-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
- Cúrsaí
- Foirgnimh & Eastáit
- Seirbhísí do Mhic Léinn
- Cumainn na Mac Léinn
- Oifig an Uachtaráin Ionaid & Meabhránaí
- Láithreán na Foirne
- An tIonad Forbartha Gairmeacha
- Lá Oscailte Fochéime
- Clárlann
- Foirmeacha na hOifige Párolla & Costais
Do CV
Tugann do thréimhse san ollscoil go leor taithí agus scileanna duit atá á lorg ag fostóirí. Glac roinnt ama gach seimeastar chun do CV a thabhairt cothrom le dáta.
Tá fáil chomh maith ag mic léinn chláraithe ar ár n-acmhainní CV nua. Tabharfaidh na huirlisí seo deis duit
- foghlaim faoi leagan amach CV éifeachtach. Cuidíonn ár gcomhpháirtithe fostóra leis seo trínár modúil ríomhfhoghlama
- na treoirlínte a leanúint le go seasfaidh do thaithí amach
- intleacht shaorga a úsáid - CareerSet - chun do CV a athbhreithniú, aiseolas a fháil agus rátáil do CV a fheabhsú agus do CV a chur i gcomparáid le sonraíocht phoist.
Bunghnéithe CV, leideanna agus leagan amach
Tá an t-eolas againn chun do CV a chur le chéile, litir chumhdaigh iontach a ullmhú, agus foirmeacha iarratais a líonadh.
CV iontach a chur le chéile – 10 Nod don Eolach
1. Roinn do CV ina chodanna
- Sonraí Pearsanta - níl aon ghá dáta breithe, inscne ná stádas pósta a lua!
- Ráiteas maidir le hAidhmeanna/Cuspóirí Gairme nó Próifíl Phearsanta – tá sé seo roghnach agus ní mór é a bheith dea-scríofa – ná cóipeáil ón idirlíon é – caithfidh sé léargas a thabhairt ort féin agus ar an méid atá uait.
- Oideachas & Cáilíochtaí – d’fhéadfá modúil, tionscadail agus aistí a bhaineann go sonrach leis an bpost a bhfuil iarratas á dhéanamh agat air a áireamh anseo.
- Fostaíocht – abair cén teideal a bhí ar do phost agus cén t-ainm a bhí ar d’fhostóir – dírigh ar ghníomhaíochtaí & ar thorthaí seachas ar liosta dualgais.
- Éachtaí (roghnach)
- Cur síos ar scileanna agus bíodh fianaise agat de gach scil a deir tú atá agat.
- Ábhair spéise/Gníomhaíochtaí eile/Ballraíocht.
- Moltóirí – iarr cead ar mholtóirí sula luann tú iad ar do CV. Go hiondúil bíonn moltóir acadúil amháin agus moltóir oibre amháin.
2. An ceann is deireanaí/is ábhartha ar dtús
- Tosaigh le do cháilíocht nó do thaithí oibre is deireanaí agus oibrigh do bhealach siar ansin.
- Ach, má tá taithí oibre ábhartha déanta agat ba chóir duit é seo a chur síos ar dtús (agus a lua sa litir chumhdaigh) agus ansin áit eile a bheith agat chun “taithí oibre eile” a lua.
3. Nod 3 – An Stíl Scríbhneoireachta
- Is cáipéisí gairmiúla iad seo agus ba chóir iad a scríobh go foirmiúil.
- Ná húsáid forainmneacha pearsanta e.g. ‘Mise’, “mé” ná ‘mo’.
- Bíodh an fhostaíocht a bhí agat roimhe seo san aimsir chaite agus do ról anois san aimsir láithreach – agus ní mór a bheith leanúnach.
4. Bíodh sé gonta
- 2 leathanach go hidéalach agus ná téigh thar 3 leathanach
- Ba chóir a bheith soiléir, soléite.
- Caitheann fostóirí súil sciobtha ar CVanna mar sin ná téigh i bhfad scéil leis.
- Ní féidir gach a rinne tú riamh a chur san áireamh mar sin teastóidh cúnamh uait an CV a ghiorrú má théann tú thar 3 leathanach.
- Bíodh sé gearr, gonta agus ábhartha – ná bíodh na hailt rófhada – níl am ag fostóirí scéal i mbarr bata a léamh – úsáid pointí le hurchair.
5. Bíodh slacht air
- Bíodh sé tarraingteach – ná bíodh an iomarca eolais ar an leathanach.
- Úsáid pointí le hurchair agus bíodh na habairtí gearr.
- Bíodh spás idir gach cuid.
