An mbeidh mic léinn na chéad bhliana ag tosú in Ollscoil na Gaillimhe i Meán Fómhair?

Táthar ag súil le fáilte a chur roimh mhic léinn na chéad bhliana an 28 Meán Fómhair 2020 faoi réir comhairle sláinte poiblí agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit na gráid a bheith ríofa in am don CAO.

Nuair a bheidh tairiscintí déanta do lucht na chéad bhliana, beimid i dteagmháil go díreach leis na mic léinn.

Teastaíonn uainn mic léinn nua na Chéad Bhliana a chur ar a suaimhneas go dtabharfaimid gach tacaíocht dóibh agus iad ag teacht chun na hOllscoile den chéad uair – céim mhór thábhachtach ina saol. Tá rún daingean againn go mbeidh an fháilte chroíúil chéanna, an t-oideachas ardchaighdeáin céanna agus an t-eispéireas tacúil céanna le fáil acu ó Ollscoil na Gaillimhe agus iad ag cur tús lena seal anseo mar mhic léinn tríú leibhéal. Molaimid do lucht na hArdteistiméireachta seiceáil rialta a dhéanamh ar an leathanach Foláirimh Ollscoil na Gaillimhe chun an t-eolas is deireanaí a fháil

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi Lóistín an Champais?

Níl aon áit fágtha i mBaile an Chíorbhuí ná i mBaile na Coiribe anois. I ndiaidh thairiscintí an CAO i mí Lúnasa, cuirtear roinnt áiteanna ar ceal agus ag an bpointe sin, déanfar aon lóistín atá ar fáil a thairiscint d’iarratasóirí ar an liosta feithimh, trí phróiseas randamach a ghintear ar ríomhaire. Tá na liostaí feithimh do Bhaile na Coiribe agus do Bhaile an Chíorbhuí oscailte anois. Siod an nasc: https://www.campusaccommodation.ie/students/

Cuireadh ríomhphost chuig gach iarratasóir an tseachtain seo (seiceáil d’fhillteán turscair mura bhfuair tú é). Fágfar iarratasóirí nach bhfuair áit an babhta seo ar an liosta feithimh.

Cad a tharlóidh maidir le Lóistín ar an gCampas i mí Mheán Fómhair (tráthíocaíochtaí, táillí etc.)?

Braithfidh spriocdhataí na n-íocaíochtaí lóistín ar an dáta a mbeidh torthaí na hArdteistiméireachta ar fáil chomh maith le tairiscintí CAO, mar sin níl an t-eolas seo againn faoi láthair. Mar sin féin, cuirfear an t-eolas is deireanaí ar láithreán gréasáin Campus Living: www.campusaccommodation.ie/students mar sin coinnigh súil air seo sna seachtainí atá romhainn.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi Lóistín eile do Mhic léinn?

Oibríonn an Ollscoil le 10 Lóistín éagsúla do Mhic Léinn atá faoi úinéireacht phríobháideach agus faoi bhainistíocht phríobháideach, mar atá liostaithe thíos. Má tá ceann acu seo curtha in áirithe agat don bhliain acadúil atá le teacht (2020/21), ba cheart duit dul i dteagmháil go díreach le háit chónaithe an mhic léinn.   Má chliceálann tú ar nasc na háite cónaithe a chuir tú in áirithe gheobhaidh tú a sonraí teagmhála.  Is iad sin an dream is fearr chun do cheist a fhreagairt.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoin síneadh leis an spriocdháta do Scoláireachtaí Spóirt Scoth-lúthchleasaíochta?

Tá síneadh curtha leis an bpróiseas Iarratas ar Scoláireachtaí go dtí an 15 Bealtaine de bhrí an méid a chuir an ráig de COVID-19 le gairid isteach orainn. Ní thairgfear agallaimh ach do mhic léinn a bhfuil áit glactha acu in Ollscoil na Gaillimhe. Déanfar tairiscintí i mí Mheán Fómhair. Tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí seo le fáil anseo

An nglacfaidh Ollscoil na Gaillimhe le mo thorthaí A Leibhéal anois go bhfuil mo chuid scrúduithe curtha ar ceal?

Táimid ag coinneáil súil ghéar ar na hathruithe ar fad ar scrúduithe ar fud an domhain agus ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá cainteanna fós ar siúl agus táimid ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh buntáiste ag aon chohórt iarratasóirí ar ghrúpa eile agus go mbeidh cothrom na Féinne le fáil. Cuirfear an scéal is deireanaí ar fáil a luaithe a bheidh tuilleadh eolais ar fáil.

