Ba mhaith linn go n-aireofá gur duine de phobal na hollscoile thú, go bhfoghlaimeofá go leor agus go mbainfeá fíorthaitneamh as an tréimhse a chaitheann tú linn. Tuigimid freisin go mbíonn a dhúshláin féin ag baint le saol an mhic léinn agus go mbíonn sé deacair uaireanta agus go mb’fhéidir go mbeadh cabhair uait chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin a bheidh romhat. Tá go leor tacaíochtaí ar fáil san ollscoil agus beidh tú in ann rochtain a fháil orthu nuair is gá. Táimid anseo le tacú leat! 

Is bealach éasca é an Roth Tacaíochta chun an tacaíocht atá ar fáil duit a fheiceáil, bunaithe ar do chuid riachtanas agus ar an gcaoi a mothaíonn tú. Tugann sé deis dúinn rudaí a fheiceáil ó do thaobhsa – agus cabhrú leat do cheann scríbe a bhaint amach.

Tá ag éirí go hiontach liom

Tá an saol agus an staidéar go breá ach b'fhéidir gur mhaith leat a fháil amach cad is féidir leat a dhéanamh chun go bhfanfaidh tú féin go maith. Idir caidrimh a bhunú le daoine eile agus obair dheonach, tá go leor cúnamh ar fáil maidir le haire a thabhairt duit féin agus a bheith folláin! Seans go bhfaighfeá inspioráid ó roinnt de na naisc thíos. 

  • Féilire na Mac Léinn - Tá an t-eolas is deireanaí ar imeachtaí na mac léinn ar YourSpace 
  • Cumainn - Faigh eolas faoi chorradh agus 120 cumann agus faoin gcaoi a bheith páirteach. Is bealach iontach cumainn chun bualadh le daoine cosúil leat féin agus roinnt spraoi a bheith agat.
  • Mol Smaointe - mol nuálaíochta mac léinn Ollscoil na Gaillimhe. Bealach iontach chun bualadh le daoine nua, scileanna fadsaoil a fhorbairt, oibriú chun dúshláin dhomhanda a réiteach nó gnó nua a bhunú
  • FlirtFM - Tá suas le 150 oibrí deonach ag obair leis an stáisiún atá lonnaithe in Áras na Mac Léinn, agus go leor daoine eile ag cur leis gach bliain. Bí páirteach nó éist leis ar FM101.3
  • Spórt agus Clubanna - Tá eolas anseo ar bhreis is 45 club spóirt gníomhach. Is iontach an bealach a bheith páirteach i gclubanna spóirt le fanacht aclaí agus sláintiúil, agus bíonn saol sóisialta iontach i gceist leis freisin.
  • Obair Dheonach (ALIVE) - Nascann sé mic léinn le tionscadail dheonacha sa phobal. Is bealach iontach é a bheith páirteach sa phobal, bualadh le daoine nua agus forbairt go pearsanta, go gairmiúil agus go sibhialta
  • Ionad Spóirt Kingfisher - Áiseanna giomnáisiam den scoth, linn snámha 25 méadar agus go leor ranganna aclaíochta grúpa
  • Cara - Bota Comhrá fíorúil, ar fáil 24/7/365 chun tacú leat le ceisteanna faoi shaol laethúil na hollscoile.
  • Gradam Infhostaitheachta - Tugann an gradam seo aitheantas dá bhfuil foghlamtha ag an mac léinn agus na scileanna a d’fhorbair sé/sí trí obair agus gníomhaíochtaí seach-churaclaim. Tá an Gradam deartha chun mic léinn a ullmhú go díreach don mhargadh fostaíochta. 
  • Gaillimh 100 -  Tionscnamh uathúil comhpháirtíochta mac léinn a chuidíonn leis an Ollscoil áit lárnach a thabhairt do ghlór na mac léinn nuair atá tionscnaimh agus acmhainní nua á gcur i bhfeidhm aici. 100 mac léinn atá sa ghrúpa agus cabhraíonn siad lena chinntiú go bhfuil ár gcuid seirbhísí dírithe ar an mac léinn, cuimsitheach agus freagrúil do riachtanais na mac léinn. 
  • Aonad Sláinte na Mac Léinn - Cúram leighis ar an gcampas do mhic léinn lánaimseartha cláraithe. Ní mór coinne a dhéanamh roimh ré.
  • Tábhacht  an Chodlata - Foghlaim faoin tábhacht a bhaineann le hoíche mhaith chodlata agus an bealach is féidir le roinnt athruithe simplí cur le codladh níos suaimhní.

