Tús maith leath na hoibre

Download NUI Galway App

‌Féach ár gcuid físeán maidir le ceangal le Eduroam ar na Leathanaigh Wifi.

Cá bhfaighidh mé cuntas ríomhaireachta?‌

Ní bhaineann d’ainm úsáideora ach leis an Ollscoil amháin

  • Tugann Acmhainní Daonna uimhir phárolla sé dhigit do chomhaltaí foirne buana agus dóibh siúd a bhfuil conradh téarma socraithe acu. Is ionann d’Uimhir Aitheantais/ainm úsáideora agus d’uimhir phárolla sé dhigit ach go gcuirtear ‘0’ ag an tús agus ‘s’ ag an deireadh.  e.g. Is ionann an uimhir phárolla 123456 agus an Cuntas Campais 0123456s. Tabharfaidh Acmhainní Daonna pasfhocal do Chuntais Campais shealadaigh duit. Caithfidh tú do Chuntas Campais a chur ag obair sula bhfaigidh tú rochtain ar aon cheann de na seirbhísí thíos.
  • Maidir le foireann a íoctar in aghaidh na huaire ar phárolla Ollscoil na Gaillimhe tugann Acmhainní Daonna uimhir phárolla sé dhigit dóibh. Leanfaidh do Chuntas Campais/Ainm Úsáideora an fhormáid chéanna leis an bhfoireann bhuan agus iad siúd ar théarma socraithe thuas. Tabharfaidh Acmhainní Daonna pasfhocal do Chuntais Campais shealadaigh duit.  Caithfidh tú do Chuntas Campais a chur ag obair sula bhfaighidh tú rochtain ar aon cheann de na seirbhísí thíos.
  • Cuairteoirí nó úsáideoirí sealadacha (cuairteoirí urraithe ag an bhfoireann chuig Ollscoil na Gaillimhe) tugtar Cuntas seachtrach ‘E’ agus pasfhocal gníomhachtaithe dóibh ó Sheirbhísí agus Réitigh Faisnéise (ISS). Soláthróidh ISS sonraí do Chuntas Campais, uimhir aitheantais (e.g. 2201234E), agus pasfhocal duit. Eisítear na cuntais seo ar feadh tréimhse níos lú ná bliain acadúil amháin. Caithfidh tú do Chuntas Campais a chur ag obair sula bhfaighidh tú rochtain ar aon cheann de na seirbhísí thíos.

Úsáidfidh tú an t-ainm úsáideora agus an pasfhocal seo chun rochtain a fháil ar raon seirbhísí IT, Ríomhphost, Ríomhairí Pearsanta, Páirceáil, WiFi, Canvas, Córais Leabharlainne agus tairseach CORE.  Ar chúiseanna slándála, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh tú an pasfhocal a athrú go rialta.