Forbair do bhranda ar an gcampas

Tá neart deiseanna ar fáil duit chun teagmháil a dhéanamh lenár mic léinn agus le céimithe cumasacha san Ionad Forbartha Gairmeacha!

An bhliain acadúil seo bhí na seirbhísí go léir á gcur ar fáil go cianda agus cé nach féidir linn na deiseanna rannpháirtíochta fostóra a chuireamar ar fáil de ghnáth a ghealladh i gcónaí, tá dianmhachnamh déanta againn ar ár gcur chuige. Tá athrú ó bhonn déanta againn ar ár bpleananna agus táimid in ann tairiscint nuálaíoch a chur ar fáil duit, arna tacú ag ár bhfoireann saineolaithe agus ag ardáin atá láidir, chun an rannpháirtíocht chuí duitse a chur ar fáil duit.

Fostóir na Seachtaine

Tá áthas orainn deiseanna nua a chur ar fáil le dul i ngleic le mic léinn.
Líon teoranta áiteanna – fostóir amháin in aghaidh na seachtaine.

Le do thoil déan teagmháil linn chun eolas a fháil faoi Fhostóir na Seachtaine. 


 

Ceardlann Infhostaitheachta

Le 3 bliana anuas, thacaigh fostóirí le mic léinn Ollscoil na Gaillimhe a gcuid scileanna a fhorbairt trí cheardlanna scileanna ar réimse ábhar. Tugann na ceardlanna seo aitheantas do mhic léinn a chríochnaíonn an Gradamh Infhostaitheachta

Eagróidh an tIonad Forbartha Gairmeacha na ceardlann scileanna agus déanfar poiblíocht orthu i measc na mac léinn. Is féidir iad seo a bheith ar an gcampas nó ar líne.

Cuirtear fáilte ar leith roimh cheardlanna scileanna ar na hábhair seo a leanas:

        • Scileanna láithriúcháin
        • Cumarsáid ghnó
        • Scileanna réitigh fadhbanna
        • Scileanna IT (e.g. Excel, PowerPoint, OneNote)
        • Teacht aniar gairme
        • Scileanna agallaimh
        • CVanna agus iarratais
        • Na meáin shóisialta a úsáid chun post a lorg
        • LinkedIn a úsáid /li>
        • Tú féin a bhrandáil/Do Bhranda a fhorbairt

Le do thoil déan teagmháil linn dá mba mhaith leat tacú lenár mic léinn a gcuid scileanna a fhorbairt trí cheardlann scileanna. 


 

Dear d’imeacht féin ar an ardán is fearr leat

D’imeacht ar líne féin á reáchtáil agat? Seol na sonraí chugainn agus mínigh an chaoi ar féidir le mic léinn a bheith páirteach. Déanfaimid fógraíocht air ar ár liosta imeachtaí

 


 

Gníomhaíochtaí ar an gCampas

An Margadh Fostaíochta

Tá roinnt Margaí Fostaíochta againn do mhic léinn le linn na bliana acadúla.
Is féidir le fostóirí seastán a chur in áirithe agus líonrú le mic léinn i suíomh neamhfhoirmiúil agus suaimhneach in áit lárnach ar an gcampas.
Ag Margaí Fostaíochta beidh an deis agat labhairt le lear mór mac léinn, imeachtaí a chur chun cinn nó aon fholúntas a d’fhéadfadh a bheith agat a fhógairt agus do phróifíl a ardú go mór ar an gcampas. Bheimis ag súil go dtiocfadh na himeachtaí seo in ionad cur i láthair cuideachtaí aonair.  

Siod an méid a deir cuideachtaí a bhí páirteach roimhe seo:

‘D’éirigh thar barr leis an Margadh Fostaíochta agus b’iontach an deis a bhí ann don chuideachta labhairt le mic léinn... Bhíomar thar a bheith sásta mar gur éirigh linn plé a bheith againn le breis is leathchéad mac léinn a bhí an-spreagúil’   ‘Chas mé le go leor mac léinn suimiúil, spreagúil... Bhí stíl na hócáide thar barr’. 
 
 

Ceardlann dírithe ar ghairm ar leith a reáchtáil nó a bheith páirteach i seimineár

Is iomaí seimineár agus ceardlann a bhíonn ar siúl againn i rith na bliana agus bíonn baint againn chomh maith le modúil ar Oideachas faoi Ghairmeacha ar chláir áirithe. Mar shampla,

  • tá ceardlanna ginearálta agus sonracha ar fáil e.g., ceardlann CV i rith Sheachtain na hInnealtóireachta
  • bréagagallaimh mar chuid den ról a bhíonn againn ar an gclár Skills for Worklife don BComm
  • tugann na seimineáir léargas ar an obair in earnáil ar leith (e.g., Gairmeacha sna Meáin) agus d'fhéadfadh cur i láthair gairid a bheith i gceist faoi ghairmeacha éagsúla agus/nó painéal plé le Seisiún Ceisteanna & Freagraí. Tá suim ar leith againn alumni na hOllscoile a bheith páirteach sna seimineáir seo. Inis do scéal faoi do ghairm féin – gnáthlá oibre – an todhchaí – do thuairimí – comhairle faoi thosú amach – ceisteanna & freagraí – labhairt le mic léinn. 

Tabhair do bharúil faoi CVanna agus/nó bí i d’agallóir ag bréagagallamh

Mar chuid de na modúil ar Oideachas faoi Ghairmeacha agus ullmhú do shocrúchán oibre, d’fhéadfaí CVanna a athbhreithniú duine le duine agus/nó bréagagallaimh a reáchtáil le mic léinn agus aiseolas cuiditheach a thabhairt dóibh.

Bíonn an-suim againn i gcónaí lucht acmhainní daonna as tionscal gaolmhar a bheith páirteach mar go dtugann sé deis luachmhar foghlama do na mic léinn.

Urraíocht

D’fhéadfá feasacht ar do bhranda a mhéadú trí urraíocht a dhéanamh ar ócáid ghairme, ar acmhainn nó ar fhoilseachán. Tapaigh an deis dul i gcomhpháirtíocht leis an Ionad Forbartha Gairmeacha trí urraíocht straitéiseach.
Tá siad seo a leanas i measc na ndeiseanna urraíochta:

  • Duaiseanna ag aontaí gairme agus bróisiúir agus sceideal na n-imeachtaí a phriontáil.
  • Duais as tinreamh ag ócáid ghairme (gaolmhar le do thionscal féin)

Déan teagmháil linn anois chun do shuim a léiriú iontu seo thuas.


‌