Agus mé ag clárú don liosta feithimh lóistín, cad ba cheart dom a chur isteach do réimse an chúrsa?

Ba cheart duit cód an chúrsa a chur isteach sa réimse seo.

Má chláraím don liosta feithimh, an gcaithfidh mé an éarlais slándála a íoc láithreach?

Ní gá duit aon airgead a íoc chun dul ar an liosta feithimh. Teastaíonn éarlais áirithinte nuair a thairgtear áit duit. 

Treoir maidir le Gráid Ríofa do Mhic Léinn Ardteistiméireachta 2020

Mar is eol duit, tá Scrúdú na hArdteistiméireachta curtha ar ceal don bhliain seo (2020) agus córas de ghráid ríofa curtha ina áit.  Tá treoir ullmhaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a d’fhéadfadh cabhrú le cuid de na ceisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat faoin gcóras nua a fhreagairt. Féach an nasc thíos leis an treoir seo. https://www.gov.ie/en/publication/2f07eb-leaving-cert-2020-information/#information-for-leaving-cert-students

Conas is féidir liom scoláireacht a fháil ag d’ollscoil?

Chun eolas a fháil ar scoláireachtaí agus conas iarratas a dhéanamh, féach http://www.universityofgalway.ie/undergraduate-scholarships/. Déan cinnte go gcuireann tú iarratas isteach roimh an spriocdháta le go mbreithneofar tú d’aon cheann dár scoláireachtaí.

 

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar dheontas SUSI i mí an Mheithimh le húsáid i mí Mheán Fómhair?  Beidh mé 3 bliana in Éirinn i mí an Mheithimh le go mbeidh mé cáilithe le haghaidh deontas SUSI.

Is scéim náisiúnta í SUSI a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus a sraith rialacha agus rialacháin féin aici. Chun tuilleadh eolais a fháil agus conas iarratas a dhéanamh, féach www.studentfinance.ie

 

Cad iad na tacaíochtaí a chuireann Ollscoil na Gaillimhe ar fáil maidir le déileáil le meabhairshláinte?  

Níl sé neamhghnách do mhic léinn Ollscoile cineálacha éagsúla struis cur isteach orthu le linn a dtaithí acadúil. Bíodh an strus pearsanta nó bainteach le cúrsaí oideachais, ach is féidir leis cur isteach ar an mac léinn gan choinne. Bíonn formhór na mac léinn in ann déileáil leis go hiondúil, ach i gcás cuid acu, féadann na heispéiris seo éirí rómhór agus as smacht. Tá Seirbhís Comhairleoireachta na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe do mhic léinn a bhíonn faoi strus mar seo.

 

An mbeidh ranganna ar líne don bhliain 2021/2?

Beidh meascán ar gach clár múinte de ranganna ar líne agus ar an gcampas. Beag beann ar mhéid an ranga, beidh foghlaim ar an gcampas mar chuid den eispéireas mar mhac léinn, trí ranganna teagaisc, seimineáir, cruinnithe scartha amach agus/nó saotharlanna ar an gcampas de réir riachtanais na gcúrsaí éagsúla.

Cuirfear léachtaí móra in oiriúint do sheachadadh ar líne, agus cuirfear ranganna níos lú ar siúl ar an gcampas nuair is féidir agus é sábháilte é sin a dhéanamh. Ní bheidh formhór na léachtaí ar líne curtha ar an gclár ama ach cuirfear ar fáil iad roimh aon ranganna gaolmhara ar an gclár ama cosúil le seimineáir, ranganna teagaisc, obair saotharlainne etc. Oibreoidh Stiúrthóirí Clár agus Scoileanna leis an Riarachán Acadúil sa samhradh chun amchláir theagaisc a chur le chéile, ag cur san áireamh go bhfuil an staid ag athrú an t-am ar fad agus go dtagann comhairle sláinte poiblí nua chun cinn. Déanfar amchlár chun na ranganna a sheachadfar ar an gcampas a leagan amach – beidh na ranganna seo mar chuid rialta d’eispéireas na mac léinn agus beidh oraibh a bheith ar an gcampas chun páirt a ghlacadh. Tiocfaidh líon na ndaoine sna seomraí le comhairle sláinte poiblí i gcónaí.

