Eagraíonn an tIonad imeachtaí agus cuireann sé imeachtaí ar fáil i rith na bliana acadúla. Bíonn idir cheardlanna CV agus agallaimh ar siúl chomh maith le cur i láthair ó fhostóirí, seimineáir faoi réimsí gairme le haoichainteoirí agus alumni ón tionscal, aonaigh earcaíochta ollmhóra agus ranganna gairme le cláir ar leith.

Más fostóir céimithe nó alumni thú de chuid Ollscoil na Gaillimhe agus más suim leat a bheith páirteach, féach an leathanach 'Seirbhísí d'Fhostóirí'.

Tá Imeachtaí dírithe ar mhic léinn chláraithe in Ollscoil na Gaillimhe agus d’fhéadfaí do chárta mic léinn a scanadh, nó go mbeadh réamhchlárú le déanamh. Tá fáilte roimh dhaoine atá ar tí céim a bhaint amach ó Ollscoil na Gaillimhe a bheith i láthair freisin. Tá na himeachtaí saor in aisce do mhic léinn.

Tabhair faoi deara nach bhfuil na himeachtaí seo oscailte don phobal.

Imeachtaí le teacht

Féach na himeachtaí atá ag teacht aníos anseo (ní mór do mhic léinn a bheith logáilte isteach ina gcuntas Office365 chun rochtain a fháil). 

Féach na himeachtaí atá ag teacht aníos agus cláraigh do na cinn a bhfuil suim agat iontu ar Careers Connect.  

Lean muid ar
X (Twitter) (@GalwayCareers) don nuacht is deireanaí agus do mheabhrúcháin
Facebook (UniversityofGalwayCareers)
Instagram (@UniversityofGalwayCareers)  

Seimineáir

_____

Ceardlanna

_____

Post

_____

Tuilleadh eolais

Gach bliain eagraíonn an tIonad imeachtaí agus cuireann sé imeachtaí ar fáil i rith na bliana acadúla. Bíonn idir cheardlanna CV agus agallaimh ar siúl chomh maith le cur i láthair ó fhostóirí, seimineáir faoi réimsí gairme le haoichainteoirí agus alumni ón tionscal, aonaigh earcaíochta ollmhóra agus ranganna gairme le cláir ar leith.

Más fostóir  thú agus más suim leat a bheith páirteach, féach ar na leathanaigh seo chun an t-eolas is deireanaí a fháil.


Aontaí

Seimineáir agus díospóireacht phainéil

Gníomhaíochtaí / Cur i Láthair Fostóirí

Ceardlanna - iarratais agus scileanna don saol oibre

Imeachtaí roimhe seo

Cé air a bhfuil na himeachtaí seo dírithe?