Pasfhocal Féinseirbhíse a Athshocrú

Cuireann an tairseach chun Pasfhocal Féinseirbhíse a Athshocrú ar chumas Mic Léinn, Comhaltaí Foirne agus sealbhóirí Cuntais Sheachtracha a gCuntas Campais a chur ag obair trí phasfhocal a athrú nó a athshocrú gan aon chúnamh a bheith ag teastáil ón Deasc Freastail. Is féidir leat an tseirbhís seo a úsáid áit ar bith agus am ar bith. Is féidir an Tairseach seo a úsáid nuair a dhéanfaidh tú dearmad ar do phasfhocal, nó nuair is mian leat do phasfhocal reatha a athrú.

Beidh ort clárú le haghaidh Fíordheimhniú Ilfhachtóra (MFA) sular féidir leat an tseirbhís seo a úsáid. Mura bhfuil sé sin déanta agat cheana féin, is féidir leat clárú anseo. Chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil anseo.

Athshocraíonn an tairseach an pasfhocal don chuid is mó de Chórais IT na hOllscoile:

  • Microsoft Office 365 (ríomhphost, Teams, SharePoint, OneDrive)
  • Canvas
  • Líonra WiFi Eduroam
  • Córais na Leabharlainne
  • Logáil isteach sna ríomhlanna agus ar ríomhairí sna Léachtlanna
  • Logáil isteach ar ríomhaire foirne
  • Córas Taifead na Mac Léinn (Tairseach Íocaíochta agus Clárúcháin)
  • Seirbhísí Gréasáin Acadúla (Iarpháipéir Scrúduithe, Tráthchlár na Scrúduithe agus Torthaí Scrúduithe)
  • CorePortal
  • Páirceáil

* Don fhoireann amháin: Tabhair faoi deara nach n-athshocróidh an tairseach pasfhocal do chóras Bainistíochta Airgeadais Agresso.

 Cliceáil ar Do phasfhocal a athshocrú thíos le tosú