Beimid ag freastal ar an líon beag mac léinn nach féidir leo teacht chuig an gcampas ar chúiseanna sláinte, rochtana nó eile, ionas nach gcuirfear isteach ar a dturas acadúil. Táimid ag déanamh ár ndíchill a chinntiú go gcuirfear an fhoghlaim ar fad ar fáil ar líne, nó ar bhealach eile, chun deis a thabhairt do mhic léinn a bhféadfadh moill a bheith orthu teacht go hÉirinn, chun teorainneacha ar líon mac léinn i spásanna teagaisc a éascú, chun freastal orthu siúd nach féidir leo freastal ar chúiseanna sláinte, agus chun cúltaca a sholáthar i gcás go dtiocfaidh ardú ar chásanna COVID-19.

Déanfar cinneadh críochnaitheach amach anseo ar struchtúr Sheimeastar 2 nuair a bheidh scéal COVID-19 níos soiléire.

 

Cad é an seans go bhfaighidh mé lóistín i mBaile an Chíorbhuí má tá mé ar an liosta feithimh?

Tá an lóistín atá againn ar an gcampas, Baile na Coiribe agus Baile an Chíorbhuí lán cheana féin don bhliain acadúil seo chugainn. Mar sin féin, is gnách go gcuirtear roinnt áiteanna ar ceal tar éis thairiscintí an CAO agus táimid ag glacadh le hiarratais ar ár liosta feithimh ag www.campusaccommodation.ie/students. Má chuirtear lóistín ar ceal, tairgfimid é d’iarratasóirí ar an liosta feithimh trí roghnú randamach ríomhghinte ar ríomhphost. Leanfaimid orainn ag cloí le treoirlínte sláinte poiblí chun timpeallacht mhaireachtála agus staidéar sábháilte a chinntiú agus, nuair is féidir, leagfaimid amach go mbeidh mic léinn in árasáin le mic léinn eile atá ag déanamh staidéir ar na cláir chéanna chun tacú le foghlaim idir piaraí agus le hobair saotharlainne/tionscadail grúpa.

Ina theannta sin, tá rogha leathan lóistín príobháideach lasmuigh den champas ar fáil agus tá na sonraí go léir le fáil ó Oifig Lóistín Ollscoil na Gaillimhe.

 

Cad iad na bearta nua atá curtha i bhfeidhm do mhic léinn, chun a chinntiú nach gcuirfidh an phaindéim seo isteach ar a mbliain acadúil?

An tseachtain seo caite, thiomsaigh an fhoireann i Seirbhísí do Mhic Léinn aiseolas a bailíodh ó níos mó ná 1,000 mac léinn ó gach cearn den Ollscoil sa Suirbhé Mac Léinn maidir le COVID-19 a rinneadh le déanaí. Cuireann na torthaí béim ar riachtanais agus ar ábhair imní na mac léinn maidir le réimse saincheisteanna, lena n-áirítear sláinte agus folláine, a gcumas staidéar a dhéanamh agus iad féin a spreagadh ag an am seo, imní maidir le lóistín, rochtain ar sheirbhísí agus rochtain ar léachtóirí agus ar theagascóirí. Tá an fhoireann i Seirbhísí do Mhic Léinn ag obair chun a chinntiú go mbeidh eispéireas fiúntach acadúil, pearsanta agus gairmiúil ag mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Leanfaimid orainn ag soláthar réimse seirbhísí agus tionscnamh chun tacú leo agus chun iad a spreagadh ar an gcampas agus ar líne. Tabharfaimid aghaidh ar a bhfuil ag cur imní orthu ar bhealaí spriocdhírithe lena chinntiú go bhfuilimid ag tacú leo ar bhealaí éifeachtacha agus oiriúnacha.

 

Tá an-imní orm faoi lóistín. Níor éirigh liom áit a bhaint amach i lóistín Ollscoil na Gaillimhe. Tá sé cloiste agam, mar sin féin, go mb’fhéidir nach mbeimid ar an gcampas ach lá amháin sa tseachtain ar a mhéad. An fíor é seo? Tá sé cloiste agam go bhfuil Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag athrú a lóistín le bheith níos cosúla le Leaba & Bricfeasta agus mic léinn ag cur leaba in áirithe oíche nó dhó sa tseachtain. An bhfuil a leithéid ar intinn in Ollscoil na Gaillimhe?

Molaimid do gach mac léinn ar chláir teagaisc a bheith i nGaillimh ó Mheán Fómhair, a bheith ar fáil le foghlaim ar an gcampas, agus an t-eispéireas foghlama mac léinn is iomláine a fháil, i bhfianaise shrianta COVID-19. Ba chóir do mhic léinn lóistín a chur in áirithe agus a bheith ag súil go mbeidh siad i nGaillimh i rith an tseimeastair. 

