An tAonach Post

Aonach Post na gCéimithe 

Bhí Aonach Poist Ollscoil na Gaillimhe do Chéimithe ar siúl Dé Máirt, an 26 Meán Fómhair 2023.

Ar mhaith leat a bheith páirteach in aonach na bliana seo chugainn? Tabharfar tús áite d'Aonach Deireadh Fómhair 2024 dóibh siúd is túisce a dhéanfaidh iarratas.

An tAonach Dlí

Bhí Aonach Gairmeacha Dlí Ollscoil na Gaillimhe ar siúl ar champas na hOllscoile (Halla Bailey Allen) Dé Máirt, an 10 Deireadh Fómhair 2023

Intéirneachtaí & Aonach Post na gCéimithe

Beidh sé ar siúl ar champas na hOllscoile (Halla Bailey Allen) ar an 24 Eanáir 2024, 11am - 3pm.

Feiliúnach d’fhostóirí ó na hearnálacha go léir atá ag iarraidh earcú d’intéirneachtaí, do chláir chéimithe agus do phoist shóisearacha.

Is féidir áirithintí a dhéanamh anois trí do chuntas Careers Connect!  

Aonach na nGairmeacha Teagaisc

Beidh sé ar siúl ar champas na hOllscoile (Áras Oirbsean) ar an 13 Feabhra 2024, 3pm - 6pm.

Feiliúnach do Scoileanna agus Boird Oideachais agus Oiliúna a bhfuil roghanna múinteoireachta in Éirinn agus thar lear acu.  

Eolas breise - employers@universityofgalway.ie

*De bharr easpa spáis, caithfear tús áite a thabhairt do chuideachtaí a fhostaíonn céimithe agus atá ag earcú faoi láthair. Ní bheidh aon áit do GHNÍOMHAIREACHTAÍ EARCAÍOCHTA ná d’ARDÁIN GHAIRMEACHA AR LÍNE ag aonach na ngairmeacha. Féadfaidh Ollscoil na Gaillimhe aon taispeántóir nó aon duine atá le bheith i láthair a stopadh ó chlárú ar aon imeacht in Ollscoil na Gaillimhe nó a stopadh ó bheith i láthair de rogha Ionad Forbartha Gairmeacha Ollscoil na Gaillimhe.