Tá fadhb bheag agam

Nuair a théann rud beag i d’aghaidh tá sé in ann do lá a mhilleadh ort! Do chárta aitheantais a chur amú, córais ollscoile ag cliseadh ort, deacracht rud éigin a aimsiú ar líne nó deacracht leabhar a aimsiú sa leabharlann. Is féidir leis na rudaí seo leibhéil imní a mhéadú an-sciobtha mura bhfuil tú in ann réiteach sciobtha a fháil! Téigh chuig ceann de dheasca cabhracha na hollscoile nó bain triail as ceann de na tacaíochtaí ar líne chun an t-eolas a chabhróidh leat a fháil.

  • Cara - Bota Comhrá fíorúil, ar fáil 24/7/365 chun tacú leat le ceisteanna faoi shaol laethúil na hollscoile.
  • Ionad Fiosrúcháin na Mac Léinn - An chéad phointe teagmhála do go leor mac léinn. Buail isteach le casadh leis an bhfoireann má tá aon cheist agat faoi aon ghné de shaol an mhic léinn
  • Deasc Chabhrach na Leabharlainne - Is féidir le foireann na deisce comhairle a chur ort faoi gach seirbhís agus bailiúchán Leabharlainne agus faoi raon leathan seirbhísí IT.
  • Córas Ticéad ISS - Má tá fadhbanna agat le WIFI, teacht ar sheirbhísí IT priontála nó aon cheist IT eile is féidir leat ticéad a logáil trí chóras ticéad ISS
  • Deasc Chabhrach na Clárlainne - Tacaíocht do sheirbhísí Clárlainne, Iontrálacha, Scrúduithe, Clárú, Bronnadh agus athsholáthar cártaí aitheantais mic léinn
  • An tSeirbhís Chomhairleach Lóistín - Tacaíocht agus treoir do mhic léinn atá ag lorg lóistín i nGaillimh agus sna ceantair máguaird
  • An Oifig Idirnáisiúnta - Téigh i dteagmháil leis an oifig idirnáisiúnta atá ar fáil chun tacú leat tríd an bpróiseas iarratais agus víosa, chun fáilte a chur romhat ar an gcampas agus chun cabhrú leat lóistín a aimsiú
  • Oifig na dTáillí - Faigh eolas cothrom le dáta ar tháillí na mac léinn, spriocdhátaí d’íocaíocht táillí, táillí athscrúduithe agus go leor eile 
  • Teagmhálaithe Coláistí/Scoile - Ar an leathanach seo gheobhaidh tú sonraí teagmhála ábhartha do na ceithre choláiste 
  • Oifig na gCumann - Tá eolas ar an leathanach seo faoi SocsBox, áit a bhfaighidh tú an t-eolas ar fad le bheith páirteach sna cumainn. Beidh duine den fhoireann ar fáil chun do cheisteanna a fhreagairt, eolas a thabhairt duit faoi Well Crew agus faoin Hub, ar spás sóisialta é chun do scíth a ligint.

Tá comhairle uaim

Seans go n-airíonn tú go bhfuil do shaol san ollscoil thar a bheith dúshlánach anois, ach bíonn go leor mac léinn mar a chéile ar feadh tréimhsí agus iad i mbun staidéir ag an ollscoil. Is cuid den saol é! Seans go bhfuil tú in amhras faoin gcúrsa atá pioctha agat, go bhfuil tú imníoch faoi chúrsaí airgid, nó go bhfuil tú ag freastal ar an ollscoil agus tú faoi mhíchumas nó go bhfuil an baile fágtha agat den chéad uair. Is féidir leat tacaíocht agus treoir a fháil anseo ó aon cheann de na tacaíochtaí thíos.