- Bíodh an cló simplí agus gairmiúil – úsáid Times New Roman nó Ariel agus clómhéid 10 nó níos mó.
- Bíodh an chlómhéid chéanna do na ceannteidil ar fad agus don téacs ar fad.
6. Bí cruinn
- Ná bíodh aon bhotúin litrithe. Tá poncaíocht agus gramadach thar a bheith tábhachtach
- Ní bheidh aon suim ag fostóirí i CVanna lán le botúin shimplí is cuma cé chomh cumasach agus atá tú!
- Profáil agus seiceáil an litriú – ní leor seiceáil litrithe an ríomhaire – tá “cóir” agus “comhair” nó “saoi” agus “suí” litrithe i gceart ach níl an chiall chéanna leo. Ná glac leis an gcéad litriú a thugann seiceáil litrithe an ríomhaire duit, ní gá gurb é seo an focal atá uait!
7. Cuir in oiriúint
- Ba chóir gach CV a chur in oiriúint don phost a bhfuil iarratas á dhéanamh agat air. Tá sé seo an-tábhachtach agus is fiú go mór an tairbhe an trioblóid.
- Caithfidh fostóirí a fheiceáil go bhfeileann an duine don phost. Má luann tú na scileanna agus na modúil atá ábhartha don phost rachaidh sé seo i bhfeidhm ar an bhfostóir agus feicfidh sé an bhfuil tú feiliúnach don ról.
- Déan taighde ar an gcuideachta agus bain úsáid as sonraíocht an phoist go mbeidh a fhios agat cé na scileanna ba chóir duit aird a tharraingt orthu.
- Ní oibreoidh an CV céanna do gach post. Bíodh cúpla CV éagsúil agat don chineál post a bhféadfá iarratas a dhéanamh orthu e.g. d'fhéadfadh dhá CV a bheith ag céimí B Comm do ról mar chuntasóir faoi oiliúint agus do ról díolacháin.
8. Bí dearfach
- Faoin taithí oibre, úsáid focail cosúil le ‘forbairt’ ‘dearadh’ ‘bainistiú’ ‘comhordú’ chun béim a chur ar do chuid dualgas. Tá liosta focail “chumhachtacha” againn le cur ar do CV.
- Ná bíodh drogall ort scéal mór a dhéanamh den mhéid a bhain tú amach.
- Níl aon ghá sonraí a thabhairt de gach tasc a rinne tú. Dírigh ar an méid a bhain tú amach sa ról.
9. Bí ionraic
- Ní mar a chéile scéal mór a dhéanamh den taithí agus áibhéil nó scéal chailleach an uafáis a dhéanamh de!
- Beidh fíricí ó chuideachtaí!
- Beidh sé soiléir san agallamh má rinne tú áibhéil agus d’fhéadfá bheith thíos leis agus gan an post a fháil dá bharr.
10. Cuir beocht ann
- Tugann do chuid spéiseanna agus caitheamh aimsire léargas ort féin mar sin is maith an smaoineamh iad a chur san áireamh. Bíonn fonn ar dhaoine corrbhréag a insint sa chuid seo chun iad féin a dhéanamh níos tarraingtí ach seachain a ndéarfá go bhfuil caitheamh aimsire agat nach bhfuil agat – d'fhéadfaí teacht aniar aduaidh ort san agallamh!
- Má bhíonn do chuid post an-chosúil lena chéile déan cur síos ar na dualgais ar bhealaí difriúla chun nach mbeidh athrá ar bun agat
- Cuimhnigh cén léargas a thugann gach pointe ort féin – bíonn fostóirí ag lorg daoine spreagúla a bhfuil suim acu sa phost agus caithfidh do CV é sin a chur in iúl.
- Athraigh an leagan amach chun go seasfaidh do CV amach ach seachain dathanna ná grianghraif (mura n-iarrfar a leithéid).
Nuair a bheas an CV curtha le chéile agat – féach Seicliosta an CV agus más mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe thú, féadfaidh tú coinne a dhéanamh le duine d’fhoireann an Ionaid le breathnú air (déan coinne trí Careers Connect).
Seicliosta an CV
Íoslódáil agus úsáid ár Seicliosta CV to review your CV. Try to get as many “Yes” answers as possible before you have your CV reviewed in the Career Development Centre.
An t-eolas ar fad faoi litreacha cumhdaigh
Is í an litir chumhdaigh an chéad rud a léifidh an fostóir fút mar sin tá sí thar a bheith tábhachtach!
Na bunrialacha:
- Is leor leathanach amháin, 3 nó 4 alt.
- Bíodh an litir leagtha amach i gceart.