 

An mbeidh lá oscailte ann roimh thús an tseimeastair?

Beidh an chéad Lá Oscailte eile ar siúl Dé hAoine, an 2 Deireadh Fómhair agus Dé Sathairn, an 3 Deireadh Fómhair. Idir an dá linn, is féidir leat breathnú ar an Lá Oscailte Fíorúil a bhí ar siúl ar líne i mí Aibreáin. Tá go leor acmhainní den scoth le feiceáil ar nós cur i láthair a bhaineann go sonrach le coláiste agus ceisteanna agus freagraí lenár léachtóirí www.universityofgalway.ie/opendays/

 

An bhfuil sé ar intinn athoscailt do gach mac léinn i mí Mheán Fómhair? An mbeidh Erasmus ann cuíosach luath amach anseo? 

In ainneoin go raibh orainn gach taisteal thar lear a bhí le tosú an samhradh seo a chur ar ceal, táimid ar ár ndícheall eispéireas ceart idirnáisiúnta a shocrú dóibh siúd atá á iarraidh ar an gcuid eile dá gcúrsa. Tuigimid go dteastaíonn ón gcuid is mó de na mic léinn taithí thar lear a bheith acu nuair is féidir agus go bhfuil siad ag tnúth le cineálacha nua teagaisc, foghlama agus sóisialaithe mar chuid den eispéireas seo. Chuige sin, táimid ag déanamh leasuithe agus ag scrúdú bealaí nua chun roghanna a chur ar fáil dóibh. Is iad na cúraimí is mó atá orainn a sláinte agus a leas a chinntiú agus eispéireas oideachasúil den scoth a chur ar fáil. Mar thoradh air sin, braithfidh na deiseanna idirnáisiúnta a thairgtear dóibh ar a gclár staidéir.

Seolfaidh an Scoil anseo in Ollscoil na Gaillimhe ina bhfuil an clár staidéir lonnaithe na sonraí chucu sna laethanta amach romhainn. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar leathanaigh ghréasáin na hOifige Idirnáisiúnta (www.universityofgalway.ie/international/covid-19/).

Cén uair a bheidh an téarma ag tosú? Cén uair a bheidh an seisiún eolais ar siúl? 

I gcás fhormhór na mac léinn, lena n-áirítear an Chéad Bhliain, tosóidh an seimeastar an 28 Meán Fómhair. I gcás na Chéad Bhliana, tá sé seo bunaithe ar thorthaí na hArdteistiméireachta a bheith ar fáil mar is iondúil i lár mhí Lúnasa nó gar dó. Beidh dátaí tosaigh eile ag mic léinn i gColáiste na Sionna agus ag roinnt mac léinn leighis. Is féidir na dátaí iomlána a fheiceáil anseo: www.universityofgalway.ie/registry/academic-term-dates/

Beidh seachtain eolais na fochéime ar siúl an tseachtain dar tús an 21 Meán Fómhair agus beidh meascán de ghníomhaíochtaí ar líne agus ar an gcampas ann chun cabhrú le mic léinn na Chéad Bhliana aithne a chur ar an ollscoil, struchtúir agus éilimh shaol na mac léinn a thuiscint, foghlaim faoi na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh agus aithne a chur ar a gcomhscoláirí a bheidh mar chairde ar feadh an tsaoil acu amach anseo.

I mbliana, beidh na seisiúin eolais ar siúl ionas go mbeidh lá éagsúil ag gach Coláiste de ghníomhaíochtaí ar an gcampas. Cuirfear clár ama de na gníomhaíochtaí seo chuig mic léinn nuair a ghlacfaidh siad lena dtairiscint. Is cuid an-tábhachtach é an tseachtain eolais do mhic léinn nua agus molaimid do gach mac léinn nua páirt iomlán a ghlacadh sa chlár gníomhaíochtaí chun tús maith a chur lena dturas mar mhac léinn. I gcás na Chéad Bhliana nach bhfuil in ann freastal go pearsanta, beidh eolas tábhachtach ar fáil ar líne freisin.


An féidir liom lóistín a fháil ar champas Ollscoil na Gaillimhe ag an bpointe seo nó an bhfuil aon seans agam é a fháil? 