  • Comhordaitheoir Ionaid Fiosrúchán (SEC) na Mac Léinn - Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gComhordaitheoir SEC go díreach agus tabharfaidh siad cúnamh duit trí ríomhphost nó is féidir leat bualadh isteach chucu ar an tslí dála agus labhairt leo go neamhfhoirmiúil.
  • Comhairleoirí na Mac Léinn - Ar fáil do mhic léinn ar mian leo cúrsaí pearsanta, acadúla nó airgid a phlé, nó aon fhadhb eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus iad san Ollscoil. Cuirfidh do Chomhairleoir Mac Léinn ar atreo thú chuig an raon iomlán seirbhísí tacaíochta sainiúla eile atá ar fáil do mhic léinn.
  • Cóitseálaithe Rathúlachta na Mac Léinn - Ag obair le mic léinn ar bhonn duine le duine, nó i ngrúpaí. Is féidir leo tacú leat agus spreagadh a thabhairt duit tuilleadh a fhoghlaim fút féin, agus faoin gcaoi ar féidir leat do spriocanna a bhaint amach. Faigh tuilleadh eolais faoi chóitseáil agus faoin sraith ceardlann Rathúlachta Mac Léinn atá oscailte do gach mac léinn
  • Tacaíocht Airgid - Is féidir leat teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an bhfoireann tacaíochta airgid chun comhairle a fháil faoi thacaíochtaí airgid agus chun cabhair a fháil le foirmeacha. 
  • An tSeirbhís Chomhairleach Lóistín - Tacaíocht agus treoir do mhic léinn atá ag lorg lóistín i nGaillimh agus sna ceantair máguaird. 
  • An tSéiplíneacht - Raon leathan seirbhísí á gcur ar fáil do mhic léinn a bhfuil creideamh acu agus dóibh siúd nach bhfuil, agus áirítear leo tacaíocht duine le duine, oiliúint faoin meabhairshláinte agus go leor eile 
  • An tIonad Forbartha Gairmeacha - Seirbhís ghairmthreorach agus faisnéise a bhfuil sé mar aidhm aici éascaíocht a dhéanamh duit forbairt do ghairme féin a bhainistiú, aistrithe gairme éifeachtacha a dhéanamh agus deiseanna a chur ar fáil bualadh le go leor fostóirí 
  • Seirbhís Tacaíochta Míchumais - Faigh eolas faoi na tacaíochtaí nó socruithe réasúnta atá ar fáil dóibh siúd a bhfuil siad de dhíth orthu mar gheall ar mhíchumas, riocht sláinte leanúnach coirp nó meabhairshláinte, nó deacracht foghlama ar leith.
  • An Oifig Idirnáisiúnta- Téigh i dteagmháil leis an oifig idirnáisiúnta atá ar fáil chun tacú leat tríd an bpróiseas iarratais agus víosa, chun fáilte a chur romhat ar an gcampas agus chun cabhrú leat lóistín a aimsiú.
  • Oifig Staidéir Iarchéime - Is féidir le mic léinn iarchéime sonraí teagmhála a fháil anseo faoina gcomhordaitheoirí acadúla iarchéime. 
  • Ionad Forbartha Taighdeoirí - Cuireann tacaíocht ar fáil d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach gach taighdeora, idir thaighdeoirí iarchéime agus Chomhaltaí Sinsearacha in Ollscoil na Gaillimhe. 
  • Teagmhálaithe Coláiste/Scoile - Tá na seoltaí ríomhphoist ábhartha do gach ceann de na ceithre choláiste ar fáil ar an leathanach seo. Is é seo an bealach is fearr teagmháil a dhéanamh le do riarthóir coláiste nó le stiúrthóir cúrsa
  • An tIonad Rochtana - Oibríonn an tIonad Rochtana leis na mic léinn siúd a bhí nó atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, mic léinn faoi mhíchumas agus mic léinn lánfhásta chun timpeallacht thacúil foghlama a chruthú le go mbeidh rath orthu san earnáil oideachais tríú leibhéil

Teastaíonn tuilleadh cabhrach uaim

Tá sé in ann a bheith deacair cabhair a iarraidh agus is é an rud is tábhachtaí an iarracht sin a dhéanamh nuair atá tú i gcruachás. Is féidir leat tacaíocht agus treoir a fháil ó raon leathan seirbhísí tacaíochta anseo san ollscoil. D’fhéadfadh cúnamh acadúil a bheith ag teastáil uait, nó cúnamh airgid chun leanúint le do chuid staidéir, nó tacaíocht an-sainiúil a bheith uait. Féach ar na naisc thíos le fáil amach an mbeadh aon rud a d’fheilfeadh duit.

