-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Cúrsaí
Forbairt Ghairmiúil
Tá réimse clár éagsúil againn, idir ghearrchúrsaí, mhicridhintiúir agus fhorbairt ghairmiúil eile. Clúdaíonn siad seo gach cineál teagaisc, foghlama, measúnaithe, dearaidh curaclaim, stiúrtha, agus réimsí eile den chleachtas acadúil. Is féidir cáilíochtaí agus cúrsaí a cuireadh i gcrích in áiteanna eile chomh maith a úsáid agus tabhairt faoi na cláir ag leibhéil éagsúla tríd an RPL (Aitheantas Réamhfhoghlama).
Tá an spriocdháta caite anois d’iarratais ar líne don bhliain acadúil seo. Bí i dteagmháil le celt@universityofgalway.ie
Tugtar léargas sa Teastas Iarchéime i dTeagasc & i bhFoghlaim san Ard-Oideachas (PgCert: 30 ECTS) ar phríomh-choincheapa agus tá sé fite fuaite sa chleachtas. Tá sé dírithe ar dhuine ar bith atá ag teagasc, ag tacú le foghlaim na mac léinn, nó atá ag plé le dearadh modúl nó cúrsaí. Bunaithe ar chleachtas machnamhach a fhorbairt, tá piarmheasúnú ar an teagasc, aiseolas ó na mic léinn, agus portfóilió teagaisc mar chuid de. Chun an cúrsa a chur i gcrích, caithfidh na rannpháirtithe a bheith ag teagasc faoi láthair.
I ndiaidh an Teastais Iarchéime is féidir Dioplóma Iarchéime sa Chleachtas Acadúil (PgDip: PgCert + 30 ECTS) a dhéanamh chun saineolas a bhaint amach i réimsí éagsúla, nó cur leis an eolas ar thopaicí eile taobh amuigh den teagasc. Tá roinnt modúl (10 ECTS) ar fáil agus bronnfar cáilíocht má dhéantar trí cinn ar bith anuas ar an PgCert. Tá na modúil ar fáil astu féin freisin mar mhicridhintiúir.
Tá an MA sa Chleachtas Acadúil (PgDip + 30 ECTS) bunaithe ar eolas agus scileanna i modhanna taighde a bheachtú agus a chur i bhfeidhm ar thogra taighde agus miontráchtas.
Seasann na Cúrsaí Micridhintiúr astu féin mar mhodúil (10 ECTS) agus is féidir leat iad a dhéanamh le teann spéise, chun sainscil a fhorbairt, agus más mian leat iad a chur le chéile chun cáilíocht PgDip a bhaint amach.
Tugann CELT tacaíocht chomh maith le stiúradh Máistreachtaí Taighde agus PhDanna i réimsí cuí.