Bíodh do sheoladh, seoladh iadsan agus an dáta san áit cheart. Seiceáil an litriú agus an ghramadach. - Cén leagan amach ba chóir a bheith uirthi? – féach an chéad mhír eile.
- Cuir in oiriúint don phost í.
Ná scríobh an litir chéanna do gach iarratas. Ach an oiread leis an CV ní mór don litir chumhdaigh a léiriú an chaoi a sásaíonn tú critéir an phoist. - Bíodh ainm duine ar an litir.
Más rud é go bhfuil tú ag fiosrú an bhfuil aon fholúntas, bíodh ainm duine luaite leis an litir seachas díreach "A chara nó a Dhuine Uasail". - Ní leor a rá cén tairbhe a bheas sa phost duitse!
Tá a fhios ag an bhfostóir go mbeadh sé iontach do do ghairm post a fháil leis an gcuideachta, gur taithí foghlama den scoth a bheadh ann duit, gur pléisiúr duit é etc. Ach caithfidh tú díriú ar an tairbhe a bheadh ann don chuideachta, an méid a bheas tú in ann freastal ar a riachtanais, na fadhbanna a bheadh tusa in ann a réiteach dóibh. - Bí cúramach leis an réim teanga.
Is litir chumhdaigh í seo agus ní litir aturnae. Ná bíodh sí rófhoirmiúil – bí gairmiúil ach ná bíodh drogall ort teanga chorraitheach a úsáid e.g. "...táim paiseanta faoin réimse seo". Bíodh tú dearfach agus fuinniúil – bíodh fonn orthu casadh leat. - An mbeidh an litir chumhdaigh á seoladh ar ríomhphost agat?
Is minic a seoltar CV agus litir chumhdaigh ar ríomhphost anois. Féadfaidh an litir chumhdaigh a bheith i gcorp an ríomhphoist seachas mar cheangaltán – má sheolann tú ríomhphost bíodh aird agat ar an méid seo a leanas:- Bíodh aird agat ar rialacha gramadaí, poncaíocht, ceannlitreacha, agus struchtúr abairtí. Seachain giorrúcháin a bhíonn in úsáid i dteachtaireachtaí téacs nó ríomhphoist chuig cara mar shampla "ldt" nó "grma".
- Bíodh an teanga soiléir agus soléite, ná húsáid béarlagair a bheadh agat i dtéacs chuig do chara. Níl sé feiliúnach agus ní thaitneoidh sé le fostóirí.
- Scríobh d’uimhir ghutháin faoi d’ainm.
- Bíodh uimhir thagartha an phoist (má tá ceann ann) nó teideal an phoist a bhfuil iarratas á dhéanamh agat air i líne an ábhair.
Struchtúr na Litreach Cumhdaigh
An Leagan Amach
Maidir le: Teideal Poist / Folúntas / Uimh. Thagartha A Ainm an Duine, a chara, An Chéad Alt - AN CHÚIS A BHFUIL TÚ AG SCRÍOBH AGUS AN ÁIT A BHFACA TÚ AN FÓGRA - "...ag fiosrú an bhfuil aon fholúntais agat... mar gheall ar an bhfógra sa..." Ba chóir duit na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt más féidir:
An tAlt deiridh – EOLAS RIARACHÁIN Tar chun críche agus déan athrá ar an spéis atá agat, go bhfuil tú ar fáil le dul faoi agallamh agus déan ráiteas muiníneach chun sméar mhullaigh a chur ar do litir. Mise, le meas (nuair atá ainm agat don té a bhfuil tú ag scríobh chuige/chuici) Mise, le dúthracht duit (nuair nach bhfuil) ____ Síniú, scríofa le láimh________ AINM I MBLOCLITREACHA |
Féach CV samplach (le feiceáil ar an gcampas amháin)
Cé nach molann an tIonad Forbartha Gairmeacha teimpléid a úsáid, tá cáipéis curtha le chéile againn ar iarratas ó na mic léinn agus is féidir le mic léinn í a íoslódáil agus a leasú. Is modúl ríomhfhoghlama é seo freisin chomh maith le huirlis athbhreithnithe AI a bhfuil rochtain ag gach mac léinn air, chomh maith le modúl ar leith ríomhfhoghlama do na mic léinn idirnáisiúnta.
Féach na hacmhainní mac léinn anseo.
Tabhair faoi deara nach féidir na samplaí seo a rochtain ach in Ollscoil na Gaillimhe amháin, ní mór duit a bheith logáilte isteach i do chuntas Office365 chun rochtain a fháil ar na hacmhainní seo.