne.' Aibhlín O’Leary, BA

Fíric: Is féidir le mic léinn na staire a rogha a dhéanamh as breis is 50 modúl, ó stair na hÉireann go stair na Mór-Roinne, na Stát Aontaithe, na hAstraláise agus na hAfraice, agus gach tréimhse ón Meán-Aois go dtí deireadh an fichiú haois san áireamh.

Imlíne/struchtúr an chláir:

An Chéad Bhliain

  • Éire agus an Eoraip, 1789-1918
  • An Eoraip ón Meánaois go dtí an Nua-aois
  • Scileanna do Staraithe

    Agus roghnaítear dhá ábhar eile as roghchlár fairsing na nDán

 An Dara Bliain

  • Collóiciam amháin (modúil i ngrúpaí beaga dírithe ar thaighde)
  • Modúl léachta amháin breise i ngach ceann de na tréimhsí ama seo: an mheánaois, an nua-aois luath, agus an nua-aois
  • Modúl léachta amháin breise in aon tréimhse ama, de rogha na mac léinn

An Tríú Bliain

  • Dhá mhodúl seimineáir (modúil i ngrúpaí beaga dírithe ar thaighde)
  • Dhá mhodúl léachta de rogha na mac léinn

Staidéar breise: Cláir Iarchéime

Áit

Tá áit feithimh na mac léinn ar an dara hurlár. ‌Áit chairdiúil shuaimhneach í seo a bhfuil áit suí le fáil inti mar aon le pointí cumhachta, bileoga clúdaigh, stáplóir agus pinn. Ba bhreá linn sibh a fheiceáil anseo.

Tá léann na Staire ar an gcéad agus an dara hurlár i dTúr 1 i bhFoirgneamh na nDán/na hEolaíochta.  Tá Túr 1 suite in aice le Caifé 'Smokie Joe's' atá díreach taobh istigh de phríomhdhoirse na Slí Dála (trasna ón leabharlann).

    

Tá croílár na Staire ar an dara hurlár áit a bhfaighidh tú an riarthóir lánaimseartha, Helena Condon, agus go leor d'oifigí na foirne.  Tá na seomraí ar fad a thosaíonn le 400 ar an dara hurlár. 

Tá an chéad urlár roinnte le disciplín an Bhéarla.  Tá roinnt d'oifigí na foirne ar an gcéad urlár mar aon le seomraí seimineáir na Staire.  Tá na seomraí ar fad a thosaíonn le 300 ar an gcéad urlár.

Na Meáin Shóisialta

‌    ‌  twitter image

Cumann Staire

Oibríonn an fhoireann agus mic léinn as lámha a chéile sa Chumann Staire, an cumann a bhuaigh duais don obair chultúrtha is mó ag Gradaim na gCumann in OÉ Gaillimh in 2015/16.

Tvuíteanna ó Roinn na Staire in Ollscoil na Gaillimhe

Twitter Roinn na Staire