Forbairt Ghairmiúil

Tá réimse clár éagsúil againn, idir ghearrchúrsaí, mhicridhintiúir agus fhorbairt ghairmiúil eile. Clúdaíonn siad seo gach cineál teagaisc, foghlama, measúnaithe, dearaidh curaclaim, stiúrtha, agus réimsí eile den chleachtas acadúil. Is féidir cáilíochtaí agus cúrsaí a cuireadh i gcrích in áiteanna eile chomh maith a úsáid agus tabhairt faoi na cláir ag leibhéil éagsúla tríd an RPL (Aitheantas Réamhfhoghlama). 

Tá an spriocdháta caite anois d’iarratais ar líne don bhliain acadúil seo. Bí i dteagmháil le celt@universityofgalway.ie 

Tugtar léargas sa Teastas Iarchéime i dTeagasc & i bhFoghlaim san Ard-Oideachas (PgCert: 30 ECTS) ar phríomh-choincheapa agus tá sé fite fuaite sa chleachtas. Tá sé dírithe ar dhuine ar bith atá ag teagasc, ag tacú le foghlaim na mac léinn, nó atá ag plé le dearadh modúl nó cúrsaí. Bunaithe ar chleachtas machnamhach a fhorbairt, tá piarmheasúnú ar an teagasc, aiseolas ó na mic léinn, agus portfóilió teagaisc mar chuid de. Chun an cúrsa a chur i gcrích, caithfidh na rannpháirtithe a bheith ag teagasc faoi láthair.  

I ndiaidh an Teastais Iarchéime is féidir Dioplóma Iarchéime sa Chleachtas Acadúil (PgDip: PgCert + 30 ECTS) a dhéanamh chun saineolas a bhaint amach i réimsí éagsúla, nó cur leis an eolas ar thopaicí eile taobh amuigh den teagasc. Tá roinnt modúl (10 ECTS) ar fáil agus bronnfar cáilíocht má dhéantar trí cinn ar bith anuas ar an PgCert.  Tá na modúil ar fáil astu féin freisin mar mhicridhintiúir.  

Tá an MA sa Chleachtas Acadúil (PgDip + 30 ECTS) bunaithe ar eolas agus scileanna i modhanna taighde a bheachtú agus a chur i bhfeidhm ar thogra taighde agus miontráchtas.  

Seasann na Cúrsaí Micridhintiúr astu féin mar mhodúil (10 ECTS) agus is féidir leat iad a dhéanamh le teann spéise, chun sainscil a fhorbairt, agus más mian leat iad a chur le chéile chun cáilíocht PgDip a bhaint amach. 

Tugann CELT tacaíocht chomh maith le stiúradh Máistreachtaí Taighde agus PhDanna i réimsí cuí.