Faoi láthair, tá Baile na Coiribe agus Baile an Chíorbhuí lán ach tá liosta feithimh againn, is féidir leat a bheith ar an liosta ach cliceáil ar an nasc https://www.campusaccommodation.ie/students/ 

An dtiocfaidh athrú ar phraghas lóistín ar an gcampas? (mar gheall ar thosú níos déanaí) Bhí mé ag smaoineamh an mbeidh aon athruithe le déanamh maidir le seomraí dhá leaba sa lóistín ar an gcampas, má tá éarlais íoctha agam le haghaidh seomra dhá leaba, an bhfuil seomra deimhnithe dom fós in ainneoin na dtreoirlínte maidir le scaradh sóisialta.

Síneann an bhliain acadúil anois go dtí an 5 Meitheamh 2021 agus níl aon athrú ar rátaí na bliana acadúla.  Leanfaimid orainn ag cloí le treoirlínte FSS agus faoi láthair níl aon chomhairle ar lóistín ollscoile.  De réir mar a thiocfaidh eolas chun cinn, beimid i dteagmháil leis na mic léinn a d’íoc éarlais ar sheomra dhá leaba chun a gcuid riachtanas a thuiscint. 

Cad ba cheart dom a dhéanamh má tá Ollscoil na Gaillimhe agam mar chéad rogha ar an CAO ach nach bhfuil lóistín faighte agam do Mheán Fómhair? 

Mura bhfuil sé sin déanta agat cheana, cuir d’ainm ar an liosta feithimh https://www.campusaccommodation.ie/students/. Gach bliain, cuirtear áiteanna ar ceal nuair a thagann tairiscintí an CAO amach.  Má chuirtear lóistín ar ceal, tairgfimid áit d’iarratasóirí ar an liosta feithimh trí roghnú randamach ar ríomhphost. Leanfaimid orainn ag cloí le treoirlínte sláinte poiblí chun timpeallacht mhaireachtála agus staidéar sábháilte a chinntiú agus, nuair is féidir, leagfaimid amach go mbeidh mic léinn in árasáin le mic léinn eile atá ag déanamh staidéir ar na cláir chéanna chun tacú le foghlaim idir piaraí agus le hobair shaotharlainne/tionscadail grúpa. 

 

Céard é an scéal le lóistín don chéad bhliain i Meán Fómhair más ar líne a bheidh formhór na léachtaí? 

Beidh meascán ar gach clár múinte de ranganna ar líne agus ar an gcampas. Beag beann ar mhéid an ranga, beidh foghlaim ar an gcampas mar chuid den eispéireas mar mhac léinn, trí ranganna teagaisc, seimineáir, cruinnithe scartha amach agus/nó saotharlanna ar an gcampas de réir riachtanais na gcúrsaí éagsúla.

Cuirfear léachtaí móra in oiriúint do theagasc ar líne, agus cuirfear ranganna níos lú ar siúl ar an gcampas nuair is féidir agus é sábháilte é sin a dhéanamh. Ní bheidh an chuid is mó de léachtaí ar líne ar an tráthchlár ach ina ionad sin cuirfear ar fáil iad roimh aon ranganna ar an tráthchlár a bhaineann leo ar nós seimineáir, ranganna teagaisc, obair saotharlainne etc. Oibreoidh Stiúrthóirí Clár agus Scoileanna leis an Riarachán Acadúil sa samhradh chun amchláir theagaisc a chur le chéile, ag cur san áireamh go bhfuil an staid ag athrú an t-am ar fad agus go dtagann comhairle sláinte poiblí nua chun cinn. Déanfar amchlár chun na ranganna a sheachadfar ar an gcampas a leagan amach – beidh na ranganna seo mar chuid rialta d’eispéireas na mac léinn agus beidh oraibh a bheith ar an gcampas chun páirt a ghlacadh. Tiocfaidh líon na ndaoine sna seomraí le comhairle sláinte poiblí i gcónaí.

Beimid ag freastal ar an líon beag mac léinn nach féidir leo teacht chuig an gcampas ar chúiseanna sláinte, rochtana nó eile, ionas nach gcuirfear isteach ar a dturas acadúil. Táimid ag déanamh ár ndíchill a chinntiú go gcuirfear an fhoghlaim ar fad ar fáil ar líne, nó ar bhealach eile, chun deis a thabhairt do mhic léinn a bhféadfadh moill a bheith orthu teacht go hÉirinn, chun teorainneacha ar líon mac léinn i spásanna teagaisc a éascú, chun freastal orthu siúd nach féidir leo freastal ar chúiseanna sláinte, agus chun cúltaca a sholáthar i gcás go dtiocfaidh ardú ar chásanna COVID-19.