Do chéad fáilte go dtí an Oifig Alumni in Ollscoil na Gaillimhe.

Is ionann Alumni OÉ Gaillimh agus céimithe nó iarmhic léinn OÉ Gaillimh nó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh. Oibríonn Catherine Conroy agus Aisling Nolan san Oifig Alumni chun alumni OÉ Gaillimh a choinneáil i dteagmháil lena nOllscoil; déantar é sin trí chumarsáid rialta, na meáin shóisialta, naisc alumni, ócáidí alumni agus ócáidí teacht le chéile ranga.

Tá comhluadar Ollscoil na Gaillimhe i bhfad níos fairsinge ná campas na hOllscoile, arae tá naisc idirnáisiúnta déanta againn tríd an 128,000 alumnus dár gcuid atá thart timpeall na cruinne.

Ár gcuid Alumni

Tá os cionn 90,000 céimí de chuid OÉ Gaillimh ann ar fud an domhain.  Tá an-áthas orainn ‘Líonra Domhanda Alumni OÉ Gaillimh’ a sheoladh anseo inniu. Is bealach nua agus spreagúil é an líonra do chéimithe chun ceangal a dhéanamh le líonra domhanda OÉ Gaillimh agus lena chéile.

Bhí a fhios againn i gcónaí go raibh ag éirí thar barr le céimithe de chuid OÉ Gaillimh i róil agus in ionaid éagsúla ar fud an domhain. Is bealach an-fhísiúil é an láithreán gréasáin nuigalway.ie/network le léargas a thabhairt ar cá bhfuil daoine lonnaithe agus céard atá ar siúl acu!

Agallaimh le Alumni – an todhchaí á múnlú ag ár gcéimithe. Chuaigh an Oifig Alumni in OÉ Gaillimh chun cainte le cuid dár gcéimithe thart timpeall na cruinne! 

Léigh Leat Anseo