Stiúrthóir Seirbhísí do Mhic Léinn

Ceapadh John Hannon ina Stiúrthóir Seirbhísí do Mhic Léinn i mí Aibreáin 2015. Is é an ról atá ag an Stiúrthóir ceannaireacht a thabhairt i dtaca le feidhmeanna seirbhísí do mhic léinn a chomhtháthú agus tacaíocht neamhacadúil chuimsitheach agus d’ardchaighdeán mar aon le seirbhísí folláine a chur ar fáil do mhic léinn. Oibríonn an Stiúrthóir leis an Leas-Uachtarán d’Eispéireas na Mac Léinn chun a chinntiú go bhfuil comhpháirtíochtaí oibre cuí i bhfeidhm le comhghleacaithe, mic léinn agus páirtithe leasmhara seachtracha, atá ag teacht le mianta straitéiseacha na hOllscoile i leith tacaíocht do mhic léinn agus folláine, agus eispéireas na mac léinn a bhaint amach go héifeachtach.

Seo a leanas na haonaid a thagann faoi scáth Sheirbhísí do Mhic Léinn: an tIonad Rochtana, Lóistín agus Leas, an tIonad Forbartha Gairmeacha, an tSéiplíneacht, Seirbhís Comhairleoireachta na Mac Léinn agus Oifig na gCumann. Spóirt, Aonad Sláinte na Mac Léinn agus Naíolann na hOllscoile.

Tá John ag obair san ardoideachas le breis agus fiche bliain, i róil mar theagascóir, léachtóir, comhairleoir gairme agus mar Cheann ar an Ionad Forbartha Gairmeacha. Is an Rúnaí Oinigh é do Chónaidhm Seirbhísí do Mhic Léinn in Éirinn.

Bhí John ina mhac léinn in Ollscoil na Gaillimhe (BA agus HDE), in COBÁC (DCG) agus in Ollscoil Warwick (MA CEIGHE).