  • Ionad Scríbhneoireachta Acadúla - Cuireann ranganna teagaisc duine-ar-dhuine ar fáil chomh maith le comhairliúchán ar ríomhphost maidir le scríobh aistí. Is seirbhís in aisce an tseirbhís seo agus is féidir le gach mac léinn leas a bhaint aisti 
  • Leabharlann - Foghlaim faoi na seirbhísí atá á dtairiscint ag an leabharlann, amanna oscailte na Leabharlainne agus na Deisce Freastail IT, Cúinne na Cruthaitheachta agus go leor eile.
  • Computer DISC - Ionad buail isteach dóibh siúd a bhfuil cúrsaí ríomhchlárúcháin nó forbartha bogearraí ar siúl acu. Faigh tuilleadh eolas faoi na hamanna oscailte agus na seirbhísí atá á dtairiscint acu
  • SUMS - Cuireann an tseirbhís seo tacaíocht neamhfhoirmiúil ar fáil le matamaitic do mhic léinn sa chéad agus sa dara bliain i ngach cúrsa, chomh maith le mic léinn ar chúrsaí Rochtana agus cúrsaí Bonnstaidéir. Faigh tuilleadh eolas faoi na hamanna oscailte agus na seirbhísí atá á dtairiscint acu
  • An tIonad Scileanna Acadúla - Tá go leor acmhainní ag an tseirbhís seo chun tacú le mic léinn na príomhscileanna a bhíonn uathu le go n-éireoidh leo go hacadúil a fhorbairt. Faigh tuilleadh eolais anseo faoi scileanna IT agus digiteacha, ceardlanna, tascanna agus teicnící scrúdaithe
  • Scrúduithe na Gaillimhe 101 - Clár tacaíochta do scrúduithe a chabhróidh leat ullmhú do do chuid scrúduithe. Éist leis an tsraith podchraoltaí Exam Jam nó faigh tuilleadh eolais faoi na tacaíochtaí agus imeachtaí a bhíonn á reáchtáil roimh scrúduithe
  • Comhaltas na Mac Léinn - Déanann ionadaíocht ar na mic léinn trí chéile agus féachann dá leas. Tá Oifigigh an Chomhaltais in ann cabhair a thabhairt le roinnt saincheisteanna, mar shampla fadhbanna le deontais, táillí scrúduithe, léachtaí, fadhbanna le lóistín, cúram leanaí, staidéar agus cúrsaí airgid. Tá Siopa an Champais á reáchtáil ag Comhaltas na Mac Léinn chomh maith, mar aon le Smokeys, an beár sneaiceanna agus beár an choláiste, Sult. 
  • Comhairleoireacht - Faigh sonraí faoi na hacmhainní ar líne atá ar fáil cosúil le Togetherall. Nó déan teagmháil leis an bhfoireann chun coinne a dhéanamh   
  • Seirbhís Tacaíochta Míchumais - Faigh eolas faoi na tacaíochtaí nó socruithe réasúnta atá ar fáil dóibh siúd a bhfuil siad de dhíth orthu mar gheall ar mhíchumas, riocht sláinte leanúnach coirp nó meabhairshláinte, nó deacracht foghlama ar leith 
  • Comhairleoirí na Mac Léinn - Ar fáil do mhic léinn ar mian leo cúrsaí pearsanta, acadúla nó airgid a phlé, nó aon fhadhb eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus iad san Ollscoil. Cuirfidh do Chomhairleoir Mac Léinn ar atreo thú chuig an raon iomlán seirbhísí tacaíochta sainiúla eile atá ar fáil do mhic léinn 
  • An Ciste Cúnaimh Airgid - Ar fáil chun cabhrú le mic léinn nach bhfuil in ann na costais a bhaineann le rannpháirtíocht laethúil sa chóras ardoideachais a íoc ar feadh na bliana acadúla.
  • Toiliú Gníomhach - Faigh eolas faoin gclár Toilithe Ghníomhaigh agus faoi na ceardlanna agus acmhainní atá ann. 
  • Aonad Sláinte na Mac Léinn - Cúram leighis ar an gcampas do mhic léinn lánaimseartha cláraithe. Ní mór coinne a dhéanamh roimh ré.   
  • Pantrach na Mac Léinn - Cuireann bia ar fáil in aisce, ar bia é atá curtha ar fáil ag ollmhargaí áitiúla a d’fhéadfadh a bheith fuílleach, an phacáistíocht a bheith damáistithe, a bheith ina tháirge a bhfuil deireadh ag teacht leis nó atá gar don dáta ar fearr roimhe. Cabhraíonn sé seo leis an méid dramhaíl bia a thagann ó ollmhargaí áitiúla in aghaidh na seachtaine a laghdú. Oscailte gach Aoine sa Seomra Mór Fuaime, Áras na Mac Léinn ón 4-5pm.
  • Línte Cabhracha RTE - Liosta cuimsitheach de na tacaíochtaí & acmhainní seachtracha atá ar fáil ar fud na tíre. 

Ba mhaith liom labhairt le duine éigin

Bíonn duine éigin ann i gcónaí le labhairt leo. Tá níos mó nasc agus daoine laistigh den Ollscoil agus lasmuigh di a thabharfaidh cúnamh duit ná mar a thuigeann tú. Nuair a airíonn tú go bhfuil duine eile ag tacú leat, bíonn tionchar dearfach aige sin ar d’fholláine. Is iontach an tacaíocht do theaghlach nó do chairde má tá tú compordach muinín a chur iontu. Fiú más i bhfad ó bhaile atá siad, bíonn teachaireacht téacs, ríomhphost nó glaoch le duine den teaghlach nó le cara in ann cabhrú leat go mór. Tá daoine gairmiúla againn, áfach, a bhfuil go leor taithí acu agus a éistfidh lena bhfuil le rá agat gan breithiúnas a thabhairt. Tá roinnt roghanna ann labhairt le duine ar bhonn anaithnid más fearr leat é sin. I gceachtar den dá chás, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn. Cén fáth nach mbainfeá triail as roinnt de na roghanna thíos?

  • Togetherall - Pobal ar líne atá in ann cabhrú leat le cúrsaí meabhairshláinte ar bhonn anaithnid agus in aisce. Ar fáil do gach mac léinn; cláraigh chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na tacaíochtaí agus acmhainní atá ar fáil
  • Línte Cabhracha RTE - Liosta cuimsitheach de na tacaíochtaí & acmhainní seachtracha atá ar fáil ar fud na tíre. 
  • Líne Chabhrach maidir le hAlcól agus Drugaí: Saorghlao 1800 459 459 ó Luan go hAoine 9.30am – 5.30pm. Seol ríomhphost am ar bith chuig helpline@hse.ie.
  • An tSéiplíneacht - Raon leathan seirbhísí á gcur ar fáil do mhic léinn a bhfuil creideamh acu agus dóibh siúd nach bhfuil, agus áirítear leo tacaíocht duine le duine.
  • Comhairleoireacht - Seirbhís hibrideach comhairleoireachta in aisce, idir chomhairleoireacht ar an láthair, duine le duine agus ar líne. Cuirtear comhairleoireacht ghrúpa agus ceardlanna ar fáil chomh maith.
  • Comhordaitheoir Ionad Fiosrúcháin na Mac Léinn - Tá Caróg lonnaithe in Ionad Fiosrúcháin na Mac Léinn i bhFoirgneamh na nDán/na hEolaíochta agus oiliúint air i gcumarsáid éifeachtach agus chomhbhách. Tá Caróg in ann cabhrú leat le ceist ar bith atá agat faoi shaol an mhic léinn.
  • Comhairleoirí na Mac Léinn - Ar fáil chun cúrsaí pearsanta, acadúla nó airgid a phlé, nó aon fhadhb eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus tú ag freastal ar an Ollscoil. Beidh Comhairleoirí in ann tú a chur ar atreo chuig an raon iomlán seirbhísí tacaíochta sainiúla eile atá ar fáil duit.
  • Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta - Tá Kathleen Hartigan ar fáil chun bualadh le mic léinn lánfhásta agus chun tacaíocht agus treoir a chur ar fáil maidir le raon saincheisteanna.
  • Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta - Déanann Louise Kelly ionadaíocht thar ceann na mac léinn idirnáisiúnta agus cuireann sí tacaíocht neamh-acadúil ar fáil do mhic léinn a bhfuil deacrachtaí acu
  • Oifigeach Oideachais Taistealaithe - Tugann Ann-Marie Stokes tacaíocht agus treoir do mhic léinn ar Taistealaithe na hÉireann iad le linn dóibh a bheith san earnáil ardoideachais
  • Oibrí Tacaíochta Oideachais do Mhic Léinn a bhfuil Taithí acu ar Chúram - Tá Betty Atwood in ann tacaíocht, abhcóideacht agus comhairle a chur ar fáil do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe a bhfuil tréimhsí caite acu ina gcónaí faoi chúram an stáit am ar bith sula raibh 18 mbliana slánaithe acu.
  • Comhairleoir Gairmeacha - Ar fáil chun bualadh leat go pearsanta nó ar líne má bhíonn tacaíocht agus comhairle shainiúil uait maidir le gairmeacha.
  • SpeakOut - Ardán tuairiscithe anaithnid ar líne don fhoireann agus do mhic léinn chun tuairisc a dhéanamh faoi bhulaíocht, cibearbhulaíocht, ciapadh, leithcheal, fuathchoireacht, iompar/rialú comhéigeantach, stalcaireacht, ionsaí, gnéaschiapadh, ionsaí gnéis nó éigniú.
  • Aonad Sláinte na Mac Léinn - Déan coinne le dochtúir teaghlaigh nó le gairmithe cúraim sláinte eile chun cabhrú leat le haon cheist atá agat maidir le do shláinte. 
  • An Comhordaitheoir maidir le Foréigean Gnéis agus Ciapadh Gnéis a Chosc agus Freagairt Dóibh: féadfaidh mic léinn agus comhaltaí foirne teagmháil a dhéanamh le rebecca.connolly@universityofgalway.ie agus déileálfar leis faoi rún.

Tá mé ag déileáil le géarchéim 

Tá géarchéim phearsanta in ann an-fhaitíos a chur ort agus d’fhéadfadh sé a bheith contúirteach. Beag beann ar na cúinsí atá taobh thiar di, má airíonn tú go bhfuil tú i mbaol nó nach bhfuil tú in ann tú féin a choinneáil sábháilte, déan teagmháil le duine éigin. Tá cúnamh agus tacaíocht ar fáil i gcónaí cuma cé chomh dona is atá do chás. An rud is tábhachtaí ná teagmháil a dhéanamh le duine éigin anois. Cliceáil ar aon cheann de na naisc thíos chun tacaíocht agus comhairle a fháil.

  • Do dhochtúir teaghlaigh (GP) féin – is minic gur duine maith é/í do dhochtúir teaghlaigh le teagmháil a dhéanamh leo i rith géarchéime. Seans go gcuirfidís seirbhís lasmuigh d’uaireanta oifige ar fáil dá n-iarrfaí orthu é. 
  • Seirbhísí Éigeandála – Cuir glaoch ar 999 nó 112 chun na Gardaí (Póilíní) nó Seirbhís Otharchairr a fháil.
  • Oifig Slándála Ollscoil na Gaillimhe – Tá an t-ionad rialaithe oscailte 24/7 agus tá lucht slándála ar patról ar an gcampas lá agus oíche. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an oifig trí ghlaoch orthu i gcás éigeandála..  
  • Na Samáraigh: Saorghlao 116123 am ar bith, lá nó oíche. 
  • Pieta House: Saorghlao 1800 247247 am ar bith, lá nó oíche.
  • Tearmann agus Tacaíocht maidir le Foréigean Teaghlaigh, Gaillimh: Teileafón 091-565 985
  • Líne Chabhrach Chúnamh do Mhná i gcás Foréigin Teaghlaigh: Saorghlao 1800 341 900 am ar bith de lá nó d’oíche.
  • An tAonad do Chóir Leighis i gcás Ionsaithe Gnéis, Gaillimh: Glaoigh ar 091-765 751 ó Luan go hAoine idir 8am – 4.30pm.
  • Aonad Sláinte na Mac Léinn: Oscailte ó Luan go hAoine ach coinne a dhéanamh. Má tá ceist phráinneach agat, cuir glaoch ar 091-492604. 
  • SafeZone App - Aip soghluaiste atá deartha chun cabhrú leat a bheith sábháilte, agus suaimhneas intinne a bheith agat, ar champais Ollscoil na Gaillimhe. Is féidir í a íoslódáil in aisce agus nascann sí le foireann slándála Ollscoil na Gaillimhe
  • Téacsáil an focal ‘Galway’ chuig 50808 chun tacaíocht in aisce agus faoi rún a fháil 24/7 i gcás géarchéime  
  • Rannóg Éigeandála Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh – Teileafón 091-544 544 
  • Comhairleoireacht – Seirbhís hibrideach comhairleoireachta in aisce, idir chomhairleoireacht ar an láthair, duine le duine agus ar líne. Cuirtear comhairleoireacht ghrúpa agus ceardlanna ar fáil